Tá gach Ballstát den Aontas Eorpach san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA) agus comhordaíonn siad ceapadh a mbeartais eacnamaíoch chun tacú le cuspóirí eacnamaíocha an Aontais Eorpaigh. Tá céim eile fós tugtha ag roinnt Ballstát, áfach, agus tá an t-airgeadra aonair – an euro – curtha in ionad a n-airgeadra náisiúnta acu. Is iad na Ballstáit sin an limistéar euro.

Nuair an tugadh an euro isteach ar dtús i 1999 – mar airgeadra 'na leabhar' – bhí 11 den 15 Bhallstát a bhí san Aontas Eorpach ag an am sa limistéar euro. Chuaigh an Ghréig isteach in 2001, díreach bliain sular tugadh an t-airgead tirim isteach, ansin an tSlóivéin in 2007, an Chipir agus Málta in 2008, an tSlóvaic in 2009, an Eastóin in 2011, an Laitvia in 2014 agus an Liotuáin in 2015. Sa lá atá inniu ann, tá 19 mBallstát den Aontas Eorpach sa limistéar euro.

Maidir leis na Ballstáit atá lasmuigh den limistéar euro, tá 'rogha an diúltaithe' ag an Danmhairg agus ag an Ríocht Aontaithe, rogha atá leagtha síos sna Prótacail a ghabhann mar iarscríbhinn leis an gConradh, ach is féidir leo dul isteach ann más mian seo amach anseo. Níl an tSualainn incháilithe fós le bheith sa limistéar euro.

Na Ballstáit eile nach bhfuil sa limistéar euro, is Ballstáit iad a chuaigh isteach san Aontas Eorpach in 2004, 2007 agus 2013, tar éis an euro a bheith seolta. Tráth an aontachais, níor chomhlíon siad na coinníollacha is gá le dul isteach sa limistéar euro, ach tá gealltanas tugtha acu dul isteach ann an tráth a bheidh na coinníollacha sin comhlíonta acu – tá 'maolú' ag na Ballstáit sin, mar atá ag an tSualainn.

Ghlac Andóra, Monacó, San Mairíne agus Cathair na Vatacáine an euro mar airgeadra náisiúnta trí bhíthin comhaontuithe sonracha airgeadaíochta leis an Aontas Eorpach, agus is féidir leo boinn euro dá gcuid féin a eisiúint faoi theorainneacha áirithe. Toisc na Ballstát den Aontas Eorpach iad, áfach, ní cuid den limistéar euro iad.

An limistéar euro a rialú

De thoradh an euro a ghlacadh, déantar geilleagair bhaill an limistéir euro níos fite fuaite ina chéile. Ní mór bainistiú cuí a dhéanamh ar an gcomhtháthú eacnamaíoch sin chun tairbhe iomlán a bhaint as an airgeadra aonair. Dá bhrí sin, is ceann de shaintréithe an limistéir euro an bhainistíocht eacnamaíoch a dhéantar ann, go háirithe ceapadh na mbeartas airgeadaíochta agus eacnamaíoch.

  • Sa limistéar euro, is é an tEorachóras a stiúrann an beartas airgeadaíochta. Is córas neamhspleách é, agus tá sé comhdhéanta den Bhanc Ceannais Eorpach, a bhfuil ceannáras aige in Frankfurt na Gearmáine, agus bainc ceannais náisiúnta Bhallstáit an limistéir euro. Trína Chomhairle Rialaithe, déanann an Banc Ceannais Eorpach an beartas airgeadaíochta a shainiú don limistéar euro ina iomláine – aon údarás airgeadaíochta amháin a bhfuil aon bheartas airgeadaíochta amháin aige a bhfuil sé mar phríomhchuspóir aige cobhsaíocht praghsanna a choinneáil.
  • Laistigh den limistéar euro, is faoi fhreagracht na mBallstát atá an beartas eacnamaíoch den chuid is mó, ach ní mór do na rialtais náisiúnta a mbeartais eacnamaíocha a chomhordú chun a gcuspóirí coiteanna a bhaint amach, mar atá an chobhsaíocht, an fás agus an fhostaíocht. Déantar an comhordú sin trí roinnt struchtúr agus ionstraimí éagsúla, agus is é an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis an ceann is tábhachtaí díobh sin. Cuimsíonn an comhshocrú rialacha comhaontaithe maidir leis an smacht fioscach, mar shampla teorainneacha ar easnaimh rialtais agus ar an bhfiachas náisiúnta. Ní mór do gach Ballstát na rialacha sin a urramú, cé nach féidir bearta sriantach (bearta airgeadais ná bearta de chineál eile) a chur i bhfeidhm ach ar thíortha an limistéir euro mura gcomhlíonann siad na rialacha sin.
  • Déantar cur chun feidhme an rialachais eacnamaíoch san Aontas Eorpach a eagrú le linn timthriall bliantúil ar a dtugtar an Seimeastar Eorpach.

Cé atá istigh cheana féin?