Nuacht ar an tairseach

Cuardach post dóibh siúd atá claonta i leith na bhfón póca

Tugann feidhmchlár úr (aip) rochtain simplithe ach forleathan ar Thairseach EURES um Shoghluaisteacht ó Phost go Chéile d’úinéirí fhón póca nua-aimseartha.Le cúpla faidhp mhéire, is féidir leo poist ar fud na hEorpa a chuardach, a gComhairleoir EURES is cóngaraí a lorg le haghaidh tuilleadh cuidithe féinoiriúnaithe, nó imeachtaí EURES sa todhchaí a sheiceáil.
 
“Beidh úsáid ghréasáin mhóibíleach níos coitianta ná scimeáil deisce am éigin i 2013,” a deir Pascale Woodruff, comhordaitheoir tionscadail i bhfoireann Tairsí EURES atá lonnaithe sa Bhruiséil. “Dá bhrí sin, d’fhorbraíomar aip a thairgeann cuid mhór d'fheidhmiúlacht ár dtairsí d'úsáideoirí na bhfón cliste."
 
Ceapadh an aip níos luaithe i mbliana, agus seoladh í go hoifigiúil go luath i nDeireadh Fómhair 2012. Tá sé saor in aisce, ar fáil i 25 teanga, agus clúdaíonn 27 Ballstát an AE, mar aon leis an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Eilvéis. Ní oibríonn an aip faoi láthair ach ar ghléasanna móibíleacha Apple, amhail an iPhone agus an iPad. Cuirfear leagan Android ar fáil go luath i 2013. Nuair a bheidh an dá leagan móibíleach seo ar fáil, clúdóidh an aip thart ar 85% de mhargadh fhón cliste na hEorpa.
 
Mar sin, céard is féidir le húsáideoirí aip iPhone Post EURES a dhéanamh ? “Tá fócas aici ar chuardach post,” a deir Pascale. “Lainseáil an aip agus cuir tús le poist a d’fhógair seirbhísí fostaíochta poiblí áit ar bith san Eoraip a chuardach, trí scagairí amhail catagóir phoist agus tír a úsáid.” Is féidir folúntais phoist a bhfuil suim agat iontu a shábháil, mar atá le leabharmharc brabhsálaí, ionas go mbeidh úsáideoirí in ann breathnú orthu níos moille nó iad a chomhroinnt le daoine eile. Is féidir na háiteanna a bhfuil cuid de phoist an tairsí lonnaithe a fheiceáil fiú, trí léarscáileanna inscálaithe ar an scáileán a úsáid.
 
Na tairbhí le feasacht suímh
 
Buíochas le feasacht suímh na haipe móibílí, gné atá roghnach ar an gcuid is mó de na fóin chliste, féadfaidh úsáideoirí a gComhairleoirí EURES is cóngaraí a aimsiú, chomh maith lena sonraí teagmhála. Tá sé seo áisiúil dóibh siúd atá ag iarraidh agallaimh duine le duine a shocrú ina mbaile nó ina gcathair féin, le faisnéis phoist ar leith nó comhairle a fháil. Féadfaidh úsáideoirí na haipe Comhairleoirí a chuardach freisin de réir tíre nó teanga, nó imeachtaí poist EURES atá le teacht a chuardach – lena n-áirítear imeachtaí i dtír an úsáideora.
 
Rud amháin nach ligeann an aip fós ná bainistiú de CV agus faisnéis phróifíle an úsáideora ar Thairseach EURES. “Tá súil againn na gnéithe sin a chur i bhfeidhm gan mhoill,” a deir Pascale, a dúirt freisin go gcuirfear feabhas ar chuardach poist gan mhoill chun torthaí níos ábhartha d’úsáideoirí a sholáthar.
 
Is córas cuntais é My EURES atá in úsáid ag breis agus 964 000 cuardaitheoir poist agus thart ar 29 000 eagraíocht fhostóirí. Tairgeann sé gnéithe breise d’úsáideoirí cláraithe. Mar shampla, féadfaidh cuardaitheoirí poist rogha a dhéanamh foláirimh ríomhphoist a fháil nuair a bhíonn poist oiriúnacha ar fáil, agus féadfaidh fostóirí cuardaigh phoist a chúngú trí CVanna na n-iarratasóirí a scagadh.    
 
Leis an gcóras seo tá dualgas ar úsáideoirí clárú le bogearraí deisce faoi láthair, ach aistreofar é gan mhoill chuig an aip nua, rud a éascóidh logáil isteach agus amach mhóibíleach. “Tá an-áthas orainn an tairiscint seirbhíse EURES a fhorleathnú, trína chur ar fáil ar an gcainéal móibíleach atá ag forleathnú go tapúil,” a deir Woodruff.
 
 
Léigh tuilleadh:
 
Aip iPhonepost EURES(nó cuardaigh le haghaidh “EURES” sa siopa Aipeanna)
 
 
 
 

 
 

 

« Ar Ais