Nuacht ar an tairseach

EURES le cuidiú le pleananna leathnaithe Euroccor

Tá an chuideachta Euroccor, bunaithe sa Bhulgáir, ag leathnú a cuid seirbhísí i láthair na huaire agus tá roinnt folúntas le líonadh aici.Chas siad go EURES chun cabhrú leo na hiarrthóirí is fearr a fháil le freastal ar a cuid custaiméirí idirnáisiúnta.
 
 Fostaíonn Euroccor, lárionad glaonna seachfhoinsithe lonnaithe sa Bhulgáir, os cionn 220 duine, go leor acu ar ó thíortha Eorpacha eile iad. Tá an chuideachta ag gabháil trí thréimhse leathnaithe agus tá siad ag iarraidh 50 fostaí eile a earcú. I measc na bhfolúntas áirítear obair i lárionaid glaonna agus cúram custaiméirí, poist díolacháin gnó-le-gnó agus gnó-le-tomhaltóir. 
 
“An fhealsúnacht atá againn ná gan daoine a earcú díreach isteach i bpoist cheannródaíocha ach iad siúd leis an mian agus cumas ceannaireachta acu a fhostú agus ansin an deis um dhul chun cinn a thabhairt dóibh. Mar sin tá sé tábhachtach dúinn na hiarrthóirí cearta a aimsiú,” a mhíníonn Redhuan Haltout, Bainisteoir Earcaíochta ag Euroccor.
 
Cabhraíonn EURES leis an gcuideachta an rud díreach sin a dhéanamh. “Réamh-roghnaíonn siad iarrthóirí agus léiríonn siad imeachtaí earcaíochta. Is minic go mbíonn an tseirbhís a sholáthraíonn Comhairleoirí EURES níos fearr ná gníomhaireacht earcaíochta toisc go bhfuil siad speisialaithe i dtíortha áirithe agus féadfaidh siad saibhreas faisnéise a sholáthar,” a deir sé.
 
“Táim i mbun oibre le EURES ón uair a tháinig mé go Euroccor bliain ó shin. D’oibrigh mé ar feadh 12 bliain don VDAB, an tseirbhís fostaíochta poiblí Phléimeannach sa Bheilg mar sin bhíos ar an eolas faoi EURES agus theastaigh uaim oibriú leo.
 
“Is comhar é a oibríonn go maith. In 2011, d’earcaíomar thart ar 40 Ollannach agus Beilgeach agus tháinig thart ar leath díobh chugainn trí mheán EURES. Tá a fhios agam nuair a thagann daoine chugainn trí EURES go mbíonn siad go maith ar an eolas."
 
“Táimid thar a bheith sásta go bhfuilimid i mbun oibre le EURES agus teastaíonn uainn an chomhpháirtíocht seo a choinneáil sa todhchaí,” a deir sé mar fhocal scoir.
 
 
Léigh a thuilleadh:
Faigh a thuilleadh faisnéise faoi Euroccor
 
 
Faigh a thuilleadh faisnéise faoi na dálaí oibre agus maireachtála i dtíortha Eorpacha éagsúla ar Thairseach EURES um Shoghluaisteacht ó Phost go Chéile
 
Cuardaigh fostaithe oilte i mBunachar Sonraí CV EURES

« Ar Ais