chevron-down chevron-left chevron-right chevron-up home circle comment double-caret-left double-caret-right like like2 twitter epale-arrow-up text-bubble cloud stop caret-down caret-up caret-left caret-right file-text

EPALE

ríomhArdán d’Fhoghlaim Aosach san Eoraip

 
 

Mar gheall ar EPALE

Pobal ballraíochta oscailte ilteangach Eorpach is ea EPALE, pobal gairmithe foghlama aosaí, lena n-áirítear oideoirí agus oiliúnaithe aosta, foireann treorach agus tacaíochta, taighdeoirí agus lucht acadaimh, agus lucht déanta beartais.

 

Clár Erasmus+ is ea a mhaoiníonn EPALE. Is cuid de straitéis an Aontais Eorpaigh é deiseanna foghlama níos fearr agus níos iomadúla a chur chun cinn do chách.

Déanann EPALE amhlaidh trí na gairmeacha foghlama aosaí a thacú agus a neartú. Cumasaíonn sé dá bhaill teagmháil a dhéanamh le comhghleacaithe ar fud na hEorpa agus foghlaim uathu, trína bhlag agus a uirlis chuardaigh comhpháirtithe, a chomhlánaítear le cruinnithe san fhíorshaol.

Soláthraíonn EPALE raidhse eolais chruinn ar ardchaighdeán, eolas atá bainteach le cleachtóirí foghlama aosaí. Le himeacht aimsire, ba chóir go mbeadh níos mó den eolas seo á chur ar fáil ag na baill féin. Foghlaim tuilleadh faoin tslí le dul i mbun caidrimh le pobal EPALE.

Tá beartas láidir eagarthóireachta ag EPALE, a dhíríonn ar an bpobal foghlama aosaí. Ba mhaith linn go mbraithfeadh gach úsáideoir go bhfuil fáilte rompu ar an suíomh seo, agus gur féidir leo muinín a bheith acu as an eolas a chuirtear i láthair ar an ardán seo. Léigh ár ráiteas beartais eagarthóireachta iomlán (PDF, 305 KB).

Ar bhonn laethúil, tá EPALE faoi bhainistiú ag Foireann Tacaíochta Lárnach le cabhair ó 38 cinn d’Fhoirne Tacaíochta Náisiúnta  ar fud na hEorpa. Geallaimid páirt a thabhairt duit i ngach cuid d’fhorbairt EPALE, ionas go gcomhlíonfaidh sé dá bhfuil tú ag súil leis agus go dtabharfaidh sé duit gach a mbeidh uait chun bheith ar an eolas faoi fhorbairtí san fhoghlaim aosach ar fud na hEorpa.

Téigh isteach anois le bheith páirteach sa phobal foghlama aosaí is mó san Eoraip!

Maoinítear EPALE faoi Chlár Erasmus+ tríd an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an AS Oideachais agus Cultúir ag eac-epale@ec.europa.eu nó tríd an bpost:

AS Oideachais agus Cultúir an Choimisiúin Eorpaigh
Aonad B2 - Scoileanna agus oidí; ilteangachas
J-70, 04/197
B-1049 An Bhruiséil/An Bheilg

Tabhair do d’aire le do thoil: Ní fhormhuiníonn an Coimisiún Eorpach na scéalta nuachta, tuairimí agus acmhainní a fhoilsítear ar shuíomh EPALE.