Ranganna fíorúla

Tá ranganna fíorúla ceaptha cur le cúnamh oiliúna ar an láthair i gcás inar gá é sin a dhéanamh.

Cuirimid oiliúint agus ranganna fíorúla idirghníomhacha ar fáil le haghaidh cláir Mháistreachta san Ateangaireacht Chomhdhála.

Sa chomhthéacs sin, tugann ár oiliúnóirí ateangaireachta, a bhfuil ardtaithí acu, treoir agus aiseolas do mhic léinn trí fhíschomhdháil nó ardáin ar líne.

Tá níos mó ná 40 ollscoil ar fud an domhain páirteach sa 'seomra ranga fíorúil' seo againn.

Físeán faoi na ranganna fíorúla

ÍoslódáilPDF - 504.5 KB

Teagmháil

Speech Repository 2.0

Is é atá sa Stór Óráidí (Speech Repository 2.0) uirlis ríomhfhoghlama a d'ullmhaigh Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta ina bhfuil ábhar oiliúna closamhairc do mhic léinn agus oiliúnóirí ateangaireachta comhdhála.

Tá bailiúchán d'óráidí taifeadta ann, sleachta as comhdhálacha nó cruinnithe poiblí eile agus óráidí oiliúna a d'ullmhaigh ateangairí de chuid na n-institiúidí Eorpacha. Tá siad curtha in eagar de réir teanga, leibhéal na deacrachta, an mhodha ateangaireachta agus ábhair.

Is féidir rochtain láithreach a fháil ar bhreis agus 4,000 óráid. Cuimsítear ann 24 theanga oifigiúla an Aontais, teanga roinnt de na tíortha is iarrthóir, maille leis an Rúisis, an Araibis agus an tSínis.

Teagmháil

SCICtrain

In SCICtrain tá roinnt físeán do mhic léinn agus oiliúnóirí ina gclúdaítear raon leathan teicnící ateangaireachta, uirlisí agus acmhainní 

SCICtrain: Modúil oiliúna do mhic léinn ateangaireachta

Acmhainní cleachtaidh

ORCIT: Acmhainní ar Líne d'Oiliúint Ateangairí Comhdhála

CVCE: Centre virtuel de la connaissance sur l'Europe

Bailiúchán óráidí Ollscoil Wake Forest

Seirbhísí Closamhairc an Choimisiúin Eorpaigh

EuroparlTV

Sruthú ón gComhairle