Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Gnó agus tionscal

Tá sé mar aidhm ag an Aontas Eorpach tionscal agus gnó a bheith níos iomaíche agus poist agus fás a chur chun cinn trí thimpeallacht atá fabhrach do ghnó a chothú.

Policies

D'fhonn neamhspleáchas na hEorpa ó thaobh cúrsaí spáis de a shuí, tá an tAontas Eorpach ag baint feidhm as cláir satailítbhunaithe – a leithéid Galileo, mar shampla – rud a spreagann nuálaíocht agus cruthú post.

Cuidíonn an Coimisiún Eorpach leis an earnáil seo trí mhaoiniú a chur ar fáil agus trí bheith ag obair chun nósanna imeachta deimhniúcháin le haghaidh teicneolaíochtaí slándála a chomhchuibhiú.

A bhuí le straitéis nua geilleagair chiorclaigh, beidh geilleagar na hEorpa níos iomaíche agus níos éifeachtúla ó thaobh acmhainní de i dtaca le réimse earnálacha éagsúla eacnamaíocha.

Soláthraíonn clár Copernicus sonraí ar chomhshaol an Domhain agus ar éigeandálaí agus géarchéimeanna, agus úsáidtear na sonraí sin chun faisnéis bhreisluacha a chur ar fáil.