Ghlac an Coimisiún sraith tograí chun go mbeidh beartais aeráide, fuinnimh, iompair agus chánach an Aontais oiriúnach chun glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55% ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990. Tuilleadh eolais maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip a chur i gcrích.
Príomhphointe

Tograí ceannródaíochta chun nádúr na hEorpa a athbhunú faoi 2050 agus úsáid lotnaidicídí a laghdú faoina leath faoi 2030
22 Meitheamh – Tá sé molta ag an gCoimisiún éiceachórais dá ndearnadh damáiste a athbhunú agus an dúlra a thabhairt ar ais ar fud na hEorpa, ó thalamh talmhaíochta agus an fharraige, go foraoisí agus timpeallachtaí uirbeacha. Mhol an Coimisiún freisin úsáid lotnaidicídí ceimiceacha a laghdú, mar aon leis an mbaol a bhaineann leo 50% faoi 2030. Is tograí reachtacha suaitheanta iad chun comhlánú a dhéanamh ar an Straitéis Bhithéagsúlachta agus an Straitéis ‘ón bhFeirm go dtí an Forc’, sin agus le cuidiú chun athléimneacht agus slándáil an tsoláthair bhia a chinntiú san Aontas agus ar fud an domhain.
Buntáistí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip
Cuirfidh an Comhaontú Glas don Eoraip feabhas ar fholláine agus ar shláinte na saoránach agus na nglúnta atá le teacht trí na rudaí seo a leanas a sholáthar:
- aer úr, uisce glan, ithir agus bithéagsúlacht shláintiúil
-
foirgnimh athchóirithe atá tíosach ar fhuinneamh
-
bia sláintiúil inacmhainne
-
níos mó iompar poiblí
-
fuinneamh níos glaine agus nuálaíocht theicneolaíoch atá ceannródaíoch glan
-
táirgí níos fadtréimhsí is féidir a dheisiú, a athchúrsáil agus a athúsáid
-
poist a sheasfaidh an aimsir agus oiliúint i scileanna ar mhaithe leis an aistriú
-
tionscal athléimneach atá iomaíoch go domhanda
Bearta
Glac páirt
Is féidir leat difear a dhéanamh trí pháirt a ghlacadh sa Chomhshocrú Aeráide Eorpach, ar tionscnamh é lena gcuidítear le pobail bearta a chomhroinnt agus a chur i bhfeidhm chun an t-athrú aeráide a chomhrac, sin nó páirt a ghlacadh sa Bauhaus Nua Eorpach, ar tionscnamh é lena gcuirtear gné chultúrtha chruthaitheach leis an gComhaontú Glas don Eoraip.
Amlíne
- 5 Aibreán 2022
Tograí chun nuachóiriú a dhéanamh ar rialacha an Aontais maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha chun tionscal na n-earraí troma a stiúradh go fadtéarmach san aistriú glas
- 30 Márta 2022
Tograí chun gur táirgí inbhuanaithe an gnás san Aontas, chun borradh a chur faoi shamhlacha gnó ciorclacha agus chun tomhaltóirí a chumhachtú don aistriú glas
- 23 Márta 2022
Roghanna chun praghsanna arda fuinnimh a mhaolú le ceannacháin gáis choiteanna agus oibleagáidí stórála gáis íosta
- 8 Márta 2022
REPowerEU: Gníomhaíocht chomhpháirteach Eorpach le haghaidh fuinneamh a bheidh níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe
- 15 Nollaig 2021
Togra maidir le creat nua de chuid an Aontais chun margaí gáis a dhícharbónú, hidrigin a chur chun cinn agus astaíochtaí meatáin a laghdú
- 15 Nollaig 2021
Tograí ón gCoimisiún maidir le carbón a bhaint, a athchúrsáil agus a stóráil ar bhealach inbhuanaithe
- 14 Nollaig 2021
Tograí nua a dhíríonn ar éifeachtúlacht níos fearr agus ar thaisteal níos inbhuanaithe
- 17 Samhain 2021
- 15 Meán Fómhair 2021
- 14 Iúil 2021
- 17 Bealtaine 2021
- 12 Bealtaine 2021
- 25 Márta 2021
- 24 Feabhra 2021
- 18 Eanáir 2021
- 10 Nollaig 2020
- 9 Nollaig 2020
- 19 Samhain 2020
- 14 Deireadh Fómhair 2020
- 17 Meán Fómhair 2020
Cuireadh An Plean um Sprioc Aeráide 2030 i láthair
- 8 Iúil 2020
Glacadh straitéisí an Aontais um chomhtháthú córas fuinnimh agus um hidrigin chun an bealach a réiteach d’earnáil fuinnimh atá idirnasctha, níos éifeachtúla agus dícharbónaithe go hiomlán
- 20 Bealtaine 2020
- Cuireadh Straitéis Bhithéagsúlachta an AE 2030 i láthair le hacmhainní laga an phláinéid a chosaint
- Cuireadh an straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc” i láthair chun na córais bhia a dhéanamh níos inbhuanaithe
- 11 Márta 2020
Moladh Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach, a dhíríonn ar úsáid acmhainní inbhuanaithe
- 10 Márta 2020
Glacadh an Straitéis Thionsclaíoch Eorpach, plean le haghaidh geilleagar atá oiriúnach don todhchaí
- 4 Márta 2020
- Togra le haghaidh dlí Eorpach maidir leis an aeráid lena chinntiú go mbeidh an tAontas Eorpach neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050
- Leis an gcomhairliúchán poiblí (ar oscailt go dtí an 17 Meitheamh 2020) ar an gComhaontú Aeráide don Eoraip, tabharfar réigiúin, pobail áitiúla, an tsochaí shibhialta, gnólachtaí agus scoileanna le chéile
- 14 Eanáir 2020
Cuireadh Plean Infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus an Sásra um Aistriú Cóir i láthair
- 11 Nollaig 2019
Cuireadh an Comhaontú Glas don Eoraip i láthair