Nuacht ar an tairseach

Deiseanna nua do lánúin Ioruach

Bhog Elisabeth agus Thomas Johnsen ón Iorua go hÉirinn i Lúnasa 2010 tar éis dóibh freagra a thabhairt ar fholáireamh téacs SMS ó EURES faoi dheiseanna poist.Tar éis níos mó ná bliain ag maireachtáil agus ag obair i dtír eachtrach, conas atá ag éirí leo?
 
“Tá sé go hiontach anseo agus táimid ag baint an-sásamh as,” a deir Elisabeth. “Tá poist mhaithe ag an mbeirt againn agus níos mó ioncam indiúscartha ná mar a bhí againn san Iorua, rud a chiallaíonn go bhfuil cáilíocht beatha mhaith againn agus gur féidir linn dul amach níos mó.”
 
Tá Elisabeth agus Thomas tar éis aistriú ó na chéad poist a fuair siad in Éirinn agus oibríonn siad anois mar thástálaithe d’fhíschluichí le haghaidh cuideachtaí difriúla.
 
“Ba dhúshlán é bogadh anseo mar fuaireamar amach go bhfuil cur chuigí éagsúla ag fostóirí sa dá thír,” a mhíníonn Elisabeth. “Agus tá a cuid rialacha agus bealaí féin ag gach tír chun rudaí a dhéanamh, ach foghlaimíonn tú iad sula bhfad.” 
 
Is cinnte go raibh sé níos éasca do Elisabeth agus Thomas, lánúin phósta atá go luath sna fichidí, bogadh go tír eile le chéile. “Bhíomar in ann tacaíocht a thabhairt dá chéile,” a deir Elisabeth. “Ach níl éirithe chomh maith céanna le roinnt daoine a bhfuil aithne againn orthu a tháinig anseo ina n-aonar.” Tugann sí comhairle do dhaoine óga eile bogadh in éineacht le cara nó páirtí más féidir.
 
Ag glacadh le difríochtaí
 
Measann Elisabeth go gcuidíonn na scileanna teanga eachtrach atá aici féin agus ag Thomas leo an méid is mó tairbhe a bhaint as an saol in Éirinn, ach tá sé ríthábhachtach freisin meon dearfach a bheith agat.
 
“Ní mór duit a bheith réidh glacadh le difríochtaí cultúrtha agus smaoinigh nach mbeidh an saol mar an gcéanna le do thír féin,” a deir Elisabeth. “Ba chóir duit freisin an méid agus is féidir a fháil amach faoi aon tairiscint poist a fhaigheann tú agus taighde críochnúil a dhéanamh ar théarmaí agus coinníollacha agus a leithéid – ba cheart don réaltacht a bheith mar an gcéanna leis an ngealltanas.”
 
Léigh a thuilleadh:
 
Faigh amach conas a bhog Elisabeth agus Thomas tríd an alt nuachta EURES níos luaithe seo a léamh.
 
Cuardaigh Lá Fostaíochta i bhFéilire Imeachtaí EURES
 
 
Faigh a thuilleadh faisnéise faoi na dálaí oibre agus maireachtála i dtíortha Eorpacha éagsúla ar Thairseach EURES um Soghluaisteacht ó Phost go Chéile
 
 
Cuardaigh fostaithe oilte i mBunachar Sonraí CV EURES
 
Faigh amach céard is féidir le EURES a dhéanamh d’fhostóirí
 
 

« Ar Ais