Nuacht ar an tairseach


Ag damhsa don saol mór

Aithnítear soghluaisteacht saothair mhéadaithe mhuintir na hEorpa mar fhorbairt an-dearfach – sa mhéid go gcuidíonn sé le féin-leas eacnamúil agus cuidíonn sé chun comhthuiscint a fheabhsú. Bíonn ar roinnt daoine a bhíonn ag cuardach fostaíochta dul thar lear agus gan acu ach fíorbheagán cáilíochtaí agus gan a dturas ullmhaithe i gceart acu agus is i gcásanna mar sin a fhaigheann ‘comhairleoirí’ mímhacánta deis orthu. Déanann cuid de na ‘gníomhaireachtaí earcaíochta’ mar dhea gealltanais do lucht cuardaigh fostaíochta a bhíonn soineanta, agus ansin tógann siad airgead uathu a bhíonn saothraithe go crua acu mar mhalairt ar ‘sheirbhísí’ amhrasacha go leor.

Bhí tús sách duairc le scéal Gunars Peipins, oibrí óg as an Laitvia. Bhí fonn air athrú a chur ar a shaol, agus shocraigh sé post a chuardach sa Ríocht Aontaithe. De bhrí nach raibh móráin eolais aige faoi mhargadh fostaíochta na Breataine, d’íoc sé beagnach €1,000 chun cúnamh a fháil ó ghníomhaireacht earcaíochta ‘gairmiúil’ as an Laitvia. Ach bhí mí-ádh ar Gunars mar ba ghearr go raibh díomá mór air leis an ‘tseirbhís chomhairle’ seo a bhí i bhfad ródhaor.

Chuir Gunars tús lena shaol nua i Londain, ach in áit an post breá a gealladh dó, fuair sé post neamhdhleathach, ar dhrochairgead sa tionscal tógála. Mar bharr ar an mí-ádh, tugadh lóistín dó i ngaráiste beag agus bhí air é sin féin a roinnt le ceathrar eile. Tháinig deireadh tobann agus gránna lena anó nuair a chaill sé a phost agus é amuigh ar na sráideanna gan pingin ina phóca. Fuair sé cúnamh ó dhaoine flaithiúla a casadh air, agus d’fhill sé arís ar an Laitvia.

B’fhéidir go ndéarfá go raibh díchéille ar Gunars fiú amháin smaoineamh ar post a ghlacadh i dtír eile tar éis an méid sin - ach sin é go díreach a rinne sé! Is dócha ar ndóigh go raibh mí-ádh éigin ar an bhfear bocht le cúrsaí oibre, ach thaitin an RA leis agus bhí sé cinnte gur ansin a dhéanfadh sé a shaibhreas lá breá éigin. Rinne sé teagmháil le EURES ag an bpointe sin.

D’inis Gunars a scéal do Zanna Ribakova, Comhairleoir EURES sa Ghníomhaireacht Fostaíochta Stáit i Ríge, agus dúirt sé go raibh fonn air seans eile a thabhairt don tír. D’fhéach Zanna go grinn ar a chuid cáilíochtaí agus thug sí an t-eolas ceart dó faoi bheith ag maireachtáil agus ag obair sa Ríocht Aontaithe. Go gairid ina dhiaidh sin, tháinig post aníos i monarcha éisc san Albain agus bhailigh Gunars leis as an Laitvia den dara huair i Meán Fómhair 2006 chun tús a chur lena phost nua.

Chonaic Zanna é arís i mí Eanáir nuair a thug sé cuairt ar a hoifig in EURES agus d’inis sé scéal di nach raibh aon tsúil aici leis ach scéal a bhí níos sona sásta mar sin féin. Bhí an obair sa mhonarcha éisc sách aisteach agus sách crua, ach ba mhaith leis a bheith fostaithe go dleathach agus ioncam rialta, maith go leor a bheith aige.

Ach ba ghearr go dtiocfadh athrú ar a shaol arís. Lá amháin, i ndiaidh lá crua oibre sa mhonarcha éisc, chuaigh sé amach chuig club le roinnt cairde leis. Níorbh damhsóir gairmiúil é Gunars, ach is dócha go ndeachaigh an bua nádúrtha agus an rithim a bhí aige i gcion ar bhainisteoir an chlub, agus thairg sé post mar bheochantóir sa chlub dó an oíche sin. Bhí ionadh an domhain ar an bhfear óg faoin tairiscint, ach ghlac sé go tapaidh lena phost nua.

Thaitin damhsa le Gunars riamh, agus ó thosaigh sé á dhéanamh go gairmiúil, is breá leis ar fad é. “Táim buíoch do EURES as an tacaíocht agus an gcineáltas a thaispeáin siad dom” a dúirt Gunars le EURES. “Chuidigh siad liom an saol a bhí agam a fhágáil i mo dhiaidh agus táim ag baint sult as mo shaol nua anois.”

« Ar Ais