Ionadaíocht in Éirinn

Tionchar bhallraíocht an Aontais Eorpaigh ar Éirinn

Breis agus leathchuid den daonra atá in Éirinn faoi láthair, ní raibh siad ar an saol nuair a chaith an náisiún vóta i bhfabhar dul isteach sa Chomhphobal Eacnamaíoch Eorpach (CEE) siar i 1972.

Gan aon amhras, ba í sin an chéim ba mhó a ghlac an tír ó bhain sí neamhspleáchas amach mar náisiún ach níl formhór an phobail aosta go leor le cuimhneamh ar an gcineál saoil a bhí ann in Éirinn sular ghlacamar le ballraíocht sa Chomhphobal.

Le dhá scór bliain anuas, chuidigh ballraíocht san Aontas Eorpach feabhas a chur ar bheagnach gach uile ghné de shaol na hÉireann – ár modhanna oibre, taistil agus siopadóireachta, cáilíocht ár gcomhshaoil, ár ndeiseanna foghlama agus an tslí a gceannaíonn agus a ndíolann lucht gnó a gcuid earraí agus seirbhísí.

Faoin am seo, déantar talamh slán de na hathruithe sin de thairbhe iad a bheith ina ndlúthchuid den ghnáthshaol atá againn inniu agus is mór an gar sin.

Fiú agus neamhspleáchas bainte amach againn don tír i bhfad sular ghlacamar le ballraíocht san Aontas Eorpach, i 1973 bhí Éire fós i dtuilleamaí na Ríochta Aontaithe ó thaobh geilleagair de agus bhí obair aici teacht i méadaíocht sa chomhphobal idirnáisiúnta.

Ní hamhlaidh atá a thuilleadh as siocair go bhfuil earraí á n-easpórtáil as Éirinn go tíortha ar fud an domhain agus go bhfuil tionchar anois aici ar imeachtaí domhanda toisc gur ball den Aontas Eorpach í.

Amharcaimis ar chuid de na dóigheanna ar chuidigh beartais, reachtaíocht agus maoiniú an Aontais Eorpaigh feabhas a chur ar shaol mhuintir na hÉireann.

 

Geilleagar agus Fostaíocht

  • /ireland/file/impact-economy-and-jobsjpg-1_gaimpact-economy-and-jobs.jpg

    Beirt fhear ag croitheadh lámh
    De bharr Éire a bheith ina ball den Aontas Eorpach, éascaíodh go mór an t-athrú ó gheilleagar traidisiúnta, bunaithe ar an talmhaíocht, go geilleagar nua-aimseartha atá dírithe go mór ar thionscail ardteicneolaíochta agus ar easpórtálacha domhanda.
  • Ó chuaigh Éire isteach san Aontas Eorpach, is 'glanfhaighteoir' í de mhaoiniú ó chistí Eorpacha agus sin mar a bheidh go fóill fad agus a bheidh an plean airgeadais de chuid an Aontais atá ann faoi láthair, an Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2014-2020 (MFF), i bhfeidhm. Go bunúsach, ciallaíonn sin gur mó a fhaighimid amach as cistí an Aontais ná mar a chuirimid isteach iontu.
  • De réir fhigiúirí an Choimisiúin Eorpaigh tá glanghnóthachan €44.6 billiún faighte ag Éirinn ón Aontas ó bhí 1976 ann.
  • Is trí infheistíocht a dhéanamh i bhfás agus i bhfostaíocht le tionscnaimh ar nós na scéime Ráthaíocht don Aos Óg, scéim ar fiú na billiúin euro í, a bhfuil sé d'aidhm léi dul i ngleic le dífhostaíocht i measc daoine óga, a dhíríonn an tAontas Eorpach isteach ar dhul chun cinn eacnamaíoch.
  • Is geilleagar beag oscailte é geilleagar na hÉireann agus tá sé ag brath go mór ar easpórtálacha. Toisc gur cuid de Mhargadh Aonair an Aontais sinn, is fusa trádáil a dhéanamh ar mhargaí Eorpacha agus idirnáisiúnta araon.
  • As siocair go bhfuil geilleagar oscailte againn táimid leochaileach ó thaobh imeachtaí domhanda freisin, mar a bhí in 2008 le linn na géarchéime airgeadais. Mar sin féin, mar gheall  ar fhreagairt na hEorpa ar an ngéarchéim sin agus toisc gur ball den Aontas Eorpach agus den limistéar euro sinn, is fearr an chosaint a bheidh againn in aghaidh suaitheadh airgeadais as seo amach.
  • Ní ábhar buartha é rátaí malairte airgeadra a bhíonn de shíor ag athrú do ghnólachtaí Éireannacha i mbun easpórtála chuig tíortha eile an limistéir Euro mar gurb é an Euro ár n-airgeadra féin.
  • Is é an clár cúnaimh airgeadais de chuid an Aontais Eorpaigh agus an Chiste Idirnáisiúnta Airgeadaíochta a chuidigh le hÉirinn teacht aniar ón ngéarchéim airgeadais. Mhair an clár sin trí bliana ó 2010 go 2013. Bhí rath ar an gclár sin agus in 2014, go díreach tar éis dó teacht chun críche, is in Éirinn a bhí an geilleagar is tapúla fás san Aontas.
  • De bharr Éire a bheith ina ball den Aontas, bhí sí in ann na billiúin euro a mhealladh isteach sa tír le hinfheistíocht dhíreach ón gcoigríoch, rud a chruthaigh cuid mhór post d'Éireannaigh.
  • A bhuí le comhaontuithe idirnáisiúnta trádála an Aontais tá sé níos éasca agus níos saoire ag easpórtálaithe na hÉireann freisin a n-earraí a dhíol ar mhargaí domhanda brabúsacha, mar shampla an Chóiré Theas, an Afraic Theas agus Meiriceá Láir. Tá comhaontú trádála nua faoi chaibidil san am atá i láthair le SAM, comhaontú a d'fhéadfadh méadú 1.1%, nó €2 billiún, a chur le hOlltáirgeacht Intíre na hÉireann. As siocair gur náisiún beag í Éire, rachadh sé crua uirthi a leithéid de chomhaontú a shocrú taobh amuigh de struchtúr an Aontais Eorpaigh.
  • Ina cáil mar bhallstát den Aontas, tá Éire ina cuid de cheann de na limistéir eacnamaíocha is láidre ar domhan. Tá 7.3% de dhaonra an domhain san Aontas ach tá 23% d'Olltáirge Intíre ainmniúil an domhain ann.
  • Tá Éire ag baint leas as an bPlean Infheistíochta don Eoraip arb é is aidhm dó €315 billiún ar a laghad a chur ar fáil do thionscadail infheistíochta. Bhí tionscadal mór chun 14 ionad cúram sláinte príomhúil a thógáil ar fud na tíre ar na tionscadail is túisce a bhfuarthas cead dul ar aghaidh leis.
  • Toisc gur saoránaigh den Aontas sinn is féidir le muintir na hÉireann, dul chun cónaithe nó ag obair in aon Bhallstát eile, rud a fhágann go bhfuil go leor deiseanna agus roghanna fostaíochta ann d'oibrithe na hÉireann. Caitear go cothrom le saoránaigh na hÉireann agus iad ag teacht ar obair i dtíortha eile an Aontais Eorpaigh nó i dtaca le dálaí oibre agus le gach leas sóisialta nó cánach eile.
  • Tá feabhas curtha ar chearta oibrithe le rialacháin de chuid an Aontais Eorpaigh ina bhfuil bearta maidir le huaireanta oibre, dálaí oibre agus conarthaí a fheabhsú.
  • Is féidir le hiarrthóirí poist as Éirinn CV a uaslódáil go Europass,chun inniúlachtaí agus cáilíochtaí a chur in iúl go héasca san Eoraip nuair a chuirtear isteach ar chláir oideachais nó oiliúna nó ar mhaithe le hobair a fháil i mBallstát eile. Leis an suíomh gréasáin EURES is fusa fostaíocht a chuardach i dtír Eorpach eile.
  • Is le reachtaíocht Eorpach maidir le cothroime san ionad oibre a chinnteofar go mbeidh fir agus mná na hÉireann i dteideal an phá chéanna as an obair chéanna a dhéanamh. Lena chois sin tá cosaint dlí acu i dtaca leis an dóigh a gcaitear leo san ionad oibre agus tá mná i dteideal saoire máithreachais freisin. A bhuí le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh, is féidir le tuilleadh ban teacht ar mhargadh an tsaothair, reachtaíocht arb í ba chúis le deireadh a chur leis an gcosc ar mhná pósta bheith ag obair i bpoist sa tseirbhís phoiblí i 1973.
     

Oideachas agus Oiliúint

  • /ireland/file/impact-educationjpg-0_gaimpact-education.jpg

    Páiste ina shuí os comhair léarscáil na hEorpa
    Chuidigh maoiniú ón Aontas le feabhas a chur ar chaighdeáin oideachais in Éirinn agus le deiseanna maithe staidéir a chruthú trí Erasmus+, clár an Aontais um staidéar agus obair thar lear.
  • Is é an Ciste Sóisialta Eorpach ionstraim airgeadais an Aontais chun infheistíocht a dhéanamh i ndaoine, agus leis an ionstraim sin tá €610 billiún á dtabhairt as buiséad an Aontais don chlár Éireannach €1.15 billiún le haghaidh Infhostaitheachta, Ionchuimsithe agus Foghlama, (PEIL) clár a thiocfaidh chun deiridh in 2020.
  • Ó tháinig Éire isteach san Aontas tá infheistíocht breis agus €6.5 billiún faighte ag gníomhaireachtaí agus comhlachtaí Stáit Éireannacha ón gCiste Sóisialta Eorpach.
  • Leis an Ráthaíocht don Aos Óg,tionscnamh de chuid an Aontais, tá poist, oideachas agus oiliúint á gcur ar fáil do dhaoine óga faoi bhun 25 bliain d'aois san Eoraip. Gheobhaidh Éire €68 milliún faoin tionscnamh sin chun cur le fostaíocht, cuimsiú sóisialta agus inniúlachtaí daoine óga.
  • Maidir le saoránaigh na hÉireann a thograíonn tréimhse staidéir a dhéanamh thar lear, aithneofar a gcáilíochtaí Éireannacha ar fud an Aontais feasta faoin gCreat Eorpach um Cháilíochtaí.
  • I 1973 nuair a tháinig Éire isteach san Aontas, níor bhain ach 27,135 mhac léinn Éireannacha oideachas tríú leibhéal amach. Faoi 2015 tháinig méadú ar an bhfigiúr sin go dtí 173,649.
  • Tá páirt glactha ag thart ar 50,000 mac léinn Éireannach in Erasmus+ ó bhí 1987 ann. De réir suirbhé a rinne an tÚdarás um Ard-Oideachas in 2016 spreagann mic léinn Erasmus+ a thagann go hÉirinn chun staidéar agus obair a dhéanamh, spreagann siad 25,000 cuairteoir eile, rud a chuireann €14 mhilliún leis an ngeilleagar Éireannach.
  • De réir staidéar a rinneadh ar thionchar Erasmus tá páirtí de bhunadh tíre eile ag trian de mhic léinn Erasmus, i gcomparáid le 13% de na mic léinn a fhanann sa bhaile le linn a dtréimhse staidéir. San iomlán casann 27% de mhic léinn Erasmus ar a bpáirtí fadtéarmach le linn dóibh bheith ar scéim Erasmus. Measann an Coimisiún Eorpach gur tháinig isteach agus amach le milliún leanbh ar an saol ag lánúin de chuid Erasmus ó bhí 1987 ann.
  • Tá maoiniú €170 milliún curtha ar fáil le aghaidh Erasmus+ d'Éirinn don tréimhse 2014-2020. Cuirfear breis agus 77% den mhaoiniú sin ar fáil don oideachas agus don oiliúint agus tabharfar 10% eile do na daoine óga.

An talmhaíocht

  • /ireland/file/impact-eu-membership-farmerjpg-0_gaimpact-eu-membership-farmer.jpg

    Feirmeoir agus a thréad
    Is le Plean Creata Airgeadais Ilbhliantúil an Aontais den chuid is mó a mhaoinítear an Comhbheartas Talmhaíochta (CBT). Tugann sé tacaíocht d'fheirmeoirí Éireannacha agus d'fhorbairt pobail tuaithe na tíre trí infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail a chuireann feabhas ar dhálaí maireachtála faoin tuath agus cuidíonn sé le gnólachtaí faoin tuath bheith níos iomaíche.
  • Is faoin gComhbheartas Talmhaíochta a fhaigheann feirmeoirí Éireannacha íocaíochtaí díreacha. Tá sé d'aidhm leis an maoiniú sin ioncam feirmeoirí a chosaint agus tacaíocht a thabhairt dó.
  • Is iad na feirmeoirí sin amháin atá gníomhach san earnáil a gheobhaidh maoiniú ó scéimeanna tacaíochta ioncaim agus moltar go mór d'fheirmeoirí óga gnó a bhunú tríd an gComhbheartas Talmhaíochta.
  • Faoi láthair, faigheann feirmeoirí na hÉireann maoiniú €1.2 billiún ón Aontas in aghaidh na bliana tríd an gComhbheartas Talmhaíochta agus ó bhí 2007 ann tá €10.5 billiún faighte ag feirmeoirí na hÉireann.
  • Sa tréimhse ó 2014 go 2020, infheisteoidh an Comhbheartas Talmhaíochta €10.7 billiún in earnáil feirmeoireachta agus i gceantair tuaithe na hÉireann, agus cuirfidh rialtas na hÉireann maoiniú breise leis sin.
  • Sa Chomhbheartas Talmhaíochta tá bearta cosanta comhshaoil ina bhfuil tionscnamh ar a dtugtar 'glasú' a spreagann feirmeoirí chun úsáid a bhaint as cleachtais talmhaíochta atá ar leas na haeráide agus an éiceachórais.
  • Is é a chiallaíonn sé d'Éirinn bheith páirteach i CBT go mbaineann Éire, ina cáil mar easpórtálaí glan, leas mór as an deis tráchtearraí talmhaíochta a thrádáil ar mhargaí an Aontais, margaí ar a bhfaightear praghsanna níos fearr ná ar na margaí domhanda de ghnáth.
  • Idir 2007 agus 2013, tugadh €5 778 billiún ó chláir forbartha tuaithe CBT do cheantair thuaithe faoi mhíbhuntáiste in Éirinn. Fuair na cláir sin maoiniú €2.339 billiún é as an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT).
  • Tá buiséad beagnach €4 billiún ag Clár Forbartha Tuaithe na hÉireann (CFT) 2014-2020, clár atá á chómhaoiniú ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus ag an Státchiste náisiúnta.
  • I 1973 bhí geilleagar na hÉireann go mór i dtuilleamaí talmhaíochta, agus bhí beagnach an ceathrú chuid den lucht saothair (24%) fostaithe san earnáil sin. Faoi láthair, is cuid ríthábhachtach den gheilleagar an tionscal agraibhia agus tá 8.4% den lucht saothair ag obair ann. Mar sin féin, chuidigh ballraíocht san Aontas le hÉirinn tionscail eile a fhorbairt, mar atá an tionscal seirbhísí, tionscal na cógaisíochta agus Teicneolaíocht na Faisnéise agus na Cumarsáide (TFC) agus tá geilleagar níos ilghneithí agus níos láidre againn dá bharr sin.
  • Is ar mhargaí Eorpacha a dhíoltar an chuid is mó d'easpórtálacha mairteola na hÉireann agus díoltar beagnach dhá thrian den mhéid sin in earnáil na dtáirgí ardchaighdeáin i ngnáthionaid mhiondíola, in earnáil na seirbhíse bia ardchaighdeáin agus sna hearnálacha miondíola nó mearsheirbhíse.
  • Cuidíonn CBT freisin a chinntiú go mbíonn bia sábháilte folláin ag tomhaltóirí. Tá rialacha diana ag an Aontas Eorpach maidir le sábháilteacht bhia an duine agus bia ainmhithe agus is féidir le tomhaltóirí a fháil amach go héasca cén áit as a dtagann an bia a cheannaíonn siad agus cé na comhábhair atá ann.
  • Tá bearta i CBT lena spreagtar an fheirmeoireacht inbhuanaithe agus lena gcosnófar an talamh do na glúine atá le teacht rud a chuidíonn le cosaint an chomhshaoil chomh maith.
  • Chun cothromaíocht shlabhra an tsoláthair bia in Éirinn a fheabhsú, tugann an tAontas Eorpach (trí Eagraíochtaí Táirgeoirí mar shampla) cúnamh d'fheirmeoirí iad féin a eagrú ar dhóigh níos fearr agus a gcuid táirgí a mhargú ar dhóigh níos éifeachtúla.
  • Tugann rialacha an Aontais Eorpaigh ráthaíocht freisin go bhfuil táirgí ó fheirmeoireacht orgánach ina bhfíortháirgí orgánacha, agus tugann CBT spreagadh d'fheirmeoirí dul leis an bhfeirmeoireacht orgánach agus tugtar dreasachtaí dóibh cáilíocht a gcuid táirgí a fheabhsú.
  • comhaontú comhpháirtíochta ag an gCoimisiún Eorpach a le hÉirinn rachaidh chun tairbhe d'fheirmeoirí Éireannacha agus do phobail tuaithe. Faoin gcomhaontú sin, tá maoiniú struchtúrach agus infheistíocht €3.357 billiún á bhfáil ag Éirinn ón Aontas Eorpach idir 2014 agus 2020.
  • De réir suirbhé de chuid Eorabharaiméadair, a foilsíodh in Eanáir 2016, aontaíonn 69% de mhuintir na hÉireann go gcomhlíonann an tAontas an ról atá aige caighdeán maireachtála cothrom a chinntiú d'fheirmeoirí agus a chinntiú go bhfuil táirgí talmhaíochta na hÉireann sláintiúil sábháilte agus ardchaighdeáin.

 

An Comhshaol

  • /ireland/file/impact-environmentjpg-0_gaimpact-environment.jpg

    Cruinneog i lámha daoine agus an Eoraip le feiceáil chun tosaigh
    De thairbhe gur ball den Aontas Eorpach í Éire, is féidir léi gníomhú i gcomhar le Ballstáit eile chun dul i ngleic le dúshláin chomhshaoil ar nós an athraithe aeráide.
  • Tá beartais agus bearta á bhforbairt ag Aontas Fuinnimh an Aontais Eorpaigh chun Éire agus an chuid eile den Eoraip a chosaint ar na bagairtí atá ann mar gheall ar an athrú aeráide agus truailliú.
  • D'fhág rialacha an Aontais Eorpaigh go raibh ar Éirinn gníomhú ar thruailliú uisce, diúscairt dramhaíola, cáilíocht an aeir, astaíochtaí fuinnimh agus caomhnú na ngnáthóg nádúrtha.
  • Ní sceitear camras amh isteach i Muir Éireann a thuilleadh a bhuí le rialacha An Aontais agus tá beathra na mara feadh chóstaí na hÉireann ag baint tairbhe as uisce farraige agus tránna atá níos glaine.
  • D'iarr an Coimisiún Eorpach ar Éirinn feabhas a chur ar an gcaoi a mbailítear agus a mbainistítear dramhuisce in 38 gceirtleán ar fud na tíre mar a éilítear faoi dhlí an Aontais. Mura ndéana Éire beart, b'fhéidir go gcuirfí an cás faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais.
  • Tá portaigh ardaithe i gCo Uíbh Fhailí, i gCo Ros Comáin, i gCo na Gaillimhe, i gCo an Chabháin, i gCo na Mí agus i gCo na hIarmhí agus i bPortach Ard an Chuilinn i gCo an Longfoirt á n-athshlánú faoi chlár ar fiú €5.4 milliún é le tacaíocht ó chiste LIFE an Aontais.
  • Is toradh díreach ar Threoracha ón gCoimisiún Eorpach iad an chuid is mó de dhlíthe na hÉireann a bhaineann le bainistíocht dramhaíola, athchúrsáil, truailliú aeir agus dumpáil ar muir, dlíthe a chuir feabhas ar an gcomhshaoil in Éirinn.
  • Faoin Treoir maidir le hUiscí Snámha ón Aontas, ní mór d'Éirinn monatóireacht a dhéanamh ar uiscí snámha lena chinntiú go bhfuil siad sábháilte do shnámhaithe. Cuireadh caighdeáin nua níos déine i bhfeidhm in 2014.
  • Mar thoradh ar bhreithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ndiaidh don Choimisiún Eorpach cás a thionscain, thug Éire reachtaíocht nua isteach chun sceitheadh fuíolluisce a rialú i gcás na dtithe ar fad nach bhfuil nasctha leis an ngréasán poiblí séarachais. Ciallaíonn sin gur fusa cigireacht a dhéanamh ar ár ndabhacha séarachais agus ar ár gcórais uisce phríobháideacha agus go dtugtar cosaint níos fearr do shláinte an phobail agus don chomhshaol.
  • Thug Éire gealltanas a cuid astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú go dtí 40% faoi bhun leibhéil 1990 faoi 2030 agus faoi bhun idir 80% agus 95% faoi 2050 faoi chomhaontuithe an Aontais Eorpaigh.
  • Cinntíonn Clár Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go gcuirtear aire don chomhshaol agus cosaint ar an athrú aeráide san áireamh ag gach céim de phróiseas cinnteoireachta an Aontais.
  • Infheistíodh na milliúin euro as cistí an Aontais Eorpaigh i gcaomhnú chomhshaol na hÉireann tríd an gclár LIFE. Ó 1992 i leith, tá isteach agus amach le €3.1 billiún tugtha ag an gclár LIFE do chosaint an chomhshaoil ar fud na hEorpa. San iomlán tugadh cómhaoiniú do 57 dtionscadal in Éirinn agus baineann 38 gceann díobh sin le nuálaíocht i réimse an chomhshaoil agus 19 gceann díobh le caomhnú an nádúir. Infheistíodh €124 milliún san iomlán sna tionscadail sin, agus is é an tAontas Eorpach a thug breis agus €54 milliún den mhéid sin.

 

Taisteal

  • /ireland/file/impact-travellingjpg-0_gaimpact-travelling.jpg

    Líon tí ar a mbealach trí aerfort
    Is féidir le saoránaigh na hÉireann taisteal go dtí aon cheann de na Ballstáit agus fanacht ansin chomh fada agus is mian leo agus níl aon víosa de dhíth chuige sin.
  • Ní ábhar buartha iad rátaí malairte airgeadra a thuilleadh nó airgead a athrú nuair a thugtar cuairt ar thíortha ina n-úsáidtear an Euro.
  • Tá sé níos saoire ná riamh taisteal ar fud an domhain a bhuí le dírialú thionscal na n-aerlínte i mBallstáit an Aontais agus le reachtaíocht maidir leis an Aerspás Eorpach Aonair, reachtaíocht a chuireann srian ar chleachtais neamhiomaíocha.
  • Fágann rialacháin an Aontais gur féidir le paisinéirí aerlíne cúiteamh suas le €600 a fháil as eitiltí a bheith mall, curtha ar ceal nó mar gheall ar ró-áirithintí ar eitilt. Má chailltear do chuid bagáiste nó má dhéantar damáiste dó, tá sé de cheart agat aisíocaíocht suas le €1,220 a fháil.
  • Tugadh isteach rialacha nua san Aontas a neartaigh cearta do phaisinéirí atá ag taisteal ar eitleán, ar thraein ar long, agus tháinig rialacháin nua i bhfeidhm le déanaí a chumhdaíonn taisteal ar bhus agus ar chóiste.
  • Mar náisiúnach den Aontas thú, tá tú in ann taisteal faoi shaoirse agus do chat, do mhadra nó d'fhiréad  a thabhairt leat má tá pas peata Eorpach aige.
  • Tá cosaintí láidre ann do thomhaltóirí nuair a bhíonn siad ag ceannach saoirí pacáiste, réadmhaoin amroinnte nó scéimeanna club saoire, ceannach ar líne san áireamh.
  • In 2003, bhunaigh an tAontas Eorpach an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta. Tá eitiltí níos sábháilte dá bhrí sin agus mar gheall ar an méadú ar an gcomhar idir na Ballstáit i dtaca le bainistíocht aerthráchta tá siad níos éifeachtúla freisin.
  • Mar gheall ar rialacháin an Aontais maidir le táillí fánaíochta, tá titim mhór ar chostas úsáide d'fhóin póca agus tú ag taisteal san Aontas. Ní chosnóidh glaonna ach 5c níos mó ná mar a chosnódh siad sa bhaile agus ó mhí an Mheithimh 2017, ní ghearrfar aon táillí fánaíochta ort agus tú ag taisteal san Aontas. Bainfear aon nóiméid, téacsanna agus sonraí a úsáidtear san Aontas Eorpach den phlean atá agat leis an soláthróir baile anseo in Éirinn.
  • Leis an gCárta Eorpach Sláinte is féidir le saoránaigh na hÉireann bunchúram sláinte a fháil agus iad ag taisteal san Aontas Eorpach. Leis an gcárta sin tá tú i dteideal cúram sláinte a fháil tríd an gcóras poiblí i dtíortha an Aontais agus tíortha an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch nó san Eilvéis má éiríonn tú tinn nó má ghortaítear thú agus tú thar lear go sealadach.

 

Tomhaltóirí

  • /ireland/file/impact-eu-membership-shopping-trolley-eurosjpg-0_gaimpact-eu-membership-shopping-trolley-with-euros.jpg

    Tralaí siopadóireachta agus nótaí euro
    A bhuí le Clár Oibre Eorpach do Thomhaltóirí Eorpaigh an Choimisiúin Eorpaigh, tá sé níos sábháilte anois ag saoránaigh na hÉireann earraí agus seirbhísí a cheannach ar fud an Aontais Eorpaigh.
  • Tá sé leagtha síos i rialacha an Aontais go gcaithfear an comhartha comhréireachta ‘CE’ a chur ar a lán catagóirí táirgí. Sin dearbhú ó mhonaróir an táirge gur seiceáladh é de réir bhunchritéir sábháilteachta an Aontais agus go gcomhlíonann sé na ceanglais ábhartha uile. Is minic a chuirtear síneadh le rialacha slándála táirgí nó a dhéantar mionathrú orthu chun táirgí nua a chlúdach.
  • Ó 2005 i leith, cuireadh cosc san Aontas ar fhógraíocht mhíthreorach agus ar chleachtais éagóracha trádála, m.sh. teicnící ionsaitheacha díola. Is é a chiallaíonn sin go bhfuil cosc ar chostais fholaithe, ar chleasa, ar éilimh bhréagacha, ar eolas míthreorach agus ar fhógraíocht atá dírithe ar leanaí.
  • Is furasta do thomhaltóirí Éireannacha a fháil amach an áit as ar tháinig a gcuid bia agus cé na comhábhair atá istigh ann freisin. Agus rialacha nua ag teacht i bhfeidhm de réir a chéile ón 13 Nollaig 2014 amach, ní mór faisnéis a áireamh ar lipéid gach táirge bia amhail faisnéis faoi chothú i gcás bia próiseáilte agus mionsonraí faoin áit as ar tháinig feoil neamhphróiseáilte ó mhuca, caoraigh, gabhair agus éanlaith chlóis. Lena chois sin, ní mór aird a tharraingt ar ailléirginí amhail cnónna nó bainne ar liosta na gcomhábhar ar an lipéad agus ní mór an lipéad a bheith soléite. Beidh feidhm ag an oibleagáid maidir le faisnéis faoi chothú a thabhairt ó mhí na Nollag 2016 amach.
  • Ní mór táirgí cosmaideacha a dhíoltar san Aontas Eorpach a chur faoi mheasúnú sábháilteachta saineolaíoch sula gcuirfear ar an margadh iad. Tá cosc curtha ag reachtaíocht an Aontais freisin ar thástáil chun críoch cosmaideach.
  • Sular tháinig Éire isteach san Aontas Eorpach, bhí ar ghnólachtaí agus ar thomhaltóirí Éireannacha fanacht ar feadh míonna sular cuireadh líne theileafóin isteach. Chuidigh an tAontas Eorpach le léirscaoileadh an mhargaidh cumarsáide, rud a fhágann go bhfuil rogha níos fearr againn sa lá atá inniu ann de sholáthraithe seirbhísí idirlín agus teileachumarsáide.
  • Déanann an líonra forfheidhmiúcháin Eorpach seiceálacha córasacha i mBallstáit éagsúla ag an am céanna chun imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe ar dhlí cosanta an tomhaltóra, go háirithe i dtaca le díoltóirí ar líne.
  • Tá táirgí a dhíoltar san Aontas faoi réir diancheanglais sábháilteachta. Le Córas Mear-rabhaidh an Aontais maidir le táirgí neamhbhia contúirteacha (RAPEX), is féidir earraí contúirteacha a bhaint den mhargadh go tapa.
  • Faoi dhlí an Aontais Eorpaigh, tá cearta ag tomhaltóirí Éireannacha nuair a bhíonn siad ag siopadóireacht in aon Bhallstát nó má cheannaíonn siad earraí as Ballstát eile. San áireamh tá an ceart go ndeiseofaí earraí lochtacha nó go bhfaighfí cinn úra ina n-ionad; an ceart earraí a cheannaítear ar líne a chur ar ais faoi cheann 14 lá ó uair a gceannaithe; agus an ceart comhairle chuiditheach a fháil in Éirinn má tá agóid ann le trádálaí ó thír eile de chuid an Aontais.
  • Ardán Réitigh Díospóidí ar Líne curtha ar fáil ar fud an Aontais do thomhaltóirí le go mbeidh ionad amháin teagmhála ar fáil dóibh le díospóidí faoi cheannacháin ar líne a réiteach ó thús deireadh.
  • Le rialacha nua atá á moladh ag an gCoimisiún Eorpach beidh sé níos fusa do na húdaráis cearta tomhaltóirí maidir le ríomhthráchtáil a fhorghníomhú. Soiléireoidh na rialacha sin na rialacha a bhaineann le cleachtais éagóracha ar líne.

 

Taighde agus Nuáil

  • /ireland/file/research-innovation-1jpg-0_garesearch-innovation-1.jpg

    Íomhá le taighde agus nuálaíocht a chur chun cinn
    Tá Éire ar cheann de na náisiúin is nuálaíche san Eoraip anois, de thairbhe gur ball den Aontas Eorpach í. Mheall sí na billiúin euro in infheistíocht dhíreach ón gcoigríoch ó ghnólachtaí in earnálacha ardteicneolaíochta, mar shampla, Teicneolaíocht na Faisnéise agus na Cumarsáide, tionscal na Cógaisíochta, na Meáin Dhigiteacha agus na Meáin Shóisialta.
  • Tá sochar bainte ag na mílte tionscadal Éireannach as na céadta milliún euro a fuarthas mar mhaoiniú ón gComhairle Eorpach um Thaighde. Tá na deontais sin ar fáil do thaighdeoirí as náisiún ar bith ar an gcoinníoll go bhfuil siad lonnaithe in institiúid óstach san Eoraip, nó go bhfuil siad toilteanach aistriú chuig ceann acu, agus gur gá dóibh leathchuid dá gcuid ama taighde a chur isteach ann.
  • Tá 58 nduine (20 bean agus 38 bhfear) a fuair deontas ón gComhairle Eorpach um Thaighde á n-óstáil in Éirinn faoi láthair agus is fiú suas le €97 milliún an maoiniú sin ar fad. Is iad Coláiste na Tríonóide, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh na hinstitiúidí is mó a dhéanann taighdeoirí a óstáil.
  • Tá deontais €620 milliún le haghaidh taighde agus forbartha faighte ag Éirinn tríd an Seachtú Creatchlár (FP7) a bhí ag an Aontas Eorpach, clár a tháinig chun críche in 2013.
  • De thairbhe go bhfuil Éire páirteach sa Limistéar Eorpach Taighde (ERA), is féidir léi a cion a dhéanamh don taighde is don fhorbairt dhomhanda.
  • Is iad fiontair bheaga agus mheánmhéide na hÉireann is fearr a dhéanann nuálaíocht san Aontas, de réir Scórchlár Nuálaíochta Réigiúnach an Aontais 2016. Tugtar le fios freisin gur nuálaí 'Láidir' í Éire, an dara catagóir is airde as ceithre cinn.
  • Is féidir le heagraíochtaí Éireannacha €1 billiún ar a laghad a fháil faoin gclár Fís 2020, clár an Aontais Eorpaigh um thaighde, nuálaíocht agus eolaíochta atá ann faoi láthair agus a bhfuil buiséad aige beagnach €80 billiún.
  • Tá maoiniú beagnach €180 milliún faighte ag iarratasóirí as Éirinn do thaighde agus do thionscadail nuálaíochta tríd an gClár Fís 2020 go dtí seo.

 

Sochair eile

  • Chabhraigh ballraíocht san Aontas Eorpach leis an bpróiseas síochána i dTuaisceart Éireann trí infheistíocht a dhéanamh i gcláir thrasteorann agus trí Tascfhórsa Thuaisceart Éireann agus na cláir PEACE a chur ar bun.
  • Gheobhaidh Éire €3.3 billiún de Chistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa idir 2014 agus 2020. Is é sin €729 an duine ar an meán agus díreofar an maoiniú sin ar thionscadail i réimse an Taighde agus na Nuálaíochta, an Gheilleagair Dhigitigh agus an Gheilleagair Ísealcharbóin.
  • Le himeacht na mblianta, chuir an tAontas tacaíocht airgeadais ar fáil do chuid mhór áiseanna turasóireachta in Éirinn, mar shampla an t-ionad léirithe ag Aillte an Mhothair agus an athfhorbairt a rinneadh ar Pháirc Foraoise agus Áineasa Loch Cé.
  • Chuir an tAontas maoiniú ar fáil freisin le haghaidh mórthionscadail infreastruchtúir ar nós cúig mhórbhóthar idirchathrach, M4/M6 ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh agus M9 ó Cill Chuillinn go Port Láirge, Tollán Chalafoirt Bhaile Átha Cliath, M50 agus an DART san áireamh.
  • Tá maoiniú €36 mhilliún ón Aontas ag cuidiú  seirbhís leathanbhanda ardcháilíochta inacmhainne a chur ar fáil faoin tuath ina Éirinn.
  • Chuidigh maoiniú an Aontais an sainchomhartha Teampall Chríost i gCorcaigh a chaomhnú agus é a athshlánú ina ionad beoga don lucht ealaíon. Tá sé ar cheann de na mílte tionscadal a fuair maoiniú ón Aontas.
  • Mar gheallar an mBarántas Gabhála Eorpach (EAW) ní féidir le coirpigh Éireannacha an dlí a sheachaint a thuilleadh trí theitheadh go Ballstát eile den Aontas Eorpach.
  • Thug ballraíocht san Aontas Eorpach cosaint don Ghaeilge. Cuirtear eolas ar an nGaeilge san áireamh chun críocha earcaíochta in institiúidí an Aontais Eorpaigh agus aistrítear na rialacháin ar fad isteach inár dteanga náisiúnta.
  • Ar na tionscadail a fuair tacaíocht airgeadais ón Aontas Eorpach tá ionaid cóireála uisce, oibreacha séarachais, línte iarnróid, seirbhísí bus agus an Luas, córas tramanna Bhaile Átha Cliath.
  • Toisc gur cuid den Aontas sinn bhí tionchar mór aige ar shaol mhuintir na hÉireann ar an leibhéal áitiúil. Cliceáil anseo chun eolas a fháil ar an méid atá déanta ag an Aontas a chuaigh chun ar sochar d'Éirinn.