Nuacht ar an tairseach

Ná soláthair in am ar bith do shonraí bainc do chuideachta gan aithint

Le déanach, rinne cuideachta darb ainm United Technologies teagmháil ghutháin le cuardaitheoirí poist atá cláraithe ar thairsí fostaíochta, ag iarraidh orthu a seoltaí ríomhphoist a sholáthar le tairiscint poist a sheoladh.
 
Nuair a thugtar an seoladh ríomhphoist, seoltar ríomhphost chuig an gcuardaitheoir poist ina n-iarrtar orthu sonraí bainc a sheoladh chuig an gcuideachta, mar aon le huimhir an chárta chreidmheasa. Molann EURES nach bhfreagraíonn cuardaitheoirí poist aon ríomhphoist ón gcuideachta seo, nó ó chuideachtaí eile comhchosúla, agus molann go láidir gan sonraí cárta creidmheasa a sheoladh in am ar bith, mar ní iarrfadh fostóir dáiríre an t-eolas seo. Tá EURES ag déanamh gach beart is féidir chun an chineál seo d’iompar calaoiseach a chosc sa todhchaí.

« Ar Ais