An Seimeastar Eorpach
Is creat é an Seimeastar Eorpach lenar féidir comhordú a dhéanamh ar bheartais eacnamaíocha i measc Bhallstáit an Aontais Eorpaigh. Féadann na Ballstáit a gcuid pleananna eacnamaíocha agus buiséadacha a phlé agus monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn ag pointí áirithe i gcaitheamh na bliana.