Nuacht ar an tairseach

Earcaíonn an Ostair foirne óstáin sna hOileáin Chanáracha

Cabhraíonn comhairleoirí EURES le cuideachtaí turasóireachta ón Ostair foirne óstáin a earcú sna hOileáin Chanáracha don gheimhreadh, ag éascú na dífhostaíochta ar na hoileáin.
 
Tá méadú suntasach tagtha ar dhífhostaíocht i ndiaidh na géarchéime geilleagraí in Oileáin Chanáracha na Spáinn, atá ar cheann de na cinn scríbe is mó cáile do thurasóirí san Eoraip. Tá dífhostaíocht beagnach in ionannas le 30% - an leibhéal is airde le blianta.
 
Is cinn scríbe móréilimh iad Tirol agus Salzburg san Ostair freisin ach braitheann an turasóireacht ann níos mó ar an séasúr. Bíonn foirne óstáin breise ag teastáil chun na trí nó ceithre mhí ina dtagann turasóirí chuig an réigiún le haghaidh spórt geimhridh a chlúdach. Gach bliain, cuardaíonn EURES san Ostair fostaithe óstáin a bhfuil taithí acu agus a bhfuil leibhéal maith Gearmáinise acu.
 
“Tá mórán daoine dífhostaithe againn anseo sna hOileáin Chanáracha a oiriúnaíonn do na critéir,” arsa Marisa Carmona, comhairleoir de chuid EURES sna hOileáin Chanáracha.
 
Leanann Marisa Carmona ar aghaidh: “D’fhreastal comhairleoir de chuid EURES ón Ostair ar ár Laethanta Fostaíochta i mí Feabhra 2010. Chruthaíomar an nasc agus rinneamar cinneadh an tionscadal spéisiúil seo a théann chun tairbhe an dá thír a sheoladh”.
 
Faoi Mheán Fómhair 2010, bhí EURES sna hOileáin Chanáracha ag cur folúntais san Ostair chun cinn cheana féin in oifigí fostaíochta áitiúla, agus rinne sé réamhroghnú ar líon iarrthóirí féideartha bunaithe ar a gcuid scileanna teanga agus taithí gairmiúla. 
 
I mí na Samhna, thaisteal beirt chomhairleoirí Ostaracha de chuid EURES chuig na hOileáin Chanáracha chun agallaimh a chur i gcrích. Bhuail na comhairleoirí le thart ar 80 iarrthóir sa dá phríomhchathair sna Canáracha.
 
Roghnaíodh 34 duine agus ar deireadh thiar d’aistrigh 22 go dtí an Ostair idir Nollaig 2010 agus Eanáir 2011. Bhog siad ón ngrian chuig an sneachta chun oibriú in óstáin i Tirol agus i Salzburg.
 
“Bhí iarrthóirí ar bís faoin eispéireas agus is cosúil go raibh fostóirí an-sásta freisin. Dá bhrí sin tá súil againn tabhairt faoin tionscadal athuair an bhliain seo chugainn,” a shonraigh Marisa Carmona.
 
Léigh a thuilleadh:
 
EURES sna hOileáin Chanáracha ar Facebook
 
Láithreán gréasáin oifigiúil do EURES san Ostair
 
Faigh comhairleoirí EURES i do réigiún anseo

« Ar Ais