Ár ngeilleagar agus ár sochaithe a athrú ó bhonn

An Comhaontú Glas don Eoraip, sin é an treoirphlean le haghaidh an athraithe mhóir saoil atá ag tarlú.

Gheall na 27 mBallstát go mbeidh an tAontas ar an gcéad mhór-roinn aeráidneodrach ar domhan faoi 2050. Chuige sin, tá a ngealltanas tugtha acu go mbeidh laghdú astaíochtaí 55% ar a laghad ann faoi 2030, le hais leibhéil 1990.

Leis sin cruthófar deiseanna nua i réimsí na nuálaíochta, na hinfheistíochta agus na fostaíochta, sin agus:

  • electric car laghdófar astaíochtaí
  • worker cruthófar poist agus fás
  • House tabharfar aghaidh ar an mbochtaineacht fuinnimh
  • wind farm laghdófar an spleáchas ar fhuinneamh seachtrach
  • runner feabhsófar ár sláinte agus ár bhfolláine

Ag an am céanna, cinnteofar go mbeidh deiseanna ag cách, tacófar le saoránaigh leochaileacha trí dhul i ngleic leis an neamhionannas agus leis an mbochtaineacht fuinnimh, agus neartófar iomaíochas chuideachtaí na hEorpa.

Iompar inbhuanaithe do chách

transport

Na spriocanna atá á moladh ag an gCoimisiún Eorpach i leith laghdú na n-astaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin agus veaineanna nua, beidh uaillmhian iontu nach raibh sna seanspriocanna.

  • 55 % laghdú 55 % ar astaíochtaí ó ghluaisteáin faoi 2030
  • 50 %laghdú 50% ar astaíochtaí ó veaineanna faoi 2030
  • 0 gan aon astaíochtaí ó ghluaisteáin nua faoi 2035

Ina theannta sin, tacaíonn an Coimisiún leis an bhfás i margadh na bhfeithiclí lena mbaineann astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle. Féachann sé go mór mór lena chinntiú go mbíonn an bonneagar is gá ar láimh ag an saoránach ionas gur féidir leis na feithiclí sin a luchtú, bíodh sin le haghaidh an turais ghearr nó an turais fhada.

Ina theannta sin, ó 2026 ar aghaidh beidh trádáil astaíochtaí i bhfeidhm maidir leis an iompar de bhóthar, rud a fhágfaidh go mbeidh praghas le híoc as an truailliú, agus is iad an dá ní a leanas a thiocfaidh as sin – spreagfar úsáid na mbreoslaí níos glaine agus déanfar ath-infheistiú sna teicneolaíochtaí glana.

Tá praghsáil charbóin á moladh ag an gCoimisiún maidir le hearnáil na heitlíochta freisin, earnáil a raibh díolúine ann di go dtí seo. Molann sé freisin breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a chur chun cinn, agus oibleagáid a dhéanamh de gur breoslaí cumaisc inbhuanaithe a bheidh san eitleán aon uair a bheifear ag fágáil aerfort de chuid an Aontais.

Lena chinntiú go ndéanfaidh an earnáil mhuirí a cion féin den obair chun an geilleagar a dhícharbónú, tá sé á mholadh ag an gCoimisiún go ndéanfar praghsáil charbóin san earnáil sin freisin. Ina theannta sin, leagfaidh an Coimisiún spriocanna síos maidir leis na calafoirt mhóra cumhacht as foinse ar tír a chur ar fáil do shoithí, rud a laghdóidh úsáid na mbreoslaí a thruaillíonn aer na háite.

Stiúradh an tríú réabhlóid thionsclaíoch

industry

Rachaidh na tograí nua sin i bhfeidhm fud fad na slabhraí luacha in earnálacha ar nós an fhuinnimh agus an iompair, na tógála agus an athchóirithe, agus is cúnamh a bheidh iontu chun poist áitiúla inbhuanaithe lena ngabhfaidh tuarastal maith a chruthú i ngach cearn den Eoraip.

  • 35 mhilliún líon na bhfoirgneamh a d’fhéadfaí a athchóiriú faoi 2030
  • 160,000 líon na bpost glas breise a d’fhéadfaí a chruthú in earnáil na tógála faoi 2030

Leictriú an gheilleagair agus an úsáid níos forleithne a bhainfear as an bhfuinneamh in-athnuaite, táthar ag súil go spreagfaidh na nithe sin fostaíocht níos leitheadaí sna hearnálacha sin. Éifeachtúlacht fuinnimh na bhfoirgneamh a mhéadú, is obair é sin a chruthóidh poist in earnáil na tógála freisin, obair a fhágfaidh gur mó éileamh a bheidh ar lucht saothair na háite.

Is mian linn ár n-uaillmhian aeráide a chosaint trína chinntiú nach mbainfidh iomaíocht éagórach ón gcoigríoch an bonn d’iarrachtaí earnáil na tionsclaíochta abhus astaíochtaí a laghdú.

Dá bhrí sin, is é atá á mholadh ag an gCoimisiún sásra a chinnteoidh go gcaithfidh cuideachtaí ó thíortha nach bhfuil na rialacha aeráide chomh dian céanna iontu praghas carbóin a íoc chomh maith, is é sin cuideachtaí ar mian leo a gcuid táirgí a iompórtáil chuig an Aontas.

Ár gcóras fuinnimh a ghlanadh

energy

Molann an Coimisiún an sprioc cheangailteach atá ann i leith foinsí fuinnimh in-athnuaite i meascán fuinnimh an Aontais a ardú go 40%. Cuireann na moltaí glacadh na mbreoslaí in-athnuaite chun cinn, an hidrigin sa tionsclaíocht agus in earnáil an iompair, mar shampla, maille le spriocanna breise.

Chomh maith leis sin, laghdú ar an ídiú fuinnimh, sin rud riachtanach le costais astaíochtaí agus fuinnimh araon a ísliú ar mhaithe leis na tomhaltóirí agus leis na tionscail. Molann an Coimisiún na spriocanna i leith éifeachtúlacht fuinnimh a ardú ar leibhéal an Aontais agus spriocanna ceangailteacha a dhéanamh díobh, ionas gur laghdú 36-39% a bheidh ann san iomlán faoi 2030 le haghaidh ídiú fuinnimh deiridh agus phríomhúil.

  • 40% an sprioc nua fuinnimh in-athnuaite do 2030
  • 36-39% spriocanna nua éifeachtúlachta fuinnimh 2030 le haghaidh ídiú fuinnimh deiridh agus phríomhúil

An córas cánach atá ann i leith táirgí fuinnimh, ní mór don chóras sin na dreasachtaí cuí a thairiscint freisin i dtaca leis an aistriú glas. Molann an Coimisiún na híosrátaí cánach i leith téimh agus iompair a ailíniú lenár gcuid spriocanna aeráide, ach an tionchar sóisialta a mhaolú san am céanna, agus tacú le saoránaigh leochaileacha.

Foirgnimh a athchóiriú ionas go mbeidh saol níos glaise ann

buildings

An Ciste Sóisialta nua ar son na hAeráide, is ciste é a thacóidh leis na saoránaigh AE is mó atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh nó soghluaisteachta nó is measa atá buailte leo. Cuideoidh sé le maolú na gcostas i gcás na ndaoine is lú cosaint ar athruithe, ionas go gcinnteofar gur aistriú cóir cothrom a bheidh ann nach ndéanfaidh leithcheal ar dhuine ar bith.

Cuirfidh sé maoiniú dar luach €72.2 billiún ar fáil thar thréimhse seacht mbliana le haghaidh athchóiriú na bhfoirgneamh, le haghaidh rochtain ar shoghluaisteacht na n-astaíochtaí nialasacha nó ísle, nó fiú le haghaidh rochtain ar an tacaíocht ioncaim.

Mar aon lenár n-áiteanna cónaithe, ní mór foirgnimh phoiblí a athchóiriú freisin le breis fuinnimh in-athnuaite a úsáid agus le bheith níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de.

Molann an Coimisiún:

  • ceangal a chur ar na Ballstáit athchóiriú a dhéanamh ar rud nach lú ná 3% d’iomlán an achair atá ina urláir ina gcuid foirgneamh poiblí gach bliain
  • tagarmharc a leagan síos gur fuinneamh in-athnuaite a bheidh i 49% den fhuinneamh a úsáidtear sna foirgnimh faoi 2030
  • ceanglas a chur ar na Ballstáit úsáid an fhuinnimh in-athnuaite sa téamh agus san fhuarú a ardú +1.1 pointe céatadáin gach bliain go dtí 2030

Ag obair i bpáirt leis an dúlra leis an bpláinéad agus an tsláinte a chosaint

nature

Athbhiseach a chur ar an dúlra, agus an bhithéagsúlacht a chur faoi bhláth arís, sin réiteach tobann ar bheagán costais leis an gcarbón a shú agus a stóráil.

Dá bhrí sin, molann an Coimisiún go ndéanfaí coillte agus ithreacha na hEorpa a athshlánú, sin agus na bogaigh agus na tailte portaigh. Fágfaidh sin gur mó CO2 a shúfar, agus fágfaidh sé gur fearr an teacht aniar a bheidh sa chomhshaol i gcoinne athrú na haeráide.

Déanfar an méid seo a leanas le bainistiú ciorclach inbhuanaithe na n-acmhainní sin

  • feabhsófar ár ndálaí maireachtála
  • caomhnófar comhshaol folláin
  • cruthófar scoth na bpost
  • cuirfear foinsí fuinnimh inbhuanaithe ar fáil

Spriocann nua i dtaca le carbón nádúrtha a bhaint:

  • -225 Mt seansprioc
  • -268 Mt asbhaint charbóin reatha
  • -310 Mt sprioc nua

Is rud é an bithfhuinneamh a chuideoidh le tréigean na mbreoslaí iontaise agus le dícharbónú gheilleagar an Aontais. Ach is gá é a úsáid go hinbhuanaithe. Tá dianchritéir nua á moladh ag an gCoimisiún ionas nach mbainfear na coillte go neamh-inbhuanaithe, sin agus le ceantair a chosaint a bhfuil luach mór iontu ó thaobh na bithéagsúlachta de.

Borradh a chur faoin ngníomhú domhanda ar son na haeráide

global action

Tá sampla dearfach leagtha síos cheana ag an gComhaontú Glas don Eoraip, agus thug sé ar pháirtithe móra idirnáisiúnta a gcuid spriocanna ama féin a shocrú i gcomhair na neodrachta aeráide.

Leis an infheistíocht i dteicneolaíochtaí an fhuinnimh in-athnuaite, tá saineolas agus táirgí á dtabhairt chun cinn againn a rachaidh chun tairbhe don chuid eile den domhan freisin.

Leis an aistriú chuig an iompar glas, cruthóimid cuideachtaí a bheidh chun tosaigh go domhanda, cuideachtaí a fhéadfaidh freastal ar mhargadh domhanda atá ag fás leis. Leis an obair atáimid a dhéanamh lenár gcuid páirtithe idirnáisiúnta, laghdóimid na hastaíochtaí le chéile in earnáil an iompair mhuirí agus in earnáil na heitleoireachta ar fud an domhain.

Ag Comhdháil COP26 na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide i nGlaschú i mí na Samhna, roinnfidh an tAontas na moltaí agus na smaointe seo lena chuid comhpháirtithe idirnáisiúnta.

  • 30% d’Ionstraim an Aontais um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta, is chun tacú leis na spriocanna aeráide a úsáidtear é
  • 1/3 d’airgeadas poiblí an domhain le haghaidh na haeráide, is ón Aontas agus na Ballstáit a thagann sé

Galvenie soļi

  • 2019. gada decembris

    Komisija iepazīstina ar Eiropas zaļo kursu, apņemoties līdz 2050. gadam panākt klimatneitralitāti

  • 2020. gada marts

    Komisija ierosina Eiropas Klimata aktu, ar kuru 2050. gada klimatneitralitātes mērķrādītājs tiek iekļauts saistošā tiesību aktā

  • 2020. gada septembris

    Komisija ierosina jaunu ES mērķrādītāju, proti, līdz 2030. gadam samazināt neto emisijas vismaz par 55 %, un pievieno to Eiropas Klimata aktam

  • 2020. gada decembris

    Eiropas līderi atbalsta Komisijas ierosināto mērķrādītāju līdz 2030. gadam samazināt neto emisijas vismaz par 55 %

  • 2021. gada aprīlis

    Eiropas Parlaments un dalībvalstis panāk politisku vienošanos par Eiropas Klimata aktu

  • 2021. gada jūnijs

    Eiropas Klimata akts stājas spēkā

  • 2021. gada jūlijs

    Komisija nāk klajā ar priekšlikumu kopumu, kas pārveidos mūsu ekonomiku, lai sasniegtu 2030. gada klimata mērķrādītājus Eiropas Parlamentam un dalībvalstīm jāapspriež un jāpieņem tiesību aktu kopums par 2030. gada klimata mērķrādītāju sasniegšanu

  • 2030. gads

    ES jāpanāk emisiju samazinājums vismaz par 55 % salīdzinājumā ar 1990. gada līmeni

  • 2050. gads

    ES kļūst klimatneitrāla

Dokumenti

LejupielādētPDF - 13.3 MB