Nuacht ar an tairseach

Coimaitéireacht níos éasca, le cúnamh ó EURES

Chuaigh comaitéir Gearmánach atá lonnaithe san Ostair chuig EURES le sainchomhairle a fháil ar mhaireachtáil agus ar fhostaíocht i dtír eile Eorpach.
 
Is fíorshampla é Marcel Bedenknecht de shoghluaisteacht Eorpach ag feidhmiú: náisiúnach Gearmánach, atá ina chónaí go buan san Ungáir, a bhfuil ionad oibre aige san Ostair. Agus é ag déanamh comaitéireachta idir Sopron agus Vín, tá eispéireas saoil ag Marcel i dtír éagsúil ar bhonn laethúil. “Fiche nó tríocha bliain ó shin, níorbh fhéidir a bheith ag obair ar an mbealach seo, ach faoi láthair tá gach rud difriúil ar fad,” a deir sé go díograiseach.
 
Nuair a d’iarr cuideachta Marcel air dul ag obair i Vín, bhí a fhios aige, ní amháin go mbeadh sé ag obair i dtír nua san AE, ach freisin go mbeadh se ag déanamh comaitéireachta óna bhaile glactha, an Ungáir, ar bhonn rialta. Cé go raibh se breá cleachtaithe le maireachtáil ar an gcoigríoch, agus eolas maith aige ar an Ungáir cheana féin, chuaigh sé chuig EURES sa réigiún Pannonia le comhairle níos doimhne a fháil, tar éis do chara dá chuid EURES a lua.
 
Tá breis agus 16 000 oibrí trasteorann sa réigiún Pannonia idir an Ostair agus an Ungáir, agus tá na seirbhísí a sholáthraíonn EURES ina gcúnamh chun an réigiún beoga a choimeád ag feidhmiú.
 
Nuair a chuala Péter Csizmár, Comhordaitheoir EURES-T Pannonia, faoi iarratas Marcel, chuir sé chuig Comhairleoir EURES é láithreach. “Bhí me measartha eolach cheana féin ar an saol san Ungáir, de thairbhe go ndearna mé staidéar inti,” a deir Marcel, “ach thug EURES cúnamh dom ar na sonraí níos ‘teicniúla’ faoi mhaireachtáil idir an dá thír, mar shampla na difríochtaí idir na córais chánach agus na difríochtaí idir na córais leasa sóisialta,” a leanann sé.
 
Ós rud é go raibh cónaí air ar an gcoigríoch roimhe sin, tuigeann Marcel go maith na dúshláin ar leith a bhaineann le fostaíocht i dtír iasachta. “Nuair a aistríonn tú chuig áit nua, ní fios cad atá in ann duit. Tá a huathúlacht féin ag gach tír, agus tá se an-luachmhar a bheith in ann comhairle a fháil ó EURES," a deir se mar fhocal scor.
 
Léigh tuilleadh:
 
Faigh tuilleadh faisnéise faoi na dálaí oibre agus maireachtála i dtíortha Eorpacha éagsúla ar Thairseach EURES um Shoghluaisteacht ó Phost go Chéile
 
 
 
 
 
Faigh amach céard is féidir le EURES a dhéanamh d’fhostóirí

« Ar Ais