Spriocanna:

  • Fostaíocht
    • - 75% díobh siúd atá idir 20-64 bliain d'aois a bheith ag obair
  • Taighde agus Nuálaíocht (T&N)
    • - 3% d'OTI an Aontais Eorpaigh a infheistiú sa T&F
  • An t-athrú aeráide agus cúrsaí fuinnimh
    • - astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú go leibhéal is ísle de 20% ná mar a bhí i 1990
    • - 20% den fuinneamh a theacht as acmhainní in-athnuaite
    • - méadú 20% ar an éifeachtúlacht fuinnimh
  • An tOideachas
    • - rátaí na luathfhágála oideachais a bheith faoi 10%
    • - an t-ardoideachas a bheith críochnaithe ag 40%, ar a laghad, díobh siúd atá idir 30–34
  • Bochtaineacht agus eisiamh sóisialta
    • - laghdú 20 milliún, ar a laghad, ar a líon siúd atá i bpriacal na bochtaineachta agus an eisiata shóisialta.

Gnéithe de chuid na spriocanna

  • Tugann siad léargas foriomlán maidir leis an méid is ceart a bheith bainte amach ag an Aontas Eorpach faoi 2020 de réir na bpríomhphairiméadar.
  • Déantar spriocanna náisiúnta díobh ionas gur féidir le gach Ballstát a dhul chun cinn féin i dtreo na gcuspóirí sin a sheiceáil.
  • Ní dhéantar an t-ualach a roinnt – comhchuspóirí is ea iad ag gach Ballstát, atá le saothrú trí mheascán de ghníomhaíocht náisiúnta agus Aontais.
  • Tá dlúthbhaint eatarthu is treisíonn siad a chéile
    • - cabhraíonn feabhsuithe oideachais le hinfhostaitheacht is laghdaíonn siad an bhochtaineacht.
    • - méadaíonn T&F/nuálaíocht, i dteannta le húsáid níos éifeachtaí a bhaint as fuinneamh, méadaíonn sin ár gcumas iomaíochta agus cruthaítear poist
    • - leis an infheistiú i dteicneolaíochtaí níos glaine, téitear i ngleic leis an athrú aeráide is cruthaítear deiseanna nua gnó agus fostaíochta.

Cé mar a chuirtear an straitéis chun feidhme?

Baintear úsáid as an straitéis Eoraip 2020 mar chreat tagartha do ghníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais, agus ar na leibhéil náisiúnta agus réigiúnacha.

Tá rialtais na mBallstát tar éis spriocanna náisiúnta a leagan síos chun cuidiú leo spriocanna foriomlána an Aontais Eorpaigh a bhaint amach. Tugann siad tuairisc ina thaobh seo mar chuid dá gcláir náisiúnta um athchóiriú gach bliain. Más mian leat tuilleadh eolais a fháil ina thaobh seo, féach na spriocanna agus tuarascálacha náisiúnta.

Cé mar a dhéantar monatóireacht ar an straitéis?

Foilsíonn Eurostat, oifig staidrimh an Aontais Eorpaigh, tuarascálacha cuimsitheacha ar an dul chun cinn ar bhonn rialta i dtaca leis na spriocanna.   

In 2014-15, rinne an Coimisiún athbhreithniú meántéarma ar an straitéis Eoraip 2020. Léiríodh sa chomhairliúchán poiblí a bhí ina chuid den athbhreithniú sin go meastar an straitéis a bheith fós ina creat iomchuí chun an fhostaíocht agus an fás a chur chun cinn.

Nuair a bhí an t-athbhreithniú thart, chinn an Coimisiún cloí leis an straitéis, agus monatóireacht agus cur chun feidhme a dhéanamh uirthi leis an bpróiseas dá ngairtear an Seimeastar Eorpach.