Do cháilíochtaí a chur i láthair
Úsáid na huirlisí seo chun do scileanna agus do cháilíochtaí a chur i láthair d’fhostóirí ar fud na hEorpa.
In Europass tá cúig dhoiciméad a chuideoidh leat do chuid scileanna agus cáilíochtaí a dhéanamh níos soiléire agus níos intuigthe ar fud na hEorpa. Orthu sin tá:
- curriculum vitae
- pas teanga
- soghluaisteacht europass
- forlíonadh teastais
- forlíonadh dioplóma
Ligeann EURES – pas scileanna duit do chuid scileanna, inniúlachtaí agus eolais a thaifeadadh.