Nuacht ar an tairseach


cuir an milleán ar láimhseálaithe an bhagáiste!

I ndiaidh cáilíocht ollscoile a bhaint amach, bhí Benoit Guillaume ar thóir inspioráide faoi cén áit a rachadh sé ina dhiaidh sin. Mar sin, mheas sé go mbeadh sé go maith dó tosú le comhdháil ar dheiseanna fostaíochta idirnáisiúnta. Ag imeacht earcaíochta EURES, chuala Benoit cur i láthair ón gComhairleoir EURES Elisabeth Cheneval: “Mealladh mé go nádúrtha ag na deiseanna a bhí ar fáil trí EURES toisc go raibh spéis agam i ndul thar lear.” Chuaigh an cur síos a rinne sí faoin obair le Team Trackers, lárionad glaonna lonnaithe sa Phrág, i gcion air chomh mór sin go raibh an nóiméad tráthúil tagtha de réir dealraimh.

Agus é ag caint le Elisabeth tar éis a cuir i láthair, thug Benoit faoi deara go tapa go raibh sé cáilithe don phost sa lárionad glaonna agus go raibh sé lán-réidh chun dul ann. D’iarr sé sonraí teagmhála an lárionaid uirthi agus chuaigh sé i dteagmháil leis an gcuideachta. Ba léir go ndeachaigh a chuid Béarla líofa agus a dhea-bhéas gutháin i bhfeidhm orthu, mar thairg siad post dó. Níorbh fhada go raibh sé – agus a chuid bagáiste go léir! – ar a bhealach ar eitleán go Prág.

Bhí Benoit sásta leis an gcinneadh a bhí déanta aige láithreach. “Ní mór dom a admháil gur cheap mé go raibh an chathair dochreidte amach is amach. Na droichid agus túir agus na sráideanna – tá sé fíor-álainn, agus tá an t-atmaisféar ar fheabhas.” Bhí an t-ádh le Benoit sa mhéid mar bhí Comhairleoir EURES Elisabeth tar éis roinnt leideanna faoi chóiríocht a thabhairt dó agus bhí sé in ann árasán a aimsiú réasúnta tapa. “D’fhan mé i mbrú óige don chéad seachtain, ach ní bhíonn sé ró-dheacair árasán a aimsiú nuair atá a fhios agat cén áit chun féachaint”.

Caitheadh Benoit isteach i ndomhan Team Trackers go luath i ndiaidh dianchúrsa oiliúna ar bhogearraí ‘world tracer’ – an córas a úsáidtear ag rianairí bagáiste ar fud na cruinne. “Bhí an córas casta go leor”, ach i ndiaidh na seachtaine oiliúna, bhí Benoit réidh chun tabhairt faoi na gutháin.

Is é a bhí i gceist don chuid is mó i ról an oibreora glaonna ná bheith ag plé le fiosrúcháin agus gearáin ó chustaiméirí Air France a raibh a gcuid bagáiste caillte acu. Ansin fágadh faoi Team Trackers iarracht a dhéanamh a ngiuirléidí a athfháil trí dhul i dteagmháil leis na haerfoirt chuí. Simplí de réir na teoirice, ach i gcleachtas ciallaíonn sé go mbítear ag déileáil le roinnt daoine go mór faoi strus. Ar ámharaí an tsaoil, mar thoradh ar chur chuige réchúiseach Benoit, ní raibh mórán fadhbanna aige. “Uaireanta bhíodh roinnt glaonna aisteacha againn. Ach go ginearálta bhí próiseas i bhfeidhm a d’oibrigh go measartha maith. Dá mba rud é go raibh daoine feargach, níorbh fholáir duit é a chur in iúl dóibh nach raibh tú freagrach go pearsanta as an gcaillteanas, agus ansin bhí ort cur ina luí orthu dóibh go raibh tusa chun gach rud arbh fhéidir leat a dhéanamh d’fhonn a mbagáiste a fháil ar ais. De ghnáth d’éirigh daoine suaimhneach leis seo”.

De réir Benoit d’fhéadfadh an próiseas chun bagáiste a athfháil bheith spéisiúil a dhóthain freisin. “Gan amhras, nuair a aimsítear bagáiste ní mór d’oifigigh seiceáil a dhéanamh ar an inneachar. Ansin dhéanfaí liosta de na rudaí chun iad a dhearbhú lenár gcliaint, agus geallaim é seo duit - tugann roinnt daoine rudaí áirithe suimiúla ar laethanta saoire leo! Fágfaidh mé sin faoi do chumas samhlaíochta”.

Ach dealraítear gurbh é an taobh sóisialta agus draíocht Phrág a chuir leis an eispéireas a bhí ag Benoit thar aon ní eile. “Is áit an-iltíreach é Prág, ach fós tá atmaisféar ceart na meánaoise ann”, a dúirt Benoit go díograiseach. “D’fhéadfá cúinne a chasadh agus tú féin a fháil ar ais san 11ú hAois!”

Agus níor chuir an saol oíche díomá ar aon duine ach oiread - “Gan aon agó téann daoine amach ón Luan go dtí an Domhnach – tá é sin difriúil ón nós sa Fhrainc”. B’fhéidir go gcuirfeadh sé ionadh ar dhaoine nár chuir an méid suntasach de ‘chóisirí na stumpaí’ a théann ar turas go Prág isteach ar ár rianaire bagáiste in aon chor. “Cinnte tá a lán díobh – de réir dealraimh tagann na sluaite díobh go dtí Prág. Ach greann maith ar fad atá ann!”

Ag staidéar i gcomhair a Mháistreachta faoi láthair, níl Benoit cinnte fós cén áit atá i ndán dó sa saol ina dhiaidh seo, ach mothaíonn sé cinnte go rachaidh sé thar lear arís. “Dar liom, d’fhéadfadh an t-eispéireas a bhí agam sa Phrág cabhrú liom – chabhraigh sé liom an samhradh seo caite chun post sealadach i lárionad glaonna a fháil sa Fhrainc, agus feictear dom go seasann sé amach ar mo CV. Ach is cinnte go mbeidh mé ag tabhairt aghaidh ar Phrág arís sa todhchaí – táim chun grúpa de chairde a thabhairt liom don Bhliain Nua agus fiú anois is ar éigean gur féidir liom fanacht”. Agus gan amhras, le héagsúlacht na roghanna trasna na hEorpa, cuireann EURES an túsphointe ceart ar fáil do Benoit chun tosú ag lorg an chéad eachtra eile dó féin.

« Ar Ais