Nuacht ar an tairseach

Téann fear as an bhFhrainc Soir

Bhí Sébastien Langui, as an bhFrainc, ar thóir oibre agus bhí plean soiléir ina intinn aige faoin áit ar mhaith leis dul:áit ar bith in oirthear na hEorpa!Agus MBA i bhFaisnéis Ghnó bainte amach aige, chuaigh sé chuig EURES agus d’éirigh leis post a fháil i gcuideachta bhiteicneolaíochta san Eastóin.
                       
“Bhí bliain caite agam san Eastóin roimhe sin le mo chéim Mháistir a chríochnú. Thaitin sí go mór liom! Chuir mé eolas ar chultúr agus ar theanga nua, agus rinne mé cairde nua. Chuaigh mé ar ais chun na hEastóine tar éis dom an MBA a bhaint amach chun margadh an tsaothair a fhiosrú, agus chuaigh mé i dteagmháil le Piret Ustav, a bhí ina Chomhairleoir le EURES,” a mhíníonn Sébastien.
 
Ba é sin an chéad chéim in aistear arbh é Solis BioDyne an ceann scríbe. Cuideachta is ea Solis BioDyne in Tartu, an dara cathair is mó san Eastóin. Tar éis dó céim a fháil ó Scoil Ghnó Strasbourg EM ina thír dhúchais, d’oibrigh Sébastien mar anailíseoir creidmheasa. Ach bhí domhan an airgeadais “ar crith” fós tar éis ghéarchéim na bliana 2006 agus bhraith sé gur ghá dó tuilleadh staidéir a dhéanamh athuair. “Roghnaigh mé Faisnéis Ghnó agus rinne mé MBA sa Scoil Eorpach um Fhaisnéis Ghnó agus ISC Páras,” a deir sé.
 
Ag gníomhú ar a thionscnamh féin
 
Bhí Sébastien ag iarraidh conradh poist i ngnó idirnáisiúnta a aimsiú agus, dá bhrí sin, rinne sé coinne le comhairleoir idirnáisiúnta ag Pôle Emploi (seirbhís fostaíochta poiblí na Fraince), a chuir ar aghaidh chuig EURES é. In Iúil 2012, ghlac sé eitilt chun na hEastóine le heolas a chur ar an tír athuair, le roinnt deiseanna oibre a fhiosrú agus le freastal ar agallaimh.
 
“Chuaigh mé i dteagmháil le Piret Ustav tríd an láithreán Gréasáin [EURES]. Is féidir tír a roghnú ar an láithreán agus teagmhálaithe úsáideacha a aimsiú go tapa gan dua ar bith. Cabhraíonn Comhairleoirí EURES le daoine ar mian leo obair a dhéanamh thar lear agus ba cheart níos mó faisnéise a bheith scaipthe faoi sa Fhrainc. Is fiú go mór é,” a dhearbhaíonn sé.
 
Ag an am céanna, fuair sé amach go raibh cuideachta san Eastóin ag súil le cuardaitheoir poist a earcú chun gnó na cuideachta sa mhargadh Fraincise a bhainistiú. D’fhreastail sé ar agallamh agus fuair freagra tamall gairid ina dhiaidh sin. Thairg an chuideachta, Solis BioDyne, post dó agus thug Sébastien freagra ar an tairiscint ar an toirt. “Níor ghá dom aon mhachnamh a dhéanamh agus ghlac mé leis an tairiscint láithreach," a deir sé, agus páirt glactha aige i bpróisis earcaíochta eile le linn na tréimhse seo.
“Tá an t-atmaisféar oibre an-chairdiúil agus, ós rud é go bhfuil foireann idirnáisiúnta ann, is féidir liom Béarla a labhairt le mo chomhghleacaithe,” a deir sé.
 
Go deimhin, ní hé sin an t-aon bhuntáiste amháin a bhaineann le maireachtáil san Eastóin, dar le Sébastien.  Is maith leis go dtugtar spreagadh do dhaoine óga agus go moltar tionscnaíocht an duine aonair. Tá an ardteicneolaíocht go maith chun cinn san Eastóin – tá fáil fhorleathan ar Wi-Fi agus ar 4G – agus is maith leis an aimsir (fiú má bhíonn sé fuar agus ag cur sneachta) agus nósanna cócaireachta na tíre.
 
“Táim anseo le dhá mhí go leith anuas, agus tá ag éirí go measartha maith liom sa saol laethúil. Tá tuiscint níos fearr agam ar an Eastóinis anois ná mar a bhí, glacaim páirt i ngníomhaíochtaí éagsula ar nós rince tíre na hEastóine agus tá cairde agam anseo. Ní bheadh leisce orm moladh do dhaoine teacht chun na hEastóine. Is áit mhaith í chun tús a chur le do shlí bheatha ghairmiúil,” a deir sé go díograiseach.
 
Léigh tuilleadh:
 
 
 
Cuardaigh post i mBunachar Poist EURES
 
Faigh amach céard is féidir le EURES a dhéanamh d’fhostóirí
 
Faigh amach céard is féidir le EURES a dhéanamh d’fhostóirí

Bí le EURES ar Facebook
 
Lean EURES ar Twitter
 
Ceangail le EURES ar LinkedIn
 
Lean EURES ar Google+

 

« Ar Ais