Nuacht ar an tairseach


Ag titim i ngrá leis an bhfarraige, na sléibhte agus cultúr na Gréige

Tháinig an Rómánach, Sibel Amet, atá 27 anois, i dtír sa chathair Peilipinéiseach Kalamatá in 2005 mar shaorálaí ar chlár turasóireachta, faoin European Voluntary Service (EVS) [Seirbhís Dheonach na hEorpa], scéim de chuid an Choimisiúin Eorpaigh atá tiomanta chun saorálaithe óga a mheaitseáil le deiseanna taithí oibre thar lear. Toisc go raibh cuid mhaith den Ghréig feicthe aici cheana féin agus go raibh taithí aici ar chláir dheonacha do shaorálaithe sa bhaile, thaitin an deis chun seal a chaitheamh ina cónaí inti go mór léi. “Theastaigh uaim bualadh le daoine nua, an tír a fheiceáil agus saol eile a bhlaiseadh. Ar dtús, ní raibh focal Gréigise agam, ach ní raibh é sin ina bhac orm – thosaigh mé ag foghlaim na teanga díreach nuair a tháinig mé anseo.”

Thit Sibel go tapa i ngrá le Kalamatá: “Chaith na déithe go fial leis na Mícéinigh, ag bronnadh sléibhte agus farraigí orthu!” Nuair a tháinig deireadh lena socrúchán sé mhí i bhFeabhra 2006, bhí sí cinnte gur theastaigh uaithi fanacht sa cheantar, agus thosaigh sí ag cuardach poist. Tar éis taighde a dhéanamh ar an Idirlíon, tháinig sí ar shuíomh gréasáin EURES, agus rinne sí teagmháil go tapa le hoifig áitiúil EURES.

Taobh istigh de dhá sheachtain, bhí a comhairleoirí áitiúla tar éis cabhrú léi teacht ar phost. Chuir an Cumann Lucht Trádála áitiúil in iúl don oifig EURES i Kalamatá go raibh folúntas ag Comhlachas na Mícéine um Fhorbairt agus Fheabhsú (ETAP) do dhuine le scileanna teanga agus a raibh taithí ar thionscadail fhorbartha áitiúla aige nó aici, agus eagraíodh agallamh di go tapa mar sin. D’éirigh go hiontach léi agus fostaíodh Sibel, a bhfuil Béarla, Fraincis, Rómáinis agus anois Gréigis ar a toil aici, díreach ar an toirt.

I Márta 2006, thosaigh Sibel ag obair go páirtaimseartha ar chomhordú na gclár deonach áitiúil a dhíríonn ar thurasóireacht agus ar fhorbairt inbhuanaithe. Is léir gur éirigh go maith léi – ag deireadh na bliana síneadh a conradh agus fostaíodh í go lánaimseartha. Murar leor an méid sin, in Eanáir 2009 laghdaigh sí an méid oibre a bhí idir lámha aici ag ETAP chun tabhairt faoi phost mar chomhordaitheoir imeachtaí páirtaimseartha ag oifig áitiúil de chuid EUROPE Direct, líonra eolais faoin Eoraip, gníomhaireacht a thairgeann faisnéis do shaoránaigh na hEorpa faoi réimse leathan ábhar gaolta leis an Aontas Eorpach. Dar léi, is “deis uathúil” é a sceideal oibre, atá trom agus éagsúil, chun bualadh le daoine ó gach cearn den Eoraip - “bíonn rud nua le foghlaim i gcónaí, agus ní bhíonn sé leadránach in aon chor.”

Anois, taitníonn a saol i Kalamatá go mór le Sibel agus airíonn sí lánpháirteach ann. “Ar dtús bhí sé dian orm mar is pobal beag atá anseo agus bhí bacainn teanga ann.” Diaidh ar ndiaidh rinne sí cairde le muintir óg Kalamatá a raibh seal caite acu thar lear agus a raibh taithí acu ar eachtrannaigh. Leis na cairde nua sin, bhuail sí le daoine eile ón gceantar agus tháinig feabhas ar a cuid Gréigise go tapa. “Anseo, tá aithne ag gach duine ar a chéile – agus anois ormsa chomh maith!”

Mar fhianaise ar an méid sin, tá Sibel ag obair anois mar shaorálaí ag cúpla eagraíocht dheonach eile ag déanamh meantóireachta ar shaorálaithe eile ó thar lear. Tar éis beagnach ceithre bliana anseo, cuimhníonn sí faoin ionadh a bhí uirthi ar dtús maidir leis an ‘ngnás caife’, mar a chaití leath na maidine ag ól caife is ag caint le cairde. Tar éis tamaill, chuaigh gnás sin na halaireá (glac réidh é) i bhfeidhm uirthi, agus féachann sí uirthi féin mar dhuine de mhuintir na dúiche anois.

« Ar Ais