Cén fáth atá gá le dlí nua?
Conas a dhéanann lománaíocht neamhdhleathach díobháil?
Lománaíocht neamhdhleathach– is é sin, adhmad a bhaint ar shlí a sháraíonn dlíthe agus rialacháin na tíre ina mbaintear é – bíonn iarmhairtí tromchúiseacha eacnamaíochta, comhshaoil agus sóisialta aici ar chuid de na foraoiseacha is luachmhaire ar domhan atá fágtha againn agus ar na pobail atá ag brath orthu.
-
Cúrsaí Eacnamaíochta
Bíonn cailliúint ioncaim mar thoradh uirthi agus cuireann sí isteach ar obair na n-oibreoirí dlisteanacha.
-
Comhshaol
Tá ceangal idir í agus dífhoraoisiú, athrú aeráide agus cailliúint na bithéagsúlachta.
-
Cúrsaí Sóisialta
Déantar ceangal idir í agus coimhlintí maidir le talamh agus acmhainní agus díchumhachtú pobal áitiúil.
Cén fáth nach mór don Aontas Eorpach dul i mbun gnímh?
Is margadh onnmhairithe tábhachtach é an AE do mhórán tíortha ina bhfuil lománaíocht neamhdhleathach ar siúl go forleathan. Má dhéanaimid neamhaird de beimid ag airgeadú coireanna foraoiseachta agus cuirimid bac le hiarrachtaí chun an dlí a chur i bhfeidhm i gcuid de na tíortha is boichte ar domhan a tháirgeann adhmad.
Cad atá á dhéanamh ag an AE?
Sa bhliain 2003 d’fhorbair an AE an Plean Gníomhaíochta FLEGT (Forfheidhmiú an Dlí,Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí). Sa Phlean seo foráiltear roinnt bearta chun adhmad neamhdhleathach a eisiamh ó na margaí, chun feabhas a chur ar sholáthar adhmaid dhleathaigh agus chun éileamh ar tháirgí adhmaid ó fhoinsí dleathacha a chur chun cinn.
Is iad an dá phríomhghné den bPlean Gníomhaíochta iad Rialachán Adhmaidan AE mar aon le Comhaontuithe Deonacha Comhpháirtíochta, is é sin, comhaontuithe trádála a dhéantar le tíortha a onnmhairíonn adhmad chun cosc a chur le hadhmad neamhdhleathach a bheith á chur ar mhargadh na hEorpa.
Glactar le hadhmad agus le táirgí adhmaid a bhfuil ceadúnas bailí FLEGT (Forfheidhmiú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí) nó cead bailí CITES (Coinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis i mbaol) acu martháirgí a chomhlíonann riachtanais an Rialachán Adhmaid (EUTR).
Reachtaíocht thánaisteach
Tá dhá mhír reachtaíochta eile a chomhlánaíonn an Rialachán Adhmaid (EUTR). Mínítear sainghnéithe den dlí níos mionchruinne iontu:
- Rialachán maidir le rialacha chun aitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí monatóireachta nó chun aitheantas a bhaint díobh:
Rialachán tarmligthe ón gCoimisiún (AE) Uimh. 363/2012 - Rialachán chun a áirithiú go gcuirfear an dlí i bhfeidhm go haonfhoirmeach:
Rialachán Cur chun Feidhme ón gCoimisiún (AE) Uimh. 607/2012
