Ó fhíorthús na caibidlíochta maidir leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, d’aithin an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach araon na cúinsí ar leith ar oileán na hÉireann. D’admhaigh siad freisin an gá atá le Comhaontú Aoine an Chéasta 1998 a chosaint, teorainn chrua ar oileán na hÉireann a sheachaint agus comhar Thuaidh-Theas a chosaint.

Is é an Prótacal maidir le hÉirinn agus Tuaisceart Éireann an réiteach ar thángthas air, agus leis sin:

  • Seachnaítear teorainn chrua idir Éire agus Tuaisceart Éireann, rud lena gcinntítear feidhmiú rianúil an gheilleagair uile-oileáin agus lena dtugtar cosaint do ghnéithe uile Chomhaontú Aoine an Chéasta;
  • cinntítear sláine Mhargadh Aonair an Aontais le haghaidh earraí, mar aon leis na ráthaíochtaí uile a ghabhann leis i dtaca le cosaint tomhaltóirí, cosaint sláinte poiblí agus sláinte ainmhithe, nó an chalaois agus an gháinneáil a chomhrac,

An Prótacal maidir le hÉirinn agus Tuaisceart Éireann, ceapadh é mar réiteach daingean buanseasmhach agus beidh feidhm aige i dteannta le haon chomhaontú maidir leis an gcomhpháirtíocht a bheidh ann amach anseo.

Beidh feidhm ag forálacha substainteacha an Phrótacail ón 1 Eanáir 2021 i leith.

Príomhghnéithe an Phrótacail

  • Ailíniú le rialacha an Aontais: ó dheireadh na hidirthréimhse i leith, beidh Tuaisceart Éireann faoi réir shraith theoranta rialacha de chuid an Aontais maidir leis an Margadh Aonair le haghaidh earraí agus maidir leis an Aontas Custaim. Cód Custaim an Aontais, cuir i gcás, beidh feidhm aige maidir leis na hearraí uile a thiocfaidh isteach i dTuaisceart Éireann nó a fhágfaidh é.
  • Is gá seiceálacha agus rialuithe riachtanacha a dhéanamh ag Pointí Iontrála ar earraí a thugtar isteach i dTuaisceart Éireann ón gcuid eile den Ríocht Aontaithe nó ó aon tríú tír eile. I ngeall air go bhfuil an Ríocht Aontaithe ag feidhmiú i leith Thuaisceart Éireann chun an Prótacal a chur chun feidhme, ciallaíonn sin freisin gur gá di a chinntiú go gcomhlíonfar na rialuithe sláintíochta agus fíteashláintíochta (“SPS”) ábhartha, i measc rudaí eile.
  • Beidh feidhm ag dleachtanna custaim an Aontais maidir le hearraí a thagann isteach i dTuaisceart Éireann ó aon chuid eile den Ríocht Aontaithe nó aon tríú tír eile, ach amháin sa chás nach bhfuil an baol ann go rachaidh na hearraí sin ar aghaidh go dtí an tAontas. Cuimsítear sa Phrótacal an toimhde go bhfuil an baol ann go mbogfar na hearraí uile a thagann isteach i dTuaisceart Éireann ó thríú tír (i.e. ó aon chuid eile den Ríocht Aontaithe nó ó thríú tíortha eile) ar aghaidh go dtí an tAontas. Is féidir a mheas go heisceachtúil nach bhfuil an baol ann go mbogfar na hearraí sin ar aghaidh go dtí an tAontas (i) mura bhfuil na hearraí lena mbaineann faoi réir próiseáil tráchtála i dTuaisceart Éireann agus (ii) má chomhlíonann na hearraí coinníollacha breise le dearbhú nach mbaineann baol leo, faoi mar a leagtar amach sa Chinneadh ón gComhchoiste maidir le “earraí nach bhfuil baol leo”. I gcás ina suitear, bunaithe ar na coinníollacha sin, gur féidir a mheas gur earraí "nach bhfuil baol leo" earraí ó aon chuid eile den Ríocht Aontaithe seachas Tuaisceart Éireann, ní bheidh feidhm ag dleachtanna custaim; agus i gcás ina suitear, bunaithe ar na coinníollacha sin, gur féidir a mheas gur earraí “nach bhfuil baol leo” earraí ó aon tríú tír eile, beidh feidhm ag dleachtanna custaim na Ríochta Aontaithe.
  • Is faoi údaráis na Ríochta Aontaithe, agus iad ag feidhmiú i leith Thuaisceart Éireann (Airteagal 12 (1)), agus fúthu amháin atá sé an Prótacal a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme.
  • Chun a ndualgais a chomhlíonadh de bhun Airteagal 12 den Phrótacal, is gá go mbeidh institiúidí agus eagraíochtaí de chuid an Aontais in ann monatóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an Phrótacail ag údaráis na Ríochta Aontaithe. Mar sin de déantar foráil in Airteagal 12 (2) maidir le ‘láithreacht an Aontais’ le linn aon ghníomhaíochtaí cur chun feidhme de chuid údaráis na Ríochta Aontaithe.
  • Leagtar amach i gCinneadh 6/2020 ón gComhchoiste socruithe oibre praiticiúla a bhfuil sé d’aidhm acu ‘láithreacht an Aontais’ a fheidhmiú go héifeachtach, faoi mar a shuitear in Airteagal 12 den Phrótacal.

Cad é go díreach an sásra um thoiliú?

Déantar foráil sa Phrótacal maidir le hÉirinn agus Tuaisceart Éireann le haghaidh sásra nua um “thoiliú” lena dtugtar ionchur cinntitheach do Thionól Thuaisceart Éireann i gcur i bhfeidhm fadtéarmach dhlí ábhartha an Aontais a rinneadh infheidhme leis an bPrótacal i leith Thuaisceart Éireann. Baineann an sásra um thoiliú sin le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais i dtaca le hearraí agus custaim, an Margadh Leictreachais Aonair, CBL agus Státchabhair, mar a fhoráiltear sa Phrótacal.

Go praiticiúil, ciallaíonn sin go bhféadfaidh an Tionól, ceithre bliana tar éis an Prótacal a chur i bhfeidhm an 1 Eanáir 2021, le tromlach simplí, toiliú le cur i bhfeidhm leantach dhlí ábhartha an Aontais, nó vótáil chun scor den chur i bhfeidhm sin. Sa dara cás sin, scorfaidh an Prótacal d’fheidhm a bheith aige dhá bhliain ina dhiaidh sin.

Gach ceithre bliana ina dhiaidh sin féadfaidh an Tionól vótáil ar leanúint de chur i bhfeidhm dhlí ábhartha an Aontais. Más le tacaíocht thrasphobail a vótálann an Tionól chun leanúint de chur i bhfeidhm dhlí ábhartha an Aontais, ní bheidh an chéad vóta eile ann go ceann ocht mbliana ina dhiaidh sin. 

Tuilleadh eolais