Nuacht ar an tairseach

Faigheann lucht cuardaigh fostaíochta Ollannaí obair i monarcha Ghearmánach

Tá ag éirí go maith leis an téarnamh geilleagrach sa Ghearmáin.Chomh maith sin, go deimhin, go bhfuil ganntanais fostaithe i roinnt réimsí cheana féin.A bhuíochas d'iarrachtaí comhcheangailte de chuid gníomhaireachtaí agus cuideachtaí san Ísiltír agus sa Ghearmáin, tá obair faighte ag thart ar 200 lucht cuardaigh fostaíochta Ollannaí fadtéarmach i monarcha Gearmánach.    
 
Tá deiseanna poist gann i réigiún thoir thuaidh na hÍsiltíre fad is atá an staid i bhfad níos fearr trasna na teorann sa Ghearmáin. Tá an Comhairleoir EURES Tjerk Mulder mar chuid d'fhoireann tionscadail a bhfuil sé mar aidhm aici obair a fháil sa Ghearmáin do lucht cuardaigh fostaíochta Ollannaí.
 
Áirithe ar an bhfoireann tionscadail tá UWV Werkpleinen (ionaid faisnéise poist) ó Groningen Thiar, an Zentrum für Arbeit (Ionad Oibre) i Leer, an chuideachta athimeasctha Gearmánaigh Kreishandwerkerschaft, an ghníomhaireacht fostaíochta sealadaí ZPN, agus Aero – monarcha Ghearmánach a dhéanann lanna rótair le haghaidh tuirbíní gaoithe.
 
“Réitíonn na grúpaí seo go léir go maith lena chéile,” a deir Tjerk. “Tá a fhios againn go díreach céard atá á lorg againn óna chéile agus cén chaoi ar féidir linn ár sprioc choiteann a bhaint amach. Cuireann an grúpa na hoiliúnóirí poist sna hionaid faisnéise poist agus bardais ar an eolas faoin tionscadal, chomh maith leis na cineálacha próifílí a bhíonn á lorg againn. Lorgaíonn siad iarratasóirí oiriúnacha ansin.”
 
D’éirigh leis an gcuideachta Ghearmánach, Aero, 200 oibritheoir lannaithe a earcú. “Theastaigh uathu na folúntais seo a líonadh le hoibrithe Ollannacha,” a mhíníonn Tjerk. “Is cosúil go mbeidh 100 folúntas poist eile ann amach anseo. Mar sin, tá an tionscadal seo imithe i bhfeidhm go mór ar an réigiún cheana féin.”
 
Tá ról ríthábhachtach ag EURES
Cuireadh oiliúint phoist orthu siúd a ceapadh chun na bpost, is é sin, coicís oiliúna praiticiúla agus teoiriciúla comhcheangailte agus ceithre seachtaine ar urlár na monarchan sa mhonarchan in Aurich, sa Ghearmáin. Bhí EURES freagrach as comhordú an tionscadail mar aon le comhairle a thairiscint ar na fostaithe nua.
 
“Má tá cónaí ort san Ísiltír agus oibríonn tú sa Ghearmáin, is gá roinnt socruithe a dhéanamh. Is féidir le fostaithe nua Aero dul i dteagmháil linn i gcónaí le haon cheisteanna a bhíonn acu nó le haghaidh comhairle faoi ábhair cosúil le dlí saothair agus slándáil sóisialta,” a shonraíonn Tjerk.
 
 
 
Léigh a thuilleadh:
 
 
Faigh a thuilleadh faisnéise faoi na dálaí oibre agus maireachtála i dtíortha Eorpacha éagsúla ar Thairseach EURES

« Ar Ais