Fostóirí

Is fostóir mé Conas a chláraím mar fhostóir i "CV-Ar líne EURES"?

Chun go mbeadh rochtain ceadaithe ag fostóir chuig "CV-Ar líne EURES", caithfidh gnóthas an fhostóra a bheith bunaithe i gceann de 30 ball tíortha Limistéir Eacnamaíochta na hEorpa (LEE) nó san Eilvéis, agus uimhir CBL bailí nó uimhir Cláraithe Náisiúnta a bheith aige. Comh luath agus atá do chlárú tar éis a bheith formheasta, tá rochtain agat ar na seirbhísí a thairgeann EURES chuig fostóirí uile saor in aisce.

Cad is féidir liom a dhéanamh tar éis an clárú i "Mo EURES"?

Chomh luath agus atá tú tar éis clárú i "Mo EURES" beidh rochtain agat ar CV na n-iarrthóirí poist i mbunachar EURES; ina theannta sin, is féidir leat critéir cuardaigh ag comhfhreagairt dod' riachtanais a stóráil, is féidir leat foláirimh r-phoist a fháil chomh luath agus atá iarrthóirí poist ann a chomhlíonann do chritéir agus is féidir leat dul i dteagmháil leo le teachtaireachtaí phearsantaithe go díreach trí EURES.

Conas is féidir liom folúntais poist a fhoilsiú i "EURES - Lorg Post"?

Ba chóir d'fhostóirí gur mian leo folúntas a fhógairt ar EURES na treoracha sa leathanach "Fógraigh post" i rannóg na "bhFostóirí" a leanúint. Éagsúlaíonn na gnáthaimh ó thír amháin go tír eile. Tá "féinseirbhís" ag roinnt tíortha ag ceadú d'fhostóirí a bhfolúntais a fhoilsiú ar líne.  In aon chás, is féidir leat i gcónaí teagmháil a dhéanamh le comhairleoirí EURES agus a gcuid cúnaimh a lorg.

Cé chomh fada a fhanfaidh fógra folúntais i "EURES - Lorg Post"?

Déanann seirbhísí fostaíochta na hEorpa bunachar sonraí "EURES - Lorg Post" a nuashonrú go laethúil, agus ní fhanann fógraí folúntais ar an gcóras ach chomh fada agus atá siad reatha.

An bhfuil tú sásta leis an bhfaisnéis soláthraithe ar an leathanach seo?