Nuacht ar an tairseach

Giotár agam, taistealóidh mé

Nuair a ghlac Rafael Calvo Díaz sos óna phost rialta, níor shamhlaigh sé riamh go gcríochnódh sé suas 2 700 km soir ó thuaidh óna chathair dúchais Gijón, an Spáinn.Inniu múineann sé giotár clasaiceach san Eastóin, a bhuíochas i bpáirt le scileanna seiceála CV de chuid Chomhairleora EURES na hEastóine.
 
Suas le samhradh na bliana seo caite, bhí an fear óg bainte faoi in Asturias i dtuaisceart na Spáinne. Chaith sé 10 mbliana ag déanamh staidéir ar an ngiotár clasaiceach i Gijón agus in Oviedo. Le céim bhaitsiléara gnóthaithe aige sa stair chomh maith le cáilíocht iarchéime sa mhúinteoireacht, mhúin sé ansin ina chathair dhúchais ar feadh ocht mbliana. Chaití maidineacha ag múineadh na fealsúnachta, na staire agus an cheoil i scoil dara leibhéal agus chaití tráthnónta ag acadamh ceoil ag múineadh an giotár Spáinneach do mhic léinn.
 
Cén fáth tír Eorpach i bhfad ón mbaile a roghnú? “Is breá liom mo chuid oibre sa Spáinn, ach theastaigh uaim a fheiceáil conas a mhaireann agus a oibríonn daoine thar lear,” a dúirt Rafael. Tar éis dó cead a fháil óna fhostóir bliain shabóideach a ghlacadh, rinne sé a mhachnamh faoina roghanna.
 
De bharr a chuid suime i stair Bhaltach, chuaigh sé i dteagmháil le foireann EURES san Eastóin le fáil amach an raibh folúntais acu do mhúinteoirí Spáinnise nó do mhúinteoirí an ghiotáir Spáinnigh. Chonaic Marite Uibo, comhairleoir EURES i mbaile Valga, a CV. Bhí sí den tuairim go n-éireodh níos fearr leis san Eastóin dá ndíreodh sé ar a chuid scileanna múinteoireachta ceoil.
 
Ar aghaidh go mear go Taillinn
 
Go luath in Iúil 2012, ghlaoigh Marite ar ais le dea-scéal. Bhí folúntas le líonadh láithreach bonn ag Cumann Giotár na hEastóine. Roimh dheireadh Lúnasa, tar éis sraith r-phost agus glaonna, bhí Rafael ar eitleán chuig an bpríomhchathair, Taillinn.
 
Tá a sceideal múinteoireachta giotáir roinnte idir dhá acadamh ceoil: Vanalinna Hariduskolleegium i dTaillinn agus Toila Muusika-ja Kunstikool, thart ar 150 km soir ó phríomhchathair na hEastóine.
 
“Táim sásta a bheith san Eastóin,” a deir sé. “Tá mo thuarastal níos ísle ná mar a bhí sa Spáinn, ach tá ag éirí liom leis an dá phost. Tá an cultúr anseo difriúil ó chultúr na Spáinne, ach tá cúpla focal Eastóinise á bhfoghlaim agam agus is teanga idirnáisiúnta é an ceol!”
 
Dúirt Rafael gur aimsigh sé árasán agus go bhfuair sé cárta aitheantais Eastónach le cúnamh ó Julia Kahro-Reinman, Uachtarán Chumann Giotár na hEastóine. I ndáil lena cheapachán dúirt sí: “Tá easpa múinteoirí giotáir cáilithe san Eastóin, agus dá réir sin bhíomar an-sásta go bhfuaireamar Rafael, fíor-Spáinneach, chun giotár Spáinneach clasaiceach a mhúineadh dár mic léinn.”
 
Tá sé ar intinn ag Rafael Eastóinis a fhoghlaim, má fhanann sé i dTaillinn go ceann níos mó ná bliain amháin. Is rogha eile atá aige an Spáinnis a mhúineadh mar theanga iasachta san Eastóin, ag comhlánú ag chuid ceachtanna giotáir.
 
San am céanna tá céim Mháistreachta á chríochnú aige san eacnamaíocht agus eolaíocht pholaitiúil, á bronnadh ag UNED (Ollscoile Oscailte na Spáinne). “Díríonn sé ar an AE. Tá sé mar aidhm agam an tionscadal deiridh a chur i láthair i Maidrid in Iúil 2013.”
 
 
 
Léigh tuilleadh:
 
 
Cuardaigh Lá Fostaíochta ibhFéilire Imeachtaí EURES
 
 
 
 
Faigh amach céard is féidir le EURES a dhéanamhd’fhostóirí
 

 

« Ar Ais