Faigh cúnamh don rannóg seo

Comhpháirtíochtaí trasteorann EURES

Bayern - Tschechien (DE-CZ)

Ainm na comhpháirtíochta trasteorann
Bayern - Tschechien (DE-CZ)
Láithreán Gréasáin
http://www.eures-by-cz.eu
Réigiúin san áireamh

Poblacht Chónaidhme na Gearmáine: Franconia Uachtarach (Oberfranken), An Phalaitíneacht Uachtarach (Oberpfalz), An Bhaváir Íochtarach (Niederbayern)
Poblacht na Seice: Iarthar na Boihéime – Ceantair Pilsen agus Karlsbad

Cuntas gearr

Bunaíodh páirtíocht EURES na Baváire – Poblacht na Seice i nDeireadh Fómhair 2005, agus is í an chéad pháirtíocht í idir Ballstát nua de chuid an AE agus Ballstát seanbhunaithe.
Is iad ceantair Hof, Weiden, Schwandorf, Deggendorf agus Passau faoi Ghníomhaireacht Fostaíochta na Gearmáine agus ceantair (kraje) Plzen agus Karlovy Vary na Seice atá sa pháirtíocht EURES-T idir An Bhaváir agus Poblacht na Seice. Tá timpeall 2.4 milliun duine ina gcónaí sa réigiún seo, a chlúdaíonn 25 000 km² agus le 1.2 milliún duine i bhfostaíocht bhrabúsach. De réir na bhfigiúirí i Meitheamh 2006, thrasnaigh 4 332 comaitéir thar an teorainn gach lá le hobair; thaistil 3 842 Seiceach chun na Gearmáine, agus thrasnaigh 490 Gearmánach isteach go Poblacht na Seice. Is é aidhm na Pairtíochta ná chun soghluaisteacht a mhéadú i réigiún na teorann, chun bua a fháil ar na baic atá ar chúrsaí soghluaisteachta agus chun faisnéis thábhachtach a chur ar fáil maidir le dálaí maireachtála agus oibre. Ba chóir go ndéanfadh sé seo éifeacht aon mhíbhuntáistí na teorann ar an daonra agus ar an gheilleagar a laghdú. Cuimsíonn gníomhaíochtaí na bpáirtithe comhairle agus tacaíocht a thabhairt d’fhostaitheoirí agus d’fhostaithe sa réigiún:

- Tiomsú sonraí inchomparáide staitistice maidir leis an margadh soathair agus an lucht saothair an dá thaobh den teorainn
- Bacanna agus moill a chur de leataobh
- Caidreamh a chothú le fostóirí agus le hábhair fiontraithe i réimsí éagsúla
- Leathnú ar an teacht atá ar sheirbhísí a fhéadann EURES a chur ar fáil
- Eolas faoin margadh saothair an dá thaobh den teorainn a chur ar fáil d’fhostóirí, do lucht cuardaithe poist agus do mhic léinn
- Malartú ar fhógraí folúntais agus cúnamh a chur ar fáil d’aon duine atá ag lorg oibre an taobh thall den teorainn
- Cuidiú le fostóirí atá ag tabhairt faoi earcaíocht thar teorainn isteach
- Eolas agus cúnamh a chur ar fáil d’fhostaithe a mbeadh araíocht gluaisteachta iontu maidir le folúntais poist agus cúinsí maireachtála agus oibre sa réigiún críochantachta.

Comhpháirtithe

Áisíntecht Fheidearálach Fostaíochta na Gearmáine (Bundesagentur für Arbeit (BA)), An Lár-Oifig Socrúcháin (Zentralstelle für Arbeitsvermittlung (ZAV))
Aireacht Saothair agus Gnóthaí Sóisialacha Phoblacht na Seice
Áisínteachtaí Fostaíochta in Hof, Weiden, Schwandorf, Deggendorf agus Passau
Stiúrthóireacht Réigiúnach na Baváire um an Bundesagentur für Arbeit (Regionaldirektion Bayern der Bundesagentur für Arbeit)

An Oifig Fostaíochta in Pilsen
An Oifig Fostaíochta in Karlsbad
Limistéar Réigiúnach na Baváire de Chónaidhm Ceardchumann na Gearmáine (Deutscher Gewerkschaftsbund (DGB) Bezirk Bayern)
Comhdháil Chónaidhmeanna Ceardchumann na Boihéime-na Moráive – Comhairle Réigiúnach Cheantair Pilsen agus Karlsbad Chónaidhmeanna na gCeardchumann

Cumann Lucht Tráchtála Cheantar

Oifig Eolais, Cumarsáide agus Comhairle na Boihéime – na Baváire den DGB e.V. (BoBaKom im DGB e.V. Informations-, Kommunikations- und Beratungsstelle Böhmen-Bayern)
Cumann Lucht Tráchtála agus Tionscail Regensburg (Industrie- und Handelskammer)

Comhordaitheoir 
Petr Arnican
Seoladh: DGB Bezirk Bayern, Abteilung Grenzüberschreitende Beziehungen., Hochstraße 16, DE-92637 Weiden
Teileafón: +49 961 416302-15
Facs: +49 961 416302-22
Seoladh ríomhphoist: petrarnican@seznam.cz