Growth

Na hIonaid Ilfhreastail

Na hIonaid Ilfhreastail

Is tairseacha ríomhsheirbhísí rialtais iad na hIonaid Ilfhreastail ar a bhfuil soláthraithe seirbhísí in ann teacht ar an bhfaisnéis atá uathu agus nósanna imeachta riaracháin a chomhlánú ar líne. Is é 'líonra EUGO', líonra de chomhordaitheoirí náisiúnta, a bhíonn á mbainistiú.

/growth/file/2915_gaeugo.png

EU-GO network logo

Más mian leat

  • deiseanna a aimsiú chun gnó a dhéanamh nó chun seirbhísí a sholáthar i mBallstát eile
  • gnólacht nua a chur ar bun thar lear
  • eolas a chur ar na rialacha agus foirmiúlachtaí a bheidh le déanamh
  • na nósanna imeachta riaracháin a chomhlánú ar líne

is ceart duit na hIonaid Ilfhreastail a úsáid.

An Ostair DeutschEnglish

An Bheilg DeutschEnglishFrançaisNederlands

An Bhulgáir българскиEnglish

 An Chróit EnglishHrvatski

An Chipir ΕλληνικάEnglish

Poblacht na Seice ČeštinaDeutschEnglishespañolfrançais

An Danmhairg danskDeutschEnglishlietuvių kalbapolski

An Eastóin Eesti keelEnglishPусский

An Fhionlainn EnglishSuomiSvenska

An Fhrainc EnglishFrançais

An Ghearmáin DeutschEnglish

An Ghréig ΕλληνικάEnglish

An Ungáir EnglishMagyar

Éire English

An Iodáil EnglishItaliano

An Laitvia EnglishLatviešu valoda

An Liotuáin EnglishLietuvių kalba

Lucsamburg DeutschFrançaisEnglish

Málta English

An Ísiltír EnglishNederlands

An Pholainn EnglishPolski

An Phortaingéil English Português

An Rómáin Englishfrançaisromână

An tSlóvaic Slovensky

An tSlóivéin EnglishSlovenščina

An Spáinn EnglishEspañolportuguês

An tSualainn EnglishSvenska

An Ríocht Aontaithe English

An Íoslainn EnglishÍslenska

Lichtinstéin Deutsch

An Iorua EnglishNorsk

 

Tuilleadh eolais

Cuireann na hIonaid Ilfhreastail eolas ar fáil le cabhrú leat déileáil le raon leathan ceisteanna praiticiúla:

  • ceadúnais, fógraí nó ceadanna atá ag teastáil le gnólacht a bhunú
  • ceanglais maidir le seirbhísí a thairiscint ar bhonn sealadach
  • aitheantas do cháilíochtaí gairmiúla agus do ghairmeacha rialáilte
  • dlíthe an mhargaidh saothair agus dlíthe sóisialta
  • rialacha maidir le soláthar poiblí

Cabhraíonn na hIonaid freisin chun nósanna imeachta a chomhlánú ar líne, agus cuirtear eolas den sórt seo ar fáil:

  • an dóigh le hiarratas a dhéanamh
  • an eagraíocht a bhfuil sé de chúram uirthi déileáil le hiarratais
  • an costas atá ar iarratas
  • an fad ama a bhíonn ann sula bhfaightear freagra

Cé nach bhfuil dualgas dlí ar na Ballstáit nósanna imeachta cánach agus leasa shóisialaigh a chur ar fáil trí na hIonaid, déanann lear mór de na Ballstáit sin cheana féin agus tá na Ballstáit eile á spreagadh lena dhéanamh freisin.

Cúlra

Faoin Treoir maidir le Seirbhísí ón Aontas Eorpach bunaíodh Ionaid Ilfhreastail le haghaidh fiontraithe atá gníomhach in earnáil na seirbhísí.

Ó Nollaig 2009 i leith, is éigean, de réir dlí, Ionad Ilfhreastail a bheith i ngach Ballstát. Tá gach ceann de na hIonaid náisiúnta ina gcuid den 'líonra EUGO' Eorpach. Glacann an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua páirt ann ar bhonn deonach.

Tá sé d'aidhm ag na hIonaid Ilfhreastail cabhrú le hearnáil seirbhísí na hEorpa leas iomlán a bhaint as an Margadh Aonair trí fhaisnéis faoi rialacha, foirmiúlachtaí agus nósanna imeachta sa tír ina bhfuil siad suite a chur ar fáil ar líne.

Ó 2014 i leith, tá cairt ann do na hIonaid Ilfhreastail, lena spreagtar na Ballstáit chun a nIonad féin a dhéanamh níos éasca le húsáid ag lucht gnó. Tá treoirlínte ann maidir le:

  • caighdeán agus infhaighteacht na faisnéise a chuirtear ar fáil
  • nósanna imeachta leictreonacha a chomhlánú
  • teacht a bheith ag úsáideoirí ar sheirbhísí i mBallstáit eile
  • inúsáidteacht

Chomh maith leis sin, sa Teachtaireacht maidir le cur chun feidhme na Treorach maidir le Seirbhísí  iarrtar ar na Ballstát Ionaid Ilfhreastail a fhorbairt:

  • a chlúdaíonn gach nós imeachta den timthriall gnó
  • atá ilteangach
  • atá níos éasca le húsáid

Tá na hIonaid san áireamh sa togra maidir le ‘Tairseach Aonair Dhigiteach’ a bhunú. Leis an togra sin tugtar isteach ceanglais bhreise maidir le cáilíocht, infhaighteacht agus so-úsáidteacht faisnéise agus maidir rochtain trasteorann ar nósanna imeachta.

Déantar measúnú bliantúil ar fheidhmíocht na nIonad Ilfhreastail mar chuid de Scórchlár an Mhargaidh Inmheánaigh.

Staidéir agus imeachtaí