EURES & You - 01/2013

Mura féidir leat an nuachtlitir seo a léamh i gceart, cliceáil anseo don leagan ar líne.
EURES & YOU - Your source of news from the EURES network

01 | 2013

Tá an Eoraip ag feitheamh leat!


Tairgeann EURES & YOU sampla míosúil de scéalta atá foilsithe ar Thairseach EURES um Shoghluaisteacht ó Phost go Chéile. Léigh faoin lucht cuardaigh fostaíochta agus faoi fhostóirí atá tar éis leas a bhaint as an soghluaisteacht Eorpach. Cuir tús le do thuras eachtraíochta Eorpaigh inniu!


Conas ullmhú do na ceisteanna agallaimh is coitianta
Conas ullmhú do na ceisteanna agallaimh is coitianta

Fiú i dtaca le cuardaitheoir poist a d’fhreastail ar go leor agallamh le linn a saoil, d’fhéadfadh agallaimh a bheith strusmhar go fóill.Cinntigh go bhfuil uisce ar do mhaidí agat leis na ceisteanna coitianta seo.

Giotár agam, taistealóidh mé
Giotár agam, taistealóidh mé

Nuair a ghlac Rafael Calvo Díaz sos óna phost rialta, níor shamhlaigh sé riamh go gcríochnódh sé suas 2 700 km soir ó thuaidh óna chathair dúchais Gijón, an Spáinn.Inniu múineann sé giotár clasaiceach san Eastóin, a bhuíochas i bpáirt le scileanna seiceála CV de chuid Chomhairleora EURES na hEastóine.

Laethanta Fostaíochta Eorpacha mínithe i ngearrthóg físe
Laethanta Fostaíochta Eorpacha mínithe i ngearrthóg físe

D’óstáil an Bhruiséil, an Bheilg, Lá Fostaíochta Eorpach ar 6 Deireadh Fómhair, ag mealladh scaifte ollmhór de chuardaitheoirí poist, fostóirí agus Comhairleoirí EURES ó gach cearn den Eoraip chuig an imeacht ar an láthair agus ar líne freisin.

Scéal corraitheach
Scéal corraitheach

Ní gach duine a bhíonn ag brionglóid faoi bheith ina n-oibrí soghluaiste.Glacann roinnt daoine an cinneadh bunaithe ar éigeantas, seachas rogha ar stíl mhaireachtála.Is amhlaidh a bhí an scéal le Daniela Tsvetanova, a d’fhág a tír dhúchais, an Bhulgáir, chun aghaidh a thabhairt ar an nGearmáin.Ach, ar an Ghearmáin a bhaint amach di, thug sí faoi deara go bhféadfadh na cnoic i bhfad uainn a bheith glas go deimhin in amanna. 

Míle folúntas le líonadh ag imeacht gnóthach Liospóin
Míle folúntas le líonadh ag imeacht gnóthach Liospóin

Ní hé seo an chéad uair d’oibreoirí Portaingéalacha iarracht a dhéanamh dul sa tóir ar ghairm thar lear.Ach i gcomórtas le himirce neamhrialta na 1960aidí, tá EURES i láthair anois le tús maith a thabhairt d’oibreoirí lena ngairm Eorpach sula dtugann siad faoin mbogadh, ag tabhairt idir fhostóirí agus fhaisnéis soghluaisteachta ríthábhachtach le chéile faoi dhíon amháin:Na Laethanta Fostaíochta Eorpacha i Liospóin.


Is líonra é EURES de Sheirbhísí Fostaíochta Poiblí sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus san Eilvéis a sholáthraíonn seirbhísí meaitseála poist don lucht cuardaigh fostaíochta agus d’fhostóirí. Ar thairseach EURES, tá os cionn 1 000 000 folúntas agus 700 000 CV cláraithe cheana féin.