Nuacht ar an tairseach


An Íoslainn – ceann scríbe neamhchoitianta

Tá ceann de na geilleagair is mó fáis san Eoraip ag an Laitvia ach tá an ráta dífhostaíochta fós ard go maith i réigiúin áirithe. Níl sé éasca poist agus oideachas maith a aimsiú lasmuigh de mhórchathracha na tíre. Is mar gheall air sin a d’fhág Vita Strazdinia a baile dúchais agus gan í ach 16 chun traenáil mar mhúinteoir i Riga. Ag smaoineamh siar ar an taithí saoil a fuair sí deir sí; “Tar éis dom bogadh go Riga, thosaigh mé ag staidéar i rith an lae agus ag obair i mbialann san oíche. Bhíodh na laethanta fada agus gan ach ceithre nó cúig huaire an chloig codlata agam gach oíche. D’ainneoin an chruatain ba thaithí saoil dom é, agus airím sách láidir ionam féin anois chun tabhairt faoi rud ar bith."
 
Tar éis di a cuid staidéar a chríochnú, shocraigh Vita dul i dteannta an fhir a raibh sí geallta leis, oibrí tógála as an tSualainn, a bhí ag cur faoi san Íoslainn. Bhí taithí ghairmiúil ag Vita cheana féin sna tíortha Nordacha, de bhrí gur oibrigh sí mar fheighlí leanaí san Iorua, mar sin bhí muinín aici go bhfaigheadh sí post maith san Íoslainn. Chun seansanna a uasmhéadú chun post maith a aimsiú chláraigh sí ar chúrsa teanga san Íoslainnis. 
 
D’ainneoin a díograis, bhí díomá uirthi leis an gcéad phost a bhí aici; “Níor bhain mé sásamh ar bith as a bheith ag obair le comhlacht glantacháin, mar choinnigh an fostóir siar ár gcuid cánacha go léir agus gan cás ná náire air agus níor íoc sé leis an stát iad in aon chor.” Ní bhfuair Vita amach faoi go dtí níos déanaí, nuair a d’iarr sí a kennitala (uimhir aitheantais) ar a fostóir, ós rud é go mbeadh sé mar dhualgas airsean í a chlárú. D’inis sé bréag agus dúirt sé nach raibh sé in ann dul tríd an bpróiseas seo fós. Ach nuair a chuala Vita an leithscéal céanna maidir lena conradh oibre agus duillín pá, tháinig amhras uirthi. Gan aon tacaíocht ó aon duine, chuaigh an Laitviach óg i dteagmháil le hoifig EURES chun comhairle a fháil.
 
Chuir Comhairleoir EURES Valdimar Olafsson an cúnamh riachtanach ar fáil tríd an uimhir aitheantais a bhí ag teastáil go géar uaithi a fháil di agus chuir sé agallamh uirthi láithreach do phost in óstán The Kriunes, a bhí suite gar do Reykjavik. Bhí siad díreach tar éis a rá le EURES gur theastaigh roinnt fáilteoirí agus freastalaithe uathu. Bhí scileanna teanga san Íoslainnis agus taithí ghairmiúil ar an dá phríomhriachtanas don phost, ach mar gheall gur oibrigh sí roimhe sin mar fhreastalaí i Riga agus mar gheall go raibh eolas maith ar Íoslainnis aici, bhí Vita ar dhuine de na hiarrthóirí a roghnaíodh.
 
Deir Vita: “Táim fós sa phost céanna agus táim sásta leis". Tá deacracht fós leis an teanga, agus shocraigh Vita cúrsa teanga a dhéanamh, rud a chuir feabhas mór ar a cuid scileanna teanga agus a chuidigh léi socrú isteach níos fearr i sochaí na hÍoslainne. Réitíonn sí go maith le muintir na háite mar go bhfuil siad cairdiúil le heachtrannaigh agus coinnítear ar an eolas í leis an nuacht is déanaí i gcónaí. “Léim na nuachtáin agus mura dtuigim rud éigin cuirim ceist ar mo chuid comhghleacaithe san óstán. Déanaim iarracht freisin féachaint ar an nuacht, mar bíonn sé níos éasca ansin an comhthéacs a thuiscint."
 
Is féidir le Vita pleananna breise a dhéanamh anois dá saol amach anseo, a bhuíochas sin don tacaíocht a fuair sí ó EURES. “Tá an bheirt againn ag cur airgid i dtaisce chun teach a cheannach i Laitvia. Tá an pá i bhfad níos airde anseo ná mar atá i mo thír dhúchais, ach tá praghas na dtithe níos airde freisin. Ach mar sin féin, faighimid lóistín saor in aisce ón óstán, rud atá ag cuidiú go mór linn airgead a chur i dtaisce. Tá sé ar intinn againn filleadh abhaile faoi cheann dhá bhliain agus ár ngnó féin a bhunú. Beidh sé sin nua againn arís agus dúshlán ag baint leis ar ndóigh! ”

« Ar Ais