Nuacht ar an tairseach


Leonardo ag obair sa Spáinn

Nuair a chuaigh Silvio Fugazza, 28 mbliana d’aois, isteach in oifig EURES ina bhaile dúchais i bPavia, san Iodáil don chéad uair, ní raibh tuairim dá laghad aige faoin tionchar a bheadh ag an gcuairt ar a shaol. Mar chéimí Dlí úrnua, thosaigh Silvio ag smaoineamh go dáiríre faoina thodhchaí.  Cé gur thaitin a chuid léinn leis agus cé gur mac léinn maith ba ea é, thuig sé nárbh í an Dlí an tslí bheatha is oiriúnaí dó. Ina ionad, bheartaigh sé dul sa tóir ar a fhíor-dhúil: ag obair san earnáil daonnúil.
 
Tar éis labhairt le Aurora Scalora, an comhairleoir EURES i bPavia, faoina fhíor-uaillmhianta, bheartaigh Silvio go bhféadfadh tionscadal ‘Leonardo da Vinci’ de chuid an AE, ag díriú ar chomhoibriú idirnáisiúnta a bheith díreach mar an rud a bhí á lorg aige. Chuir Aurora é i dteagmháil díreach le heagraí an tionscadail, a thug tuilleadh sonraí dó, lena n-airítear liosta fíor-thábhachtach na gceann scríbe féideartha. Leag Silvio mian a chroí ar an Spáinn, tír a mheall i gcónaí é, cé gur teoranta an eolas a bhí aige ar an tír. Sula d’fhág sé, bhí cúpla lá oiliúna ag Silvio, agus ansin thug sé aghaidh ar Sevilla gan cás ná cathú air.
 
Chomh luath agus a shroich sé an áit, chuir eagraithe ‘Leonardo da Vinci’, chomh maith le comhairleoir EURES i Sevilla, deiseanna éagsúla fostaíochta ina láthair. Mheall intéirneacht le ADIMA (an Andalusian Association for Childhood Defence and Children Abuse Prevention), a chomhoibríonn leis an ospidéal Virgel del Rocio, a chuid airde láithreach bonn. Buíochas leis seo, bhí an deis ag Silvio oibriú i dteagmháil díreach le leanaí in ospidéil, agus d’éirigh leis faoiseamh a raibh géar ghá leis a thabhairt dóibh trí ghníomhú mar dhraíodóir. Bhí a chuid iarrachtaí an-rathúil ar fad: b’aoibhinn le na leanaí a chleasa agus bhí tuilleadh i gcónaí á lorg acu. “Is é an t-eispéireas is fearr atá déanta agam go dtí seo!” arsa Silvio linn. “Ní leor leabhar iomlán chun cur síos a dhéanamh ar na mothúcháin iontacha a bhí agam le linn mo chuid ama ag obair san ospidéal. Bhí mé ag cabhrú le daoine faoi dheireadh agus tharla sé go léir mar thoradh ar EURES agus tionscadal ‘Leonardo da Vinci’.’
 
D’fhreastail Silvio ar ranganna Spáinnise gach lá i rith an chéad mhí dá thuras agus bhí sé in ann an teanga a fhoghlaim an-tapa, buíochas lena chuid idirghabháil laethúil le leanaí. Sholáthar tionscadal ‘Leonardo da Vinci’ é le hárasán i dTriana, comharsanacht an-corraitheach i gcroílár Sevilla, áit a rinne Silvio a lán cairde agus ghlac sé páirt i ranganna rince fiú.
 
Ní haon áibhéil í a rá gur athraigh saol Silvio tar éis a eispéireas cúig mhí i Sevilla. Tar éis dó filleadh ar an Iodáil, bheartaigh sé iarratas a dhéanamh ar chlár Máistreachta i gComhoibriú agus Forbairt Idirnáisiúnta ag an ollscoil cháiliúil, Ollscoil Cattolica, i Milano. “Caithfidh mé buíochas a ghabháil le EURES, agus Bean Uí Scalora ach go háirithe, as ucht an chabhair a thug siad dom chun rud éigin nithiúil a dhéanamh leis na smaointí go léir a bhí im' aigne agam”, arsa Silvio go díograiseach. “Ba mhaith liom leanúint ar aghaidh ag obair le leanaí gátaracha agus tá sé ar intinn agam dul ar ais go EURES le haghaidh tuilleadh deiseanna oibre thar lear chomh luath agus is féidir liom.”
 
Le haghaidh tuilleadh eolais faoi scéim Leonardo da Vinci, féach http://ec.europa.eu/education/programmes/llp/national_en.html 

« Ar Ais