D'iarr an tUacharán Juncker ar Chomhaltaí uile an Choláiste bheith gníomhach go polaitiúil sna Ballstáit agus sa chomhphlé leis na saoránaigh, tríd an gcomhchlár oibre a chur i láthair agus a mhíniú, trí bheith sásta éisteacht le barúlacha na ndaoine agus trí pháirt a thabhairt do na páirtithe leasmhara.

Tuilleadh eolais faoi Comhphlé leis na saoránaigh

Ar mhaith leat do thuairimí a chur in iúl faoin a bhfuil ag tarlú san Aontas Eorpach, faoin mbealach a dtéann sé i ngleic le dúshláin mhóra agus faoin tairbhe atá ann duit?

Tá na Coimisinéirí Eorpacha ag éisteacht!

Tá comhphlé leis na saoránaigh ar bun ar fud an Aontais, ar nós díospóireachtaí i halla an phobail. Ná bíodh drogall ort a bheith páirteach - "tús freastail ar an gceann is túisce"!