Faigh cúnamh don rannóg seo

Comhpháirtíochtaí trasteorann EURES

EURES – T BESKYDY (CZ-PL-SK)

Ainm na comhpháirtíochta trasteorann
EURES – T BESKYDY (CZ-PL-SK)
Láithreán Gréasáin
http://sk.eures-tbeskydy.eu/
Réigiúin san áireamh
EURES – Clúdaíonn T Beskydy an réigiún Morávach-Siléiseach, Olomouc agus cuid den réigiún Zlin i bPoblacht na Seice, réigiúin Opóil agus Siléiseach sa Phoblainn agus an réigiún Zilina sa tSlóvaic.
Cuntas gearr
EURES - Is comhpháirtíocht trasteorann é T Beskydy a bunaíodh idir 3 bhallstát nua de chuid an AE: Poblacht na Seice, an Pholainn agus an tSlóvaic.
Is iad príomhaidhmeanna na comhpháirtíochta:
• tacaíocht a thabhairt do shoghluaisteacht trasteorann,
• eolas a chur ar fáil faoi dhálaí maireachtála agus oibre,
• eolas a chur ar fáil faoi threochta sa mhargadh oibre sna réigiúin trasteorann,
• malartú folúntas sna réigiúin seo a chur chun cinn,
• eolas a chur ar fáil d’fhiontraithe faoi sheirbhísí EURES/EURES-T (cánachas, córas sóisialta, eacrú fórsa shaothair ón taobh eile, eolas faoin chóras cláraithe – an dóigh le tús a chur le gnólacht ar chúl na teorann srl.),
• monatóireacht ar agus sárú na gconstaicí a bhaineann le soghluaisteacht.
Soghluaisteacht Fostaíochta: téann an príomhshruth den fhórsa saothair i dtreo Phoblacht na Seice. Bhí 8279 oibrí ón tSlóvaic i réigiún teorann Phoblacht na Seice faoin 30 Meitheamh 2007 agus bhí 3856 oibrí ón Pholainn sa réigiún seo.

Shínigh 35 comheagraíochta ó na trí thír comhaontú creatlaí a bhunaigh comhpháirtíocht trasteorann EURES- T Beskydy in Vel’ké Karlovice ar an 12 Nollaig, 2007, ach is amhlaidh gur thosaigh an comhoibriú eatarthu i bhfad roimhe sin. Chomh fada siar le 2002 bhí roinnt cruinnithe ullmhúcháin ann.
Comhpháirtithe
Seirbhísí Fostaíochta Phoiblí
  • An Roinn Oibre agus Gnóthaí Sóisialta Phoblacht na Seice,
  • An Lárionad Oibre, Gnóthaí Sóisialta agus Teaghlaigh sa Bhratasláiv,
  • An Roinn Oibre agus Gnóthaí Sóisialta Phoblacht na Polainne,
  • An Oifig Oibre, Gnóthaí Sóisialta agus Teaghlaigh in Čadca,
  • An Oifig Oibre, Gnóthaí Sóisialta in Námestovo,
  • An Oifig Oibre, Gnóthaí Sóisialta agus Teaghlaigh in Žilina,
  • An Oifig Oibre in Ostrava,
  • An Oifig Oibre in Novy Jičín,
  • An Oifig Oibre in Opava,
  • An Oifig Oibre in Frýdek-Místek,
  • An Oifig Oibre in Vsetín,
  • An Oifig Oibre in Karvina,
  • An Oifig Oibre in Bruntál,
  • An Oifig Oibre in Jeseník,
  • An Oifig Oibre in Šumperk,
  • Féinrialtas Réigiún Śląskie – Oifig Oibre an Réigiúin i Katowice,
  • Féinrialtas Réigiún Opolskie Voivodship – Oifig Oibre an Réigiúin in Opól,
  • Féinrialtas Jastrzębie Zdrój Poviat – Oifig Oibre Poviat in Jastrzębie-Zdrój,
  • Féinrialtas Cheantar Racibórz – Oifig Oibre Cheantair in Racibórz
  • Féinrialtas Cheantar Glubczyce – Oifig Oibre Cheantair in Glubczyce,
  • Méara Chathair Bielsko-Biala – Oifig Oibre Cheantair in Bielsko-Biala,
  • Féinrialtas Cheantar Wodzisław Śląski – Oifig Oibre Cheantair in Wodzisław Śląski,
  • Féinrialtas Cheantar Nysa – Oifig Oibre Cheantair in Nysa,
  • éinrialtas Cheantar Cieszyn – Oifig Oibre Cheantair in Cieszyn,
  • Féinrialtas Cheantar Żywiec – Oifig Oibre Cheantair in Żywiec,
  • Féinrialtas Cheantar Prudnik – Oifig Oibre Cheantair in Prudnik,
Cumainn Fostaithe
  • Asociácia zamestnávateľských zväzov a združení Slovenskej republiky (Cónaidhm Cumann Fostaithe Phoblacht na Seice),
  • Krajská hospodárska komora Moravskoslezského kraja (Cumann Lucht Tráchtála Réigiúnach an Réigiúin Mhorávaigh-Siléisigh),
  • Beskidzka Izba Rzemiosła i Przedsiębiorczości w Bielsku Białej (Cumann Lámhcheardaíochta agus Fiontraíochta Beskid in Bielsko-Biala),
Ceardchumainn
  • Regionálna rada KOZ pre Žilinský samosprávny kraj (Comhairle Réigiúnach KOZ le haghaidh an réigiúin fhéinrialaithigh Zilina),
  • Regionálna rada odborových zväzov ČMKOS Moravskoslezského, Olomouckého a Zlínského kraja, (Comhairlí Réigiúnacha ceardchumann CMKOS de na réigiúin Mhorávacha-Siléiseacha), Olomouniec agus Zlin.
  • Zarząd Regionu Podbeskidzie NSZZ „Solidarność” (Bord Réigiúin Podbeskidzie NSZZ – Ceardchumann Féinrialaitheach Neamhspleách- „Solidarność“),
  • Rada OPZZ Województwa Śląskiego (Comhairle OPZZ – Comhaontú iltíre Ceardchumann – den Réigiún Siléiseach).
Comhpháirtithe Eile
  • Centrum Edukacji i Pracy Mlodzieży OHP w Bielsku Białej ( Lárionad Oideachais agus Oibre na nÓg OHP – Corparáid Dheonach Oibre – in Bielsko-Biala),
  • Zakład Doskonalenia Zawodowego w Katowicach ( An Lárionad um Fhorbairt Gairme in Katowice),
Comhordaitheoir 
Peter Drozd
Seoladh: EURES-T Beskydy, Maticne namestie 1617, SK - 022 01 Cadca
Teileafón: +421 (0)41 244 8100
Seoladh ríomhphoist: eurestbeskydy@gmail.com