Nuacht ar an tairseach

Innealtóirí Rómánacha ar a mbealach go dtí an Iorua

A bhuíochas ar sheisiún earcaíochta inar roghnaigh EURES mórchuid de na hiarratasóirí roimh ré, tá teicneoirí agus innealtóirí Rómánacha ar a mbealach go dtí an Iorua chun dul i mbun oibre i dtionscal borrach gáis agus ola na tíre sin.
 
D’fhreastail trí cinn de chuideachtaí innealtóireachta Ioruacha – Dfind Engineering AS, Slitasjeteknikk AS agus Aker Advantage AS – ar an ócáid speisialta dhá lá ar an 26-27 Meán Fómhair i bPloiesti na Rómáine. Ba é EURES i gcomhar le Prahova County Employment Agency a d’eagraigh an seisiún.
 
Bhí Comhairleoirí EURES ón Rómáin agus ón Iorua i láthair chun a chinntiú go bhfuair cuideachtaí agus iarratasóirí an tacaíocht cheart, lena n-áirítear cabhair le teangacha.
 
Freagairt spreagúil
Bhí 76 iarratasóir cáilithe i láthair ar an ócáid, agus iarradh ar chuid acu dul faoi agallamh le breis is fostóir amháin. Ba í Comhairleoir EURES, Elena Tane, a oibríonn sa Rómáin, a rinne mórchuid den obair dhian i dtaca le hiarratasóirí a roghnú roimh ré.
 
Fuair Elena liosta folúntas poist ó na fostóirí Ioruacha. D’aistrigh sí na tairiscintí agus phostáil sí iad ar Thairseach EURES um Shoghluaiseacht ó Phost go Chéile agus níorbh fhada go raibh na hiarratais ag teacht isteach go tiubh.
 
“As timpeall 500 CV, roghnaigh mé 120 ag brath ar cháilíochtaí agus ar thaithí, ansin chuir me gach ceann díobh ar aghaidh chuig beirt de na fostóirí,” a mhínigh Elena. “Roghnaigh siadsan 51 iarratasóir le cur faoi agallamh ag ár n-ócáid earcaíochta.”
 
D’iarr an chuideachta eile ar iarratasóirí a gcuid iarratas a sheoladh díreach go dtí a suíomh Gréasáin féin. Tá poist faighte ag triúr iarratasóirí cheana féin, agus tá tairiscintí oibre ó na cuideachtaí eile “sa phíblíne”.
 
Fuarthas aiseolas an-dearfach ó na cuideachtaí. Mar a dúirt Andreas Feren ó Dfind Engineering: “Chuaigh scileanna teicniúla na n-iarratasóirí ar labhraíomar leo go mór i bhfeidhm orainn, agus tá tús curtha againn leis an athbhreithniú, féachaint cé na daoine a bhféadfaimis obair a thairiscint dóibh."
 
Ina dhiaidh sin d’iarr an chuideachta ar EURES tuilleadh folúntas poist a phostáil ar an tairseach agus tá súil againn go leanfaidh an comhoibriú ar aghaidh sa bhliain romhainn.
 
Léigh tuilleadh:
 
Aimsigh Lá Fostaíochta i bhFéilire Imeachtaí EURES
 
 
 
 
Faigh amach céard atá EURES in ann a dhéanamh d’fhostóirí

Bí páirteach le EURES ar Facebook
 
Lean EURES ar Twitter
 
Ceangail le EURES ar LinkedIn
 
Lean EURES ar Google+

« Ar Ais