Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Dlí na gcuideachtaí agus an rialachas corparáideach

Rialacha an Aontais agus gníomhaíocht sa réimse sin, an Sainghrúpa Neamhfhoirmiúil um Dhlí na gCuideachtaí, plean gníomhaíochta maidir le dlí cuideachtaí agus rialachas corparáideach.

Rialacha an Aontais sa réimse seo

Is é is cuspóir do rialacha an Aontais sa réimse seo ná

  • deimhin a dhéanamh de gur féidir gnólachtaí a chur ar bun agus oibríochtaí a dhéanamh aon áit san Aontas Eorpach

  • cosaint a chur ar fáil do scairshealbhóirí agus do pháirtithe eile ar nós fostaithe agus creidiúnaithe a bhfuil leas ar leith acu i gcuideachtaí

  • gnó a dhéanamh níos éifeachtaí, níos iomaíche agus níos inbhuanaithe san fhadtéarma

  • gnólachtaí atá lonnaithe i dtíortha éagsúla an Aontais a spreagadh chun comhoibriú le chéile.

Comhlánaíonn rialacha an Aontais maidir le tuairisciú cuideachta, iniúchadh agus trédhearcacht an creat dlí sin.

Tuairisciú ó chuideachtaí agus iniúchadh ar chuideachtaí

Foirmiú, caipiteal, ceanglais nochta agus oibríochtaí cuideachtaí

Cuimsíonn rialacha dhlí cuideachtaí an Aontais saincheisteanna ar nós cheanglais na cuideachtaí maidir le foirmiú, caipiteal agus nochtadh, agus ar nós oibríochtaí (cumaisc, deighiltí) na gcuideachtaí

Treoir 2017/1132 – Dlí digiteach na gcuideachtaí 

Códaítear anois cuid mhór de dhlí cuideachtaí an Aontais i dTreoir aonair – Treoir 2017/1132 a bhaineann le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí.

An 29 Márta 2023 ghlac an Coimisiún an togra le haghaidh Treorach chun úsáid uirlisí digiteacha agus úsáid próiseas digiteach i ndlí na gcuideachtaí a leathnú agus a uasghrádú a thuilleadh. Is é is aidhm dó trédhearcacht agus iontaoibh sa timpeallacht ghnó sa mhargadh aonair a fheabhsú, trí níos mó eolais faoi chuideachtaí a chur ar fáil go poiblí agus trína chinntiú go bhfuil eolas cuideachta i gcláir ghnó iontaofa agus cothrom le dáta, agus an t-ualach riaracháin a laghdú nuair a bhaineann cuideachtaí úsáid as eolas cuideachta ó chláir ghnó i gcásanna trasteorann. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle caibidlíocht faoin togra anois.

Na doiciméid uile maidir leis an togra le haghaidh Treorach chun úsáid uirlisí digiteacha agus úsáid próiseas digiteach i ndlí na gcuideachtaí a leathnú agus a uasghrádú a thuilleadh

I dTreoir 2019/1151 an 20 Meitheamh 2019, tá forálacha maidir le húsáid uirlisí digiteacha agus úsáid próiseas digiteach i réimse dhlí na gcuideachtaí. Chuaigh an sprioc-am trasuímh d’fhormhór na bhforálacha in éag i mí Lúnasa 2022, ach tá go dtí mí Lúnasa 2023 ag na Ballstáit chun Airteagail áirithe a thrasuí. I dTreoir (AE) 2019/2121 an 27 Samhain 2019, leagtar síos rialacha nua maidir le comhshónna agus deighiltí trasteorann agus leasaítear na rialacha maidir le cumaisc thrasteorann. Chuaigh a sprioc-am trasuímh in éag i mí Eanáir 2023. Leis an tsraith nua rialacha seo, cuirfear ar chumas gnólachtaí uirlisí digiteacha a úsáid i nósanna imeachta um dhlí na gcuideachtaí chomh maith le hathstruchtúrú agus aistriú trasteorann, agus san am céanna bearta coimirce láidre in aghaidh na calaoise a chur ar fáil agus geallsealbhóirí a chosaint. 

I dtogra 2023 agus i dTreoracha 2019 déantar athbhreithniú agus comhlánú ar Threoir 2017/1132.


Treoir 2012/17 – Córas idirnasctha na gclár gnó (‘BRIS’)

Le Treoir 2012/17/AE agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1042 ón gCoimisiún, leagtar amach rialacha maidir le córas idirnasctha na gclár gnó (‘BRIS’). Tá BRIS i bhfeidhm ón 8 Meitheamh 2017. Leis an gcóras sin, cuirtear rochtain leictreonach ar fud an Aontais ar fáil ar eolas agus doiciméid chuideachta a stóráiltear i gcláir ghnó na mBallstáit tríd an Tairseach Eorpach don r-Cheartas. Ina theannta sin, cuireann BRIS ar chumas na gclár gnó eolas a mhalartú eatarthu féin maidir le hoibríochtaí trasteorann agus maidir le cuideachtaí agus a mbrainsí trasteorann. An 29 Márta 2023, foilsíodh an tuarascáil cur chun feidhme maidir le forbairt BRIS, agus go háirithe maidir lena oibríocht theicniúil agus lena gnéithe airgeadais mar a rialaítear le Treoir 2012/17/AE.

 

Treoir 2009/102 – cuideachtaí aonbhaill

Le Treoir 2009/102/CE, cuirtear creat ar fáil maidir le cuideachtaí aonbhaill a bhunú.


Rialachán 2157/2001 agus Rialachán 2137/85 – Rialacha maidir le heintitis dhlítheanacha an Aontais

Tá dhá Rialachán lena gcuirtear rialacha ar fáil maidir le heintitis dhlítheanacha an Aontais: Rialachán 2157/2001, ina leagtar amach reacht le haghaidh Cuideachta Eorpach (Societas Europaea nó ‘SE’) , i.e. foirm dhlítheanach an Aontais le haghaidh cuideachtaí poiblí faoi theorainn scaireanna, agus ceadaítear do ghnólachtaí ó Bhallstáit éagsúla a ngnó a reáchtáil san Aontas faoi aon ainm branda Eorpach amháin. Rialachán 2137/85, ina leagtar amach reacht le haghaidh Grúpáil Eorpach um Leas Eacnamaíoch (GELE), i.e. foirm dhlítheanach an Aontais le haghaidh grúpáil atá curtha ar bun ag gnólachtaí nó comhlachtaí dlíthiúla agus/nó daoine nádúrtha ó Bhallstáit éagsúla atá i mbun gníomhaíocht eacnamaíoch; is é is aidhm dá leithéid de ghrúpáil gníomhaíochtaí eacnamaíocha trasteorann na mball a éascú nó a fhorbairt. 

Saincheisteanna a bhaineann le rialachas corparáideach

 Le rialacha dhlí cuideachtaí an Aontais, tugtar aghaidh freisin ar shaincheisteanna a bhaineann leis an rialachas corparáideach agus dírítear ar an gcaidreamh idir bainistíocht, bord, scairshealbhóirí an ghnólachta agus na geallsealbhóirí eile, agus ar an ábhar sin, dírítear ar an dóigh a bhfuil an gnólacht á bhainistiú agus á rialú.

  • Le Treoir 2007/36/CE maidir le cearta scairshealbhóirí, leagtar amach cearta áirithe le haghaidh scairshealbhóirí i gcuideachtaí liostaithe.

    Leasaíodh an Treoir sin le Treoir (AE) 2017/828 darb aidhm rannpháirtíocht scairshealbhóirí níos fadtéarmaí a spreagadh.

    Ina theannta sin, i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1212 ón gCoimisiún ó 2018, leagtar síos na híoscheanglais maidir le sainaithint scairshealbhóra, aistriú eolais agus éascú fheidhmiú chearta na scairshealbhóirí.

  • I dTreoir 2004/25/CE maidir le tairiscintí táthcheangail, leagtar amach na híoschaighdeáin maidir le tairiscintí táthcheangail (nó athruithe rialaithe) a bhaineann le hurrúis ghnólachtaí an Aontais.

  • Faoi chuimsiú Phlean Gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil 2020, agus go sonrach, faoi na cúraimí atá beartaithe faoi Ghníomhaíocht 12, darb aidhm rannpháirtíocht scairshealbhóirí a éascú, gheall an Coimisiún scrúdú a dhéanamh ar bhacainní náisiúnta a d’fhéadfadh a bheith ann ar úsáid teicneolaíochtaí digiteacha nua san idirghníomhaíocht idir infheisteoirí, idirghabhálaithe agus eisitheoirí. Eisíodh Doiciméad Inmheánach Oibre an 21.12.2022 (SWD(2022) 447 final), maidir leis an measúnú agus na conclúidí i ndáil leis an bpointe sin de Ghníomhaíocht 12.

    16 EANÁIR 2023
    Commission staff working document on Action 12 of 2020 Capital Markets Union Action Plan

Dícheall Cuí Corparáideach Inbhuanaitheachta

I gcomhréir le cuspóir foriomlán an Choimisiúin maidir le haistriú cóir chuig geilleagar inbhuanaithe agus maidir leis an téarnamh inbhuanaithe tar éis ghéarchéim COVID, leis an Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus le Plean Téarnaimh an Choimisiúin dearbhaíodh an tábhacht a bhaineann leis an inbhuanaitheacht a neadú sa rialachas corparáideach. Is é is aidhm don togra le haghaidh Treoir i dtaca le Dícheall Cuí Corparáideach Inbhuanaitheach (COM(2022)71), a ghlac an Coimisiún an 23 Feabhra 2022, a chur ar a gcumas do chuideachtaí drochthionchar iarbhír nó a d’fhéadfadh a bheith ann ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol a shainaithint agus a mhaolú in oibriú agus i slabhraí luacha na gcuideachtaí. Tá an togra (i ngach ceann de theangacha an Aontais) i bpróiseas comhreachtach anois.

Rialachas corparáideach agus luach saothair do bhainc agus do ghnólachtaí infheistíochta

Na rialacha sonracha maidir le rialachas corparáideach agus luach saothair, tá feidhm acu i dtaca le bainc agus gnólachtaí infheistíochta. Is é is aidhm do na rialacha sin tógáil rioscaí iomarcacha a shrianadh agus cobhsaíocht airgeadais a chinntiú sa dóigh sin.

  • Tá na rialacha maidir le rialachas corparáideach agus luach saothar i mbainc agus i ngnólachtaí infheistíochta sistéamacha le fáil sa Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil (Treoir 2013/36/AE arna leasú le Treoir 2019/878/AE) agus sa Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil (Rialachán Uimh. 575/2013 arna leasú le Rialachán Uimh. 2019/876).
  • An 27 Deireadh Fómhair 2021, ghlac an Coimisiún Eorpach athbhreithniú ar rialacha baincéireachta an Aontais (an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil (CRR) agus an Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil (CRD)). Moltar san athbhreithniú, i measc saincheisteanna eile, sraith choiteann caighdeán agus nósanna imeachta a bheith níos comhsheasmhaí ar fud an Aontais chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht na gcomhaltaí boird agus na mbainisteoirí a bhfuil tionchar acu (‘sealbhóirí príomhfheidhme’).

    Chun tuilleadh eolais a fháil faoin bpacáiste baincéireachta a glacadh i mí Dheireadh Fómhair 2021: An pacáiste baincéireachta 

  • Tá na rialacha maidir le rialachas corparáideach agus luach saothair le haghaidh gnólachtaí infheistíochta nach gnólachtaí sistéamacha iad le fáil sa Treoir maidir le Gnólachtaí Infheistíochta (Treoir 2019/2034) agus sa Rialachán maidir le Gnólachtaí Infheistíochta (Rialachán 2019/2033).

Dá bhrí sin, cé go bhfanfaidh gnólachtaí infheistíochta sistéamacha faoi na rialacha baincéireachta, beidh gnólachtaí infheistíochta nach gnólachtaí sistéamacha iad faoi réir córas saincheaptha. Tuilleadh eolais: Rialacha stuamachta do ghnólachtaí infheistíochta

Sainghrúpaí agus Ardáin do Gheallsealbhóirí

An Sainghrúpa Neamhfhoirmiúil maidir le Dlí na gCuideachtaí agus Rialachas Corparáideach (ICLEG)

Tá ollúna agus gairmithe le dlí na gcuideachtaí mar chuid den ghrúpa seo a thugann comhairle don Choimisiún maidir le tionscnaimh i réimse dhlí na gcuideachtaí a ullmhú. Bunaíodh an grúpa den chéad uair in 2014 agus rinne sé athnuachan ar a bhallraíocht in 2019 tar éis glao nua ar iarratais i bhfianaise na ndúshlán nua do dhlí na gcuideachtaí agus don rialachas corparáideach. Tuilleadh eolais faoin ngrúpa ICLEG agus faoina chuid oibre

Is ábhar mór bróin d’fhoirne dhlí na gcuideachtaí agus an rialachais chorparáidigh in Ard-Stiúrthóireacht an Cheartais agus na dTomhaltóirí gur cailleadh an tOllamh Dr Gerald Spindler go tobann an 11 Meán Fómhair 2023. Déanaimid comhbhrón ó chroí lena theaghlach agus leis an bpobal acadúil a raibh sé páirteach ann. Ba mhór an meas agus an luach a bhí ar an méid a chuir an tOllamh Dr Spindler le hobair acadúil ICLEG. Cronófar é sa ghrúpa seo.

Ardán Ar Líne um Rialachas Corparáideach

Is spás digiteach é seo inar féidir eolas a roinnt agus dea-chleachtas a mhalartú maidir le réimse téamaí éagsúla a bhaineann le rialachas corparáideach, ó mhaoirseacht infheisteora go dtí an inbhuanaitheacht. Leis an ardán sin, spreagtar idirphlé idir gnólachtaí, infheisteoirí agus geallsealbhóirí príobháideacha agus poiblí, agus cabhraítear leis an gCoimisiún a mheas cé acu an mbaineann nó nach mbaineann na bearta a glacadh roimhe seo a gcuspóir amach i bhfírinne. Chun tuilleadh eolais a fháil, is féidir ríomhphost a sheoladh chuig just-cg-opatec [dot] europa [dot] eu (just-cg-op[at]ec[dot]europa[dot]eu)