EURES & You - 12/2012

Mura féidir leat an nuachtlitir seo a léamh i gceart, cliceáil anseo don leagan ar líne.
EURES & YOU - Your source of news from the EURES network

12 | 2012

Tá an Eoraip ag feitheamh leat!


Tairgeann EURES & YOU sampla míosúil de scéalta atá foilsithe ar Thairseach EURES um Shoghluaisteacht ó Phost go Chéile. Léigh faoin lucht cuardaigh fostaíochta agus faoi fhostóirí atá tar éis leas a bhaint as an soghluaisteacht Eorpach. Cuir tús le do thuras eachtraíochta Eorpaigh inniu!


Imeacht “Youth on the Move” sa Spáinn – Cá rachaidh tú an chéad uair eile?
Imeacht “Youth on the Move” sa Spáinn – Cá rachaidh tú an chéad uair eile?

Tá mórán deiseanna ann maireachtáil, oibriú agus staidéar a dhéanamh i dtíortha Eorpacha eile.Ba é seo an phríomhtheachtaireacht ag imeacht in Zaragoza, an Spáinn, a bhí dírithe ar shoghluaisteacht na n-óg san Eoraip a chur chun cinn.

Rathúlacht cruthaithe ag“Do Chéad Phost EURES [Your first EURES job]”
Rathúlacht cruthaithe ag“Do Chéad Phost EURES [Your first EURES job]”

D’éirigh le cuardaitheoir poist ámharach Sualannach post a aimsiú le cuideachta Shualannach atá lonnaithe in Barcelona, an Spáinn.

Gníomhaíochtaí ar cheart do chuardaitheoirí poist a dhéanamh sna deirí seachtaine
Gníomhaíochtaí ar cheart do chuardaitheoirí poist a dhéanamh sna deirí seachtaine

Is ionann an deireadh seachtaine agus am chun suaimhneas a ghlacadh agus athmheasúnú a dhéanamh.Mar sin féin, tá a fhios ag roinnt cuardaitheoirí poist gur mór an difríocht a dhéanann beagán ullmhúcháin thar an deireadh seachtaine.Mar sin, má tá post á lorg agat faoi láthair, ba cheart roinnt ama a ghlacadh an deireadh seachtaine seo chun tús a chur le do chuardach fostaíochta.

Cabhraíonn EURES le McDonald’s earcaithe a aimsiú sa Bhulgáir
Cabhraíonn EURES le McDonald’s earcaithe a aimsiú sa Bhulgáir

Agus aghaidh á thabhairt ar ghanntanas oibreoirí, chuaigh sreang bhialainne mhearbhia bhurgar McDonald’s sa Ghearmáin níos faide ná teorainneacha náisiúnta lena bhfolúntais a líonadh.

Meallann Aonach Fostaíochta na Rómáine 1 500 céimí
Meallann Aonach Fostaíochta na Rómáine 1 500 céimí

Bhí an-rath ag baint leis an gcéad Aonach Fostaíochta dá leithéid a tionóladh in Prahova, an Rómáin – agus breis is 1 500 cuardaitheoir poist agus 40 fostóir ag freastal ar an imeacht in Ploiesti.


Is líonra é EURES de Sheirbhísí Fostaíochta Poiblí sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus san Eilvéis a sholáthraíonn seirbhísí meaitseála poist don lucht cuardaigh fostaíochta agus d’fhostóirí. Ar thairseach EURES, tá os cionn 1 000 000 folúntas agus 700 000 CV cláraithe cheana féin.

 

An bhfuil cabhair ag teastáil uait?  
An bhfuil cabhair ag teastáil uait?