Nuacht ar an tairseach

Cuidíonn EURES le foireann a earcú do shéasúr gnóthach an gheimhridh san Ostair

Tá réigiún Vorarlberg na hOstaire an-ghnóthach le linn an gheimhridh agus na mílte cuairteoir ag teacht chuig na sléibhte chun sult a bhaint as sneacht agus draíocht na bhfánaí sciála. Mar gheall ar an teacht isteach de thurasóirí, bíonn foireann bhreise ag teastaíl ó óstáin agus bialanna áitiúla – agus tá EURES ann le cuidiú!
 
“Ní mór dár réigiún thart ar 2,000 ball foirne sealadach breise a aimsiú sa gheimhreadh,” a mhíníonn Comhairleoir áitiúil EURES, Dietmar Mueller. “Tugaimid cuidiú earcaíochta i dtaca le héagsúlacht de phoist, lena n-áirítear cailíní seomraí, cócairí, póirtéirí cistine, fáilteoirí agus freastalaithe.”
 
Ag déanamh míorúiltí
Le roinnt blianta anuas, thug Dietmar cuairt ar aonach fostaíochta turasóireachta in Dresden, an Ghearmáin chun tús a chur leis an bpróiseas earcaíochta. An iarraidh seo, thug sé seisear óstlannaithe chuig an aonach leis, imeacht a mheall breis agus 70 cuardaitheoir poist. Fuair gach óstán beirt nó triúr ball foirne, agus i dtaca le hearcaitheoir amháin, chuaigh an t-eispéireas thar a ionchais ar fad.
 
“Bhí duine de na hóstlannaithe ag iarraidh thart ar dheichniúr oibrithe a fhostú do bhialanna éagsúla thuas i mboth sciála,” a mhíníonn Dietmar. “D’fhiafraigh sé díom sular tosaíodh an t-imeacht, cá mhéad iarratasóir a mbeadh suim acu ina thairiscint – D’inis mé dó, de réir m’eispéiris féin, go mbeadh suim ag líon idir duine amháin agus cúigear, b’fhéidir.
 
“Nuair a bhuail me leis ag deireadh an aonaigh fhostaíochta, bhí an-iontas air gur chomhlánaigh sé ocht gconradh fostaíochta! Bhí an-áthas air agus creideann sé gur míorúilt mhór é EURES!”
 
Mar aon lena fhreastal ar an aonach fostaíochta in Dresden, bíonn Dietmar ag amharc ar fud na hEorpa le tuilleadh ball foirne a aimsiú. Don séasúr seo, chuaigh sé chun na Spáinne agus d’earcaigh 45 duine, agus ar thuras chun na Bulgáire, fuair sé 65 oibrí. Ina theannta sin, cuireann an réigiún folúntais ar Thairseach EURES um Shoghluaisteacht um Phost go Chéile. Nuair a fhaigheann Dietmar iarratais, cuireann sé ar aghaidh chuig óstáin agus bialanna iad.
 
“Is é an dúshlán atá ann an fhoireann cheart don phost a fháil i gcónaí – ní mór dóibh siúd a mbíonn teagmháil dhíreach le cuairteoirí acu, amhail freastalaithe agus fáilteoirí, Gearmáinis mhaith a bheith acu,” a deir Dietmar. “Chomh maith le cumas teanga, déanaimid seiceáil chúramach ar eispéireas an chuardaitheora poist – bíonn foireann a bhfuil an-taithí acu de dhíth de ghnáth ag óstáin cúig réálta agus ceithre réalta, ach bíonn gnóthais eile, amhail ‘pensions’ [tithe lóistíní na hOstaire]*, níos solúbtha.”
 
Léigh tuilleadh:
 
Cuardaigh Lá Fostáíochta i bhFéilire Imeachtaí EURES
 
 
 
 
Faigh amach céard is féidir le EURES a dhéanamh d’fhostóirí

Bí le EURES ar Facebook
 
Lean EURES ar Twitter
 
Ceangail le EURES ar LinkedIn
 
Lean EURES ar Google+

« Ar Ais