|
‘Ní mór daoine a bheith ag croílár ár mbeartais go léir. Is é mo mhian, dá bhrí sin, go gcuirfidh gach Eorpach go gníomhach leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus go mbeidh ról ceannasach acu maidir le tosaíochtaí an Aontais a leagan síos. Is i gcomhar le chéile amháin a chruthófar Aontas na todhchaí.’ |
Is cuid den ghealltanas atá tugtha ag an Uachtarán von der Leyen go mbeidh tionchar níos mó ag muintir na hEorpa ar a ndéanann an tAontas Eorpach agus ar an gcaoi a n-oibríonn sé dóibh. Féadfaidh gach duine san Eoraip, cibé cé iad féin agus cibé áit a bhfuil siad, páirt a ghlacadh ann.
Tá sé d’aidhm ag an gComhdháil ár n-éagsúlacht a léiriú agus an Eoraip atá lasmuigh de na príomhchathracha a chur i lár an aonaigh freisin. Is mian linn go mbeidh gach cearn den Aontas Eorpach páirteach agus go neartófar an nasc idir muintir na hEorpa agus na hinstitiúidí a fhreastalaíonn orthu. Déantar é sin tríd an iliomad comhdhálacha agus díospóireachtaí a eagrú ar fud an Aontais, chomh maith le trí ardán digiteach ilteangach idirghníomhach. Spreagtar daoine óga go háirithe chun bheith páirteach ann agus a gcuid smaointe a roinnt. Údaráis Eorpacha, náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, chomh maith leis an tsochaí shibhialta agus eagraíochtaí eile, féadfaidh siad imeachtaí a eagrú freisin, ar imeachtaí iad ina mbeidh an líon is mó daoine is féidir páirteach iontu.
Ceisteanna coitianta faoin ardán digiteach le haghaidh na comhdhála
Tvuíteanna ón gCoimisiún Eorpach
