Nascleanúint, struchtúr agus inneachar shuíomh gréasáin an Choimisiúin

Ar an leathanach baile tá na príomhlipéid nascleanúna ceaptha sa chaoi go mbeidh tú in ann teacht ar an ábhar atá uait go tapa.

Ar an lámh eile, is féidir leat brabhsáil de réir ábhair.

Gheobhaidh tú naisc freisin chuig suíomhanna gréasáin eile ar a bhfuil tuilleadh eolais ó ranna agus seirbhísí an Choimisiúin.

 

Teangacha

Tá an Coimisiún tiomanta eolas a chur ar fáil d'úsáideoirí sa teanga atá ag teastáil uathu. Ar an suíomh nua, beidh roinnt den ábhar ar fáil i ngach teanga oifigiúil den Aontas agus beidh roinnt eile ar fáil i líon níos lú teangacha de réir riachtanais na n-úsáideoirí.

Tuilleadh eolais faoi bheartas teanga an tsuímh ghréasáin seo
 

Inrochtaineacht

Tá láithreacht ghréasáin an Choimisiúin á dearadh againn ar chaoi a bhfágfaidh í chomh hinúsáidte agus is féidir ag daoine atá faoi mhíchumas agus ag daoine nach bhfuil rochtain acu ar an teicneolaíocht is déanaí. Chomh maith leis sin táimid ag féachaint chuige go mbeidh an suíomh inrochtana le raon mór brabhsálaithe idirlín, feistí agus luasanna naisc. 

Eolas iomlán faoi na treoirlínte inrochtaineachta atá á leanúint againn
 

Cartlanna na suíomhanna gréasáin

Íomhánna a bhaineann le príomhláithreacht an Choimisiúin Eorpaigh ar an idirlíon, déantar iad a ghabháil agus a choinneáil i gcartlann ar líne le haghaidh tagartha. 

Leaganacha de láithreacht an Choimisiúin ar an idirlíon atá sa chartlann

Leaganacha de shuíomhanna gréasáin agus leathanaigh ghréasáin eile de chuid an Aontais Eorpaigh atá sa chartlann, tá siad ar fáil freisin le haghaidh tagartha. 

Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh – Cartlanna gréasáin