An scéala is déanaí
Nuacht ón Ard-Stiúrthóireacht seo
Cúraimí
Is í Ard-Stiúrthóireacht an Tionscail Cosanta agus an Spáis (DEFIS) atá i bhfeighil ghníomhaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh in earnáil an Tionscail Cosanta agus an Spáis.
I réimse an Tionscail Cosanta, tá DEFIS i gceannas ar thacú le hiomaíochas agus nuálaíocht thionscal cosanta na hEorpa trí chinnte a dhéanamh de go ndéantar bonn teicneolaíoch tionsclaíoch acmhainneach a fhorbairt i dtionscal cosanta na hEorpa.
I réimse an Spáis, tá DEFIS i gceannas ar chur chun feidhme Chlár Spáis an Aontais Eorpaigh ina bhfuil Clár an Aontais um Fhaire agus um Fhaireachán na Cruinne (Copernicus), Córas Loingseoireachta Satailíte Domhanda na hEorpa (Galileo) agus Breis-seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí (EGNOS).
Seo a leanas roinnt príomhghníomhaíochtaí agus tosaíochtaí don bhliain amach romhainn:
- an Ciste Eorpach Cosanta a chur chun feidhme agus formhaoirseacht a dhéanamh air
- margadh na hEorpa um threalamh cosanta a thógáil, ar margadh é a bheidh oscailte iomaíoch, agus rialacha soláthair an Aontais maidir leis an gcosaint a fhorfheidhmiú;
- stiúradh a dhéanamh ar chur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta maidir leis an tSoghluaisteacht Mhíleata;
- tionscal an spáis a chothú a bheidh láidir nuálach, agus rochtain uathrialach, iontaofa agus chost-éifeachtach an Aontais Eorpaigh ar an spás a choimeád;
- an Clár Spáis a bheidh ann amach anseo a chur chun feidhme, lena gcumhdófar Galileo, EGNOS agus Copernicus;
- iniúchadh a dhéanamh ar na bealaí ar féidir linn an leas is fearr a bhaint as ár sócmhainní chun cuspóir na haeráide a bhaint amach, agus feabhas a chur ar an nasc ríthábhachtach idir an spás agus an chosaint agus an tslándáil.
Tuilleadh eolais maidir le: an Chosaint agus an Spás
Pleananna agus tuarascálacha
Clár oibre an Choimisiúin – forléargas ar a bhfuil le baint amach ag an institiúid ar fad sa bhliain reatha
Ceannaireacht agus eagrúchán
Teagmháil
Ard-Stiúrthóireacht an Tionscail Cosanta agus an Spáis
- Ainm
- Ard-Stiúrthóireacht an Tionscail Cosanta agus an Spáis
- Uimhir ghutháin
- +32 2 299 11 11 (Lasc-chlár an Choimisiúin)
- Seoladh poist
- European Commission, Rue de la Loi 130/Wetstraat 130, 1049 Bruxelles/An Bhruiséil, An Bheilg