Nuacht ar an tairseach


Le cúnamh mo chairde...

Tá Leva Bite, 27 bliana d’aois, ó Ríge na Laitvia, ag maireachtáil is ag obair i Réicivíc san Íoslainn ó dheireadh mhí Mheán Fómhair 2008. I Ríge, bhí Leva ag obair i ngníomhaireacht fógraíochta ach níor mhothaigh sí socair inti agus theastaigh rud nua uaithi ar bhonn proifisiúnta, pearsanta agus tíre. Tar éis di an smaoineamh a phlé lena páirtí Martins agus a gcara Janis, chinn siad go léir tosú ag lorg post thar lear – le chéile!

“Ní raibh aon tuairim réamhcheaptha againn faoi cá raibh muid chun dul nó cad a bheadh le déanamh againn: bhí muid lán-oscailte ar mholtaí.” Lá amháin, bhí Leva ag caint le roinnt cairde Liotuáineacha a bhí tar éis dul i mbun oibre san Íoslainn agus nuair a d’fhoghlaim siad go raibh Leva ag smaoineamh faoin rud céanna bhí siad tapa len é a mholadh dóibh. “Bhí siad fíor-dhíograiseach faoin Íoslainn agus na féidearthachtaí uile atá san áit, agus chuaigh muid i mbun taighde mar sin.”

Chuir cairde Leva í ar an eolas faoi EURES, a raibh ról rathúil lárnach aige i bpoist a fháil don triúr acu. Roimh sin, níor chuala Leva caint ar bith faoi EURES ach mhínigh a cairde di conas a oibríonn sé agus faoi na seribhísí a thairgtear. “Chabhraigh an t-eolas faoi EURES linn ár mian a aimsiú. Chláraigh muid ar an suíomh gréasáin roimh dúinn an Laitvia a fhágáil agus bhrabhsáil muid na poist a bhí ar fáil i Réicivíc. Ar ár gcéad lá san Íoslainn bhí ár gcéad chruinniú lenár gComhairleoir EURES Ami Stefansson.”

Phléigh Leva agus a cairde a n-ábhair dóchais is a gcuid riachtanas le hAmi agus chabhraigh sé leo chun poist a chuardach. Cé gur chiallaigh an ghéarchéim airgeadais nárbh é a t-am ba thráthúla chun dul ag lorg oibre san Íoslainn, tá an triúr acu ag obair faoi láthair. “Thóg sé mí nó dhó ach tá muid go léir socraithe is ag obair anois.” Tá Martins agus Janis ag obair mar ghlantóirí i spórtlann agus tá Leva ag obair i The Indian Mango, bialann Indiach. “Thug Ami cúnamh thar na bearta dúinn chun obair a fháil agus d’eagraigh sé féin agallamh domsa fiú.”

Tá Leva fíor-shásta lena post: measann sí go bhfuil an bhialann deas compórdach, go bhfuil a comhoibrithe an-chairdiúil agus nach fadhb ar bith í nach labhraíonn sí Íoslainnis toisc gur turasóirí iad cuid mhaith de na cliaint agus toisc go labhraíonn go leor Íoslannaigh Béarla. “Bhí ionadh orm nuair a tháinig muid anseo ar dtús; labhraíonn beagnach gach duine anseo Béarla. D’fhoghlaim muid go léir Béarla go leibhéal measartha ar scoil sa Laitvia agus níl aon bhacainn teanga orainn anseo.”

Ach tá siad tar éis taithí a fháil ar roinnt difríochtaí cultúrtha: “Agus muid ag cuardach post bhí ionadh orainn nár fhreagair daoine ár n-iarratais, nó nár ghlaoigh siad orainn i ndiaidh dóibh sin a gheallúint. D’fhoghlaim muid go tapa go mbeadh orainn féin an glao a chur dá mbeadh freagra uainn.” Seachas é sin, measann siad go bhfuil Réicivíc ina cathair réchúiseach chiúin agus tá siad tar éis go leor cairde nua a dhéanamh, ón Liotuáin agus ón tSualainn don chuid is mó.

Agus an bhfanfaidh siad fada san Íoslainn dar leo? “Níl muid cinnte, tá a fhios againn gur mhaith linn fanacht ar feadh bliana ar a laghad mar tá muid ag baint an-taitneamh as an áit seo, ach ba mhaith linn bogadh chuig áit éigin níos teo ag pointe áirithe – tá sneachta againn anseo ó mhí Dheireadh Fómhair anois! Measaim go bhfuil muid in áit mhaith anseo: tá rudaí nua le foghlaim, agus a lán deiseanna nua anseo dúinn. Tá mé fós ag obair mar shaor-scríbhneoir ar mhaithe le daoine sa Laitvia, agus tá nasc garimiúil agam fós leis an tír mar sin.”

« Ar Ais