Ceartas agus cearta bunúsacha
Tá sé de cheart ag saoránaigh an Aontais Eorpaigh cónaí i dtír ar bith de chuid an Aontais agus teorainneacha na mBallstát a thrasnú gan stró. Is mian leis an gCoimisiún an tAontas Eorpach a bheith ina limistéar ceartais sa dóigh gur fusa do na saoránaigh a gcearta a fheidhmiú agus gur féidir le gnólachtaí leas iomlán a bhaint as margadh aonair an Aontais.