An scéala is déanaí
Freagrachtaí
- cuidiú le bainistiú a dhéanamh ar chodanna d'Fhís 2020, creatchlár an Aontais Eorpaigh um thaighde agus nuálaíocht
- tionscadail taighde a reáchtáil a dtugtar tacaíocht dóibh faoin gclár Fís 2020 agus faoi CC7 (an creatchlár a tháinig roimhe)
- tacaíocht a chur ar fáil dá chuid cliant - iarratais ar mhaoiniú, tairbhithe agus saineolaithe neamhspleácha
- dlúth-theagmháil a choinneáil leo siúd a fhaigheann maoiniú ón Aontas Eorpach
- bainistiú a dhéanamh ar sheirbhís fiosrúcháin taighde an Choimisiúin Eorpaigh, dar cúram freagra a thabhairt ar cheisteanna ó iarratasóirí deontais, ó thaighdeoirí a fuair maoiniú ón Aontas Eorpach agus ón bpobal
- tacaíocht a chur ar fáil do shaineolaithe neamhspleácha i dtaca le tograí tionscadail atá san iomaíocht le haghaidh chistí taighde an Aontais Eorpaigh a mheas agus cuidiú le bailíochtú dlíthiúil agus airgeadais a dhéanamh ar rannpháirtithe an chláir
Cláir
Deiseanna cistiúcháin do thograí
Taighde atá á chistiú trí Fhís 2020
Bainistíonn an ghníomhaireacht
- Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie - maoiniú maidir le soghluaisteacht lucht taighde thar theorainneacha agus earnálacha
- teicneolaíochtaí na todhchaí agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn - maoiniú maidir le comhoibriú idir an ardeolaíocht ildisciplíneach agus an innealtóireacht cheannródaíoch
- taighde ar an spás - tacaíocht do phobal taighde spáis na hEorpa chun teicneolaíochtaí ceannródaíocha a fhorbairt
- sábháilteacht an tsoláthair bia, an talmhaíocht agus an fhoraoiseacht inbhuanaithe, taighde ar chúrsaí mara, ar chúrsaí muirí agus ar uisce intíre, agus an bithgheilleagar
- sochaithe nuálaíocha, cuimsitheacha, agus machnamhacha - maoiniú ar thograí taighde maidir leis an eisiamh sóisialta, agus leis an neamhionannas
- sochaithe slána - is aidhm dó saoirse, slándáil, agus saoránaigh na hEorpa a chosaint, i dtráth seo na mbagairtí domhanda gan fasach
- barr feabhais a leathnú agus rannpháirtíocht a ardú, - is aidhm dó an leas is fearr a bhaint as na buanna is fearr dá bhfuil ag gach tír de chuid an Aontais Eorpaigh
- an eolaíocht leis an tsochaí agus inti - is aidhm dó tallann nua a earcú don eolaíocht, agus an tsármhaitheas san eolaíocht a chleamhnas leis an bhfeasacht agus freagracht shóisialta
2007-2013 (An seachtú creatchlár le haghaidh taighde agus forbairt teicneolaíochta)
Thart ar 11,000 togra, faoi chuimsiú an seachtú creatchlár le haghaidh taighde agus forbairt teicneolaíochta (CC7), réamhtheachtaí an chláir Fís 2020, atá á mbainistiú ag an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Taighde
- Gníomhaíochtaí Marie Curie (an clár ‘Daoine’)
- taighde ar mhaithe le FBManna (an clár ‘Acmhainní’)
- taighde ar an spás agus ar an tslandáil (an clár 'Comhar')
Rialachas
Legal basis and governance of the European Research Executive Agency
Pleananna agus tuarascálacha
Clár oibre an Choimisiúin – forléargas ar a bhfuil le baint amach ag an institiúid ar fad sa bhliain reatha
An tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí – a méid a bhain an roinn amach agus na hacmhainní a úsáideadh le linn na bliana roimhe seo
An clár oibre bliantúil – an líne bhuiséid do bheartais áirithe agus cláir mhaoiniúcháin sa bhliain reatha
Annual budgets - overview of the annual operating budgets and accounts