Nuacht ar an tairseach

EURES: deich mbliana d’earcú foirne chuig ionad sciála Ostarach

Don Stubai Glacier, limistéar sciála oighreach is mó na hOstaire, tugann tús an tseasúir sciála nua baisc úr earcaithe leis mar fhoireann don ionad gnóthach.
 
 
Sáraíonn an t-éileamh ar oibrithe chun folúntais a líonadh sna hionaid sciála an soláthar san Ostair agus dá bharr sin is ríthábhachtach an comhar Eorpaigh chun cuidiú le hearcaíocht. Le nach mór deich mbliana anuas, tá an Stubai Glacier i réigiún na Tioróla san Ostair ag brath ar sheirbhísí EURES na Fionlainne chun cabhrú le foireann a earcú dá chuid bialann agus beár san ionad clúiteach.
 
Gach séasúr sciála fostaíonn an chuideachta thart ar cúigear agus seachtar duine a mholann EURES na Fionlainne dóibh. Tá na cineálacha post á dtairiscint i réimse na lónadóireachta agus áirítear ann foireann bheáir, freastalaithe, cócairí agus glantóirí. 
 
Mar sin conas a d’fhoghlaim Manfred Unterkirchner, Stiúrthóir Lónadóireachta san ionad sciála, faoi EURES? “Chuaigh mé i mbun teagmhála na seirbhíse fostaíochta poiblí san Ostair ar dtús agus cuireadh ar aghaidh go EURES na Fionlainne mé. Tá an teagmháil leo siúd thar a bheith maith,” a deir sé.
 
I gcaitheamh na 10 mbliana tá sé cinntithe ag an gcomhar leanúnach le EURES na Fionlainne go n-éiríonn go geal leis an bpróiseas earcaíochta. “Gach bliain thart ar mí Lúnasa léirímid ár gcuid riachtanas don PES agus do EURES. Fógraíonn Mari Turunen, Comhairleoir EURES san Fhionlainn, ár gcuid folúntas go háitiúil. Déanann Mari roinnt réamh-eagrúcháin ar iarratasóirí agus roghnaítear oibrithe i ndlúthchomhar le EURES bunaithe ar a gcuid CVanna,”
a mhíníonn Manfred.
 
Is comhar é atá beartaithe le leanúint ar aghaidh ar feadh na mblianta fada le teacht. “Tá sé fíor-bhuntáisteach úsáid a bhaint as seirbhísí na seirbhíse fostaíochta poiblí agus EURES araon agus cabhraíonn sé linn an iliomad folúntas a bhíonn againn gach séasúr a líonadh,” a dhearbhaíonn Manfred.
 
 
Léigh a thuilleadh:
Faigh a thuilleadh faisnéise faoi limistéar sciála an Stubai Glacier
 
 
 
Cuardaigh fostaithe i mBunachar Sonraí CV EURES

« Ar Ais