Nuacht ar an tairseach


Freagairt mhaith: innealtóireacht cheimiceach san RA

Nuair a chríochnaigh an mac léinn portaingéileach Sonia Martins, 24, a M.Eol. san Innealtóireacht Cheimiceach in Porto, ní raibh sí ró-chinnte faoi cad a dhéanfadh sí, agus, díreach chomh tábhachtach, cá ndéanfadh sí é. Rinne sí cúrsa dhá mhí a bhain lena cuid staidéar san Iorua i Samhradh 2007, agus nuair a bhí na scrúdaithe sin críochnaithe aici smaoinigh sí di féin, “cad faoi dul thar lear arís?”

Ar dtús, dhírigh sí ar an nGearmáin agus an Ísiltír mar theastaigh uaithi féachaint ar na poist a bhí ar fáil sna lárionaid traidisiúnta innealtóireachta sin. Ansin, i bhFeabhra 2008, chonaic sí fógra EURES i nuachtán portaingéileach a bhí dírithe ar innealtóirí ceimiceacha. Níor chuir Sonia aon am amú agus líon sí foirm iarratais isteach chun é a sheoladh díreach ar ais chuig EURES RA. “Bhí sé an-éasca ar fad – níorbh fhada gur chuala mé ó Susan Oyston, mo chomhairleoir EURES san RA, agus í ag lorg mo CV.”

I mBealtaine 2008 tugadh cuireadh do Sonia chun teacht go dtí an RA le haghaidh agallaimh le Doosan Babcock, comhlacht fuinnimh idirnáisiúnta a bhfuil comhoibriú leanúnach ar bun aige le EURES RA: “Bhí sé soiléir gur éirigh go maith liom nuair a fuair mé teachtaireacht an lá ina dhiaidh sin ag lorg mo chuid teastas! Seachtain i ndiaidh é sin fuair mé tairscint poist foirmiúil, rud a ghlac mé ar an toirt.” Bhog Sonia chuig Crawley i ndeisceart Shasna i mí Lúnasa chun tosú ar scéim chéimithe Doosan Babcock. Clár dhá bhliain atá i gceist agus gheobhaidh Sonia taithí oibre i ngach rannóg den chomhlacht lena linn sin. Roghnóidh sí earnáil ar leith ansin le haghaidh a thuilleadh dhá bhliain. “Tá sé ar fheabhas: oibreoidh mé ar raon de thionscadail, ó thaighde go forbairt agus díolacháin agus margaíocht, agus nuair a bheimid ‘ar an láthair’ d’fhéadfaimis bheith in aon áit ar domhain ina bhfuil monarcha againn, ón Afraic Theas go dtí an Bhrasaíl.”

Tá Sonia ag baint an-taitneamh as an saol san RA, buaileann sí lena lán daoine suimiúla ó gach cearn den domhain. “I measc mo chomhchéimithe tá ceathrar eile ón Phortaingéil, agus céimithe eile ó Shasna, Neipeal, ón India agus Iaráin gan trácht ar na daoine eile – agus táim in aontíos le daoine ón Fhrainc agus ón tSiombáib.” Tá Sonia ag blaiseadh bia na háite chomh maith: “Tá iasc le sceallóga ceart go leor, ach ní gach lá!” Murab ionann agus daoine ar fuath leo an aimsir sa Bhreatain, tá ag éirí go han-maith le Sonia. “Tá sé fíor go gcuirean sé báisteach go fíor-mhinic anseo ach is as tuaisceart na Portaingéile mé agus níl an aimsir thall ró-dhifriúil. Tá an costas maireachtála níos airde anseo ná sa bhaile áfach – ach is buntáiste an-mhór í bheith chomh gar sin do Londain agus ní fadhb ró-mhór é an costas maireachtála dá réir sin.”

Go dtí seo, bhí Sonia ag obair is ag measúnú na nósanna agus na gcleachtas a bhaineann le táirgeadh fuinnimh, chomh maith le bheith ag obair sa rannóg díolacháin agus margaíochta, rannóg ina bhfuair sí an-taithí ar straitéis margaíochta an chomhlachta. “Tá a lán rudaí á bhfoghlaim agam agus táim an-sásta go bhfaca mé an fógra EURES sin ar an lá úd. Nílim ró-chinnte faoi láthair cén rannóg eile ar leith arbh fhearr liom taithí a fháil uirthi – i ndáiríre ceapaim go mbeidh sé deacair orm ceann amháin a roghnú. Tá a fhios agam cá mbeidh mé ar feadh na chéad cheithre bliana eile, agus is deas an rud é, buíochas leis na haerlínte ísealchostais, nach bhfuil mo chairde ná mo mhuintir ach eitilt amháin i bhfad uaim.”

« Ar Ais