Nuacht ar an tairseach


Rud nádúrtha a dhéanamh: bithinnealtóireacht sa Spáinn

In 2003, agus é 25 bliana d’aois ag an am sin, bhí a chlár Ph.D. sa bhiteicneolaíocht beagnach críochnaithe ag Stephen in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste. Toisc nach raibh an tráchtas Ph.D. ina dhúslán mór go leor dó, chinntigh Stephen go dtapódh sé deis solúbthachta an chúrsa trí dhul ag obair go lánaimseartha agus chun teanga nua a fhoghlaim ag an am céanna. An-chróga ar fad – ach ní raibh sé ina aonar.

Toisc go raibh gaol ag Stephen i gcónaí leis an Spáinn, chláraigh sé le EURES chun post a chuardach sa tír mheánmhuirí sin. ‘Ní raibh tuairim dá laghad agam cá dtosóinn, agus rinne mé taighde ar an idirlíon mar sin. D’fhoghlaim mé faoi EURES go tapa agus chonaic mé cuideachta ar leith gan mhoill, Biosensores, agus bhí speisialtóir sa bhiteicneolaíocht ag teastáil uathu,’ arsa Stephen. Toisc go raibh sé cinnte go raibh na scileanna cearta aige don phost sin, níor chaill sé aon am ag dul i dteagmháil le hIsabel García Hernández, an Comhairleoir EURES a bhí freagrach as, chun a thuilleadh eolais a fháil faoin tairiscint.

‘Bhí Isabel an-chuidiúil le linn an nóis imeachta um an iarratas. I ndiaidh dom dul i dteagmháil léi, chuir sí mo CV chuig Biosensores agus tugadh cuireadh dom teacht chun agallaimh. Thug sí eolas breise dom faoin tairiscint sin. Chomh maith leis sin, thug sí comhairle dom faoi chúrsaí maireachtála agus oibre sa Spáinn agus in Valencia go háirithe, an áit ina bhfuil an chuideachta bunaithe.’

Tá sé tábhachtach bheith feasach go bhféadfadh an saol thar lear bheith níos dúshlánaí – ach níos sásúla sa deireadh thiar thall – ná mar a bheadh turas gearr. ‘Chuir Isabel in iúl dom go soiléir go bhfuil níos mó i gceist leis an Spáinn seachas ceann scríbe saoire, gur gá bheith feasach ar dhifríochtaí cultúrtha. Chabhraigh sí go mór liom chun cinneadh eolasach a dhéanamh maidir leis an aistriú chuig an Spáinn .’

Nuair a tháinig Stephen i dtír sa Spáinn, bhí an dúshlán a bhí uaidh díreach ann roimhe. Tar éis dó sé mhí a chaitheamh ag déanamh staidéir ar an Spáinnis roimhe sin, bhí bunús na teanga aige. Toisc go raibh Spáinnis ag teastáil uaidh dá chuid oibre, áfach, thuig sé go mbeadh air éirí níos líofa sa teanga – agus sin go tapa.

Bhí dúshlán sa taithí phraiticiúil sin den taobh eolaíoch dá chuid oibre chomh maith: chomh maith le hailt eolaíocha a scríobh sa Bhéarla, bhí deis aige páirt a ghlacadh sa bhithinnealtóireacht ardleibhéil, nó mar a deir sé féin: ‘Buíochas le mo Ph.D. is féidir liom a rá go raibh bunús maith agam sa bhiteicneolaíocht, ach ag Biosensores bhí obair an-sofaisticiúil idir lámha againn: mar shampla, ar cheann de na rudaí a rinne muid bhí an modhnú géiniteach de bhaictéir, ionas go mbeadh muid in ann iad a úsáid chun truailliú uisce a bhrath.’

Bhí sé níos déine air a thráchtas a scríobh ná mar a d’fhéadfadh sé bheith siar i mBéal Feirste: mar bhíodh a chomhghleacaithe i gcónaí ag iarraidh air dul amach i gcomhair cúpla ‘cervezas’ ag deireadh an lae oibre, Ba léir do Stephen go mbeadh air a phlean chun a thráchtas a scríobh nuair a bheadh am saor aige a mhodhnú.

De réir mar a d’fhoghlaim Stephen níos mó faoi chultúr na Spáinne, thit sé níos doimhne i ngrá leis an tír agus leis na daoine. ‘Bhí mo chuid comhghleacaithe agus cairde sa Spáinn iontach maith ar fad. Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an gcuireadh sin chuig mo chéad Fallas de Valencia, féile mhór a bhíonn ar siúl in Valencia ar feadh cúpla lá. Ba é an rud ab fhear faoi ná nach raibh mé ann mar thurasóir nach bhfuair ach sracfhéachaint ar an bhféile – bhí lánpháirt agam sa Fallas. Chabhraigh mé le mo chairde an bia traidisiúnta a réiteach agus ghlac mé lánpháirt san fhéile iomlán ó thús go deireadh. Mhothaigh mé cosúil le duine de mhuintir na háite. B’fhiú go mór dom taithí a fháil ar chultúr na Spáinne ina iomláine seachas mé féin a theorannú don léargas a fhaigheann duine mar thurasóir – tá a lán le tairiscint aige i ndáiríre.’

Nuair a tháinig deireadh le seal Stephen ag Biosensores, thaitin a shaol nua chomh mór sin leis gur theastaigh uaidh fanacht sa Spáinn. Bhog sé chuig Toledo lena fhiancé, áit ar thug sé ranganna sa Bhéarla. Sé mhí eile ina dhiaidh sin d’fhill Stephen ar Bhéal Feirste i gcomhluadar a fhiancé agus thóg sé post mar léachtóir i gColáiste Uirbeach Bhéal Feirste.

Fós coimeádtar Stephen, atá 31 d’aois anois, ‘ó chodladh na hoíche ag a bhrionglóid sin faoin bhfilleadh arís’, agus tá sé ag pleanáil a fhilleadh ar an Spáinn le cúpla bliain anois. Le linn dó léachtaí a thabhairt ag an gColáiste Uirbeach i mBéal Feirste, chríochnaigh Stephen a chuid oiliúna chun cáiliú mar mhúinteoir meánscoile. Tá sé cinnte anois gur mhaith leis bheith ina mhúinteoir bitheolaíochta sa Spáinn agus tá sé i dteagmháil arís le hIsabel chun teacht ar phost: ‘Ní féidir liom a rá go fóill cathain a gheobhaidh mé post sa Spáinn, ach táim cinnte nach bhfuil ann ach ceist ama go dtí go mbeidh mé ar ais inti!’

« Ar Ais