Nuacht ar an tairseach

EURES: Cúnamh laistigh de na gairmeacha is neamhghnáiche fiú

Séidire gloine gairmiúil is ea Ionel Mihalache ó Chontae Botosani sa Rómáin, agus d'oibrigh sé ina bhaile dúchais áit arbh é tionscal na n-earraí gloine an phríomhghníomhaíocht eacnamaíoch. Ar an drochuair, sa bhliain 2007 theip ar ghnó a fhostóra agus fágadh Ionel dífhostaithe. Ós rud é go raibh an tionscal lámhcheardaíochta gloine sa Rómáin an-bheag, bhí amhras ar Ionel nach n-éireodh go rómhaith leis dá mbeadh sé ag lorg fostaíochta nua go háitiúil. Rinne sé teagmháil lena oifig Seirbhíse Fostaíochta Poiblí áitiúil a dúirt leis gurbh é an rogha ab fhearr dó ná teagmháil a dhéanamh le EURES, agus post a lorg in áit eile san Eoraip.

Rinne sé teagmháil láithreach le Gabriela Drobota, Comhairleoir EURES in oifig áitiúil Botosani. Sa Rómáin, baineann fadhbanna le dífhostaíocht san earnáil seo go háirithe agus dá bhrí sin tá iarracht déanta ag Comhairleoirí EURES áitiúla eolas speisialta a fhorbairt den earnáil d'fhonn tacú níos fearr le daoine dífhostaithe. ‘Bhí Gabriela an-chabhrach; ar dtús chabhraigh sí liom mo CV a fhorbairt agus a scríobh i mBéarla’, a dúirt Ionel. ‘Chuir leibhéal saineolais Chomhairleoir EURES ionadh orm, chomh foighneach is a bhí sí liom, agus chomh muiníneach is a bhí sí go bhfaighinn post a d’oirfeadh do mo cháilíocht,’ ar seisean. Mar a deir Gabriela, ‘Rinne mé iarracht bhreise cuidiú leis d’fhonn an post seo a aimsiú, ós rud é go bhfuil an séideadh gloine ina ghairm chomh neamhghnách sin! Ach ba dhúshlán deas é’, a deir Gabriela.

Chuir Gabriela Ionel i dteagmháil leis an Uasal Angelo Colarosa, Stiúrthóir Cose Belle Cose Rare, cuideachta Iodálach atá bunaithe in San Bartolomeo in Galdo nach bhfuil i bhfad ó Napoli, ar speisialtóirí iad i dtáirgeadh earraí lámhdhéanta ardchaighdeáin lena n-áirítear gloine. D'éirigh leis an iarratas a rinne Ionel le Cose Belle Cose Rare; glacadh leis láithreach beagnach, agus thosaigh sé ag pacáil go luath ina dhiaidh sin chun dul go dtí an Iodáil. Bhí cúpla bliain caite aige cheana féin ina chónaí san Iodáil agus staidéar á dhéanamh aige ar shéideadh gloine le healaíontóirí éagsúla mar theagascóirí aige. Bhíodh sé ag machnamh go minic faoi bhogadh ar ais go dtí an Iodáil, mar gheall ar líon na monarchana gloine sa tír; dá bhrí sin mheas sé gur dheis iontach a bhí san aistriú seo.

Dúirt Ionel gur thaitin laghad an tsráidbhaile a raibh sé ina chónaí leis mar gur thug sé deis dó bualadh le daoine agus cairde nua Iodálacha agus Rómánacha a dhéanamh. ‘Mheas mé gurbh í an Iodáil an deis ba mhó a d'fhéadfainn a fháil!’ a dúirt sé. Deir sé freisin nach raibh fadhb ar bith aige maidir leis an Iodáilis a fhoghlaim i ngeall ar a cosúlacht lena theanga dhúchais.

Tar éis dó taithí a fháil thar lear ar feadh roinnt blianta, tá Ionel anois ar ais sa Rómáin. Maidir leis an todhchaí tá rún aige filleadh ar an Iodáil agus a bheith ag obair i monarú gloine i dtuaisceart na tíre. Le tacaíocht ó Chomhairleoirí EURES tá sé cinnte go mbeidh sé in ann é a dhéanamh arís!

« Ar Ais