Uirlisí inrochtaineachta
Uirlisí seirbhíse
Teanga
Cosán nascleanúna
Fáilte chuig an gcluiche Seán, an Chaor Gheal, a mhúinfidh dúinn conas todhchaí níos glaine, níos folláine, níos 'inbhuanaithe' a chruthú dár gcathracha agus don phláinéad!
Sa chluiche, caithfidh tú cúnamh a thabhairt chun cathair níos éiceabháiche a thógáil do na hainmhithe atá ar strae sa Mhórchathair, ag déanamh cinnte go mbeidh siad go léir sásta trí mhonatóireacht a dhéanamh ar acmhainní, bia, fuinneamh, iompar agus saincheisteanna dúlra.
Bain triail as do chathair féin a thógáil ar feadh deich lá fad is a bheidh an feirmeoir as baile! Agus, má cheapann tú go bhfuil tú sách báúil don chomhshaol, bain triail as misin Sheáin! Déan iarracht fadhb a réiteach trí threoir a thabhairt do Sheán agus a thréad agus do chathair a thabhairt slán.
Tá an cluiche seo, a dhear an fhoireann Sustainable Learning sa Ríocht Aontaithe agus a chruthaigh Aardman, saor in aisce le himirt agus tugann sé dúshlán do dhaoine óga a gcathair inbhuanaithe féin a thógáil trí chothromaíocht a bhaint amach idir cúig théama: bia, dúlra, fuinneamh, iompar agus acmhainní, agus tugtar spreagadh do leanaí smaoineamh faoi cheisteanna glasa.
Tá an cluiche aistrithe i ngach teanga AE agus forbartha i leaganacha an 28 mBallstát ag an gCoimisiún Eorpach mar chuid dá gcuid oibre chun cathracha atá níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil agus a nDámhachtain do Phríomhchathair Ghlas na hEorpa a chur chun cinn.
D'fhorbair Sustainable Learning roinnt acmhainní teagaisc freisin timpeall ar an gcluiche seo chun cabhrú leat foghlaim conas Seán Tíosach (Sustainable Shaun) a imirt le do rang. Tá na hacmhainní sin ar fáil i mBéarla, agus ina measc tá pleananna ceachta, cártaí pictiúrtha, fadhbanna sonracha le réiteach agus neart eile. Tá córas ann fiú ar ar féidir leat logáil isteach ionas gur féidir le rang a gcluiche a imirt ar scoil, a suíomh a shábháil, agus ansin leanúint leis an gcluiche sa bhaile ar aon fhearas eile.