Nuacht ar an tairseach

Cabhraíonn EURES le Gníomhaireacht Fostaíochta Dúitseach 50 oibrí a earcú san Ungáir

Tá caoga duine den lucht cuardaigh fostaíochta ón Ungáir réidh chun taithí a fháil ar an saol oibre thar lear a bhuíochas le seó bóthair earcaíochta a d’eagraigh EURES san Ungáir agus san Ísiltír, i gcomhar le gníomhaireacht post Dúitseach.
 
Thug an seó bóthair cuairt ar chúig cinn de na cathracha is mó na hUngáire* san earrach chun an obair shéasúrach san Ísiltír a chur chun cinn. D’fhreastail níos mó ná 700 duine ar na himeachtaí, freagra nach rabhthas ag súil in aon chor leis.
 
“Bhí an-ionadh orainn faoin tinreamh, ach tá go leor daoine san Ungáir a bhfuil fonn orthu taithí a fháil ar an saol oibre thar lear,” a mhíníonn Comhairleoir EURES Géza Surányi.
 
Eispéiris nua
Fógraíodh na seónna bóthair roimh ré sna nuachtáin áitiúla agus in oifigí fostaíochta. Ag na himeachtaí, bhí comhaltaí foirne i láthair chun an tacaíocht a sholáthraíonn EURES a mhíniú dóibh siúd a raibh spéis acu dul i mbun oibre thar lear, amhail socrúcháin, ionchais phoist agus faisnéis ar dhálaí oibre agus maireachtála san Eoraip. 
 
Thug an chuideachta Dúitseach, AB Job Service International Recruitment, roinnt cur i láthair faoin obair á thairiscint. Bhí daoine á lorg ag an earcaitheoir chun a gcuid ama a thabhairt go bunúsach le haghaidh socrúcháin 10 go 12 seachtaine ag stothadh fiailí ar fheirmeacha ar fud na hÍsiltíre. Iarradh ar aon duine a raibh spéis acu san obair a gcuid sonraí a sholáthar agus foirm iarratais, a bhí ar fáil ar líne freisin, a chomhlíonadh.
 
“Tá sean-taithí ag an gcuideachta ar earcú ó thar lear le rathúlacht acu roimhe seo sa Pholainn, sa Liotuáin agus i bPoblacht na Seice, ach is é seo an chéad uair gur tháinig siad chun na hUngáire,” a deir Géza. “Bhí fonn orthu bualadh le daoine nua agus bhíodar an-sásta leis an bhfreagra a fuair siad”.
 
Féadfar cineál eile obair shéasúrach a thairiscint le fostaithe más rud é go bhfuil an fostóir sásta lena gcuid oibre.
 
“Bhí na seónna bóthair seo an-rathúil do EURES freisin, ag cabhrú chun ár bpróifíl a mhéadú go háitiúil. Táimid ag féachaint cheana féin ar an bhfoirmle a eagrú arís an bhliain seo chugainn,” a deir Géza.
 
Léigh tuilleadh:
 
Cuardaigh Lá Fostaíochta i bhFéilire Imeachtaí EURES
 
 
Faigh tuilleadh faisnéise faoi na dálaí oibre agus maireachtála i dtíortha Eorpacha éagsúla ar Thairseach EURES um Shoghluaisteacht ó Phost go Chéile
 
 
Faigh amach céard is féidir le EURES a dhéanamh d'fhostóirí
 
*Miskolc, Debrecen, Eger, Szeged agus Búdaipeist

« Ar Ais