Nuacht ar an tairseach

Amazon.com: cuidíonn EURES le hearcaíocht do thréimhse na Nollag

“An féidir leat 100, 200 nó fiú 500 fostaithe a chur chugainn?”Sin í an cheist a chur an siopa ar líne ilnáisiúnta Meiriceánach Amazon.com ar Chomhairleoir EURES sa tSualainn le déanaí.B’éigean do Amazon.com oibreoirí a earcú don lárionad stórais Eorpaigh atá acu i Bad-Hersfeld, an Ghearmáin, chun déileáil le rúid deireadh na bliana dosheachanta i dtreo tréimhse na Nollag. 
 
Mar Chomhairleoir EURES i Norrköping, an tSualainn, cathair ina bhfuil cónaí ar 87 000 duine, shíl Mona-Lisa Johannesson gur dúshlán ann féin ba ea iarracht a dhéanamh ar 100 fostaí a earcú.
 
“Chuireamar bróisiúir in airde in oifigí na seirbhíse fostaíochta poiblí agus chuireamar na folúntais in airde ar líne ar thairseach EURES. Ach ba ghairid sula thugas faoi deara nárbh leor sin; bhí orm mo theachtaireacht a chur amach en masse, chuige sin chuaigh mé i mbun teagmhála leis an gcainéal teilifíse nuachta áitiúil. Theastaigh uathu go n-íocfaimis as fógra ach chuireas argóint ina láthair ag impí orthu gur cheart go mbeadh sé mar ábhar fiúntais nuachta ann féin go raibh 100 duine den lucht cuardaigh fostaíochta á earcú ar aon ócáid amháin,” a mhíníonn Mona-Lisa.
 
Agus bhí cinnte. Seachtain sular reáchtáladh an ócáid earcaíochta ar 13 Deireadh Fómhair 2011, bhíothas tar éis scéal na hearcaíochta a chraoladh ar an teilifís. An deis a bhí á thairiscint ná obair le Amazon.com sa Ghearmáin i gcaitheamh mí na Samhna agus mí na Nollag 2011. “Chuireas ina luí ar Amazon.com nach mbeinn in ann ógánaigh na Sualainne a chur chun na Gearmáine ar feadh dhá mhí gan cóiríocht agus iompar a thairiscint chomh maith, go háirithe toisc go raibh na tuarastail á dtairiscint íseal i gcomparáid le tuarastail na Sualainne,” a insíonn Mona-Lisa dúinn. D’aontaigh Amazon.com leis an moladh seo agus d’earcaigh siad cuideachta chun tithíocht, socruithe taistil agus bia a eagrú ar chostas réasúnach.
 
Ag an ócáid earcaíochta, chuir EURES na Gearmáine, EURES na Sualainne agus Amazon.com agallamh ar 183 iarrthóirí i dteannta a chéile. An riachtanas ba thábhachtaí ná go mbeadh ar chumas an lucht cuardaigh fostaíochta Gearmáinis nó Béarla a labhairt. Is iomaí duine den lucht cuardaigh fostaíochta a raibh ceisteanna acu ar chúrsaí cánachais nó dálaí oibre agus maireachtála sa Ghearmáin, agus bhí EURES i láthair chun na freagraí cuí a sholáthar. Maidir le Amazon.com “bhí an chuideachta an-tógtha le cáilíocht an lucht cuardaigh fostaíochta agus bheartaigh siar ar 75 duine a fhostú ón ócáid earcaíochta seo, beidh aghaidh á dtabhairt acu ar an nGearáin i mí na Samhna 2011,” a deir Mona-Lisa mar fhocal scoir.
 
Léigh a thuilleadh:
 
Cuardaigh Lá Fostaíochta i bhFéilire Imeachtaí EURES
 
 
Faigh a thuilleadh faisnéise faoi na dálaí oibre agus maireachtála i dtíortha Eorpacha éagsúla ar Thairseach EURES um Soghluaisteacht ó Phost go Chéile
 
 
Cuardaigh fostaithe oilte i mBunachar Sonraí CV EURES
 
Faigh amach céard is féidir le EURES a dhéanamh d’fhostóirí

« Ar Ais