Cé leis a mbaineann an reachtaíocht?
De réir an Rialacháin tá dhá chatagóir daoine a thrádálann adhmad agus táirgí adhmaid: – oibreoirí agus trádálaithe. Tá formhór na freagrachta ar na hoibreoirí – orthu siúd a chuireann táirgí adhmaid ar mhargadh an AE den chéad uair. Maidir leis na trádálaithe, is é sin, iad siúd a cheannaíonn nó a dhíolann adhmad nó táirgí adhmaid, is orthu atá d’fhreagracht cuntas a choinneáil ar na daoine a gceannaíonn siad na táirgí uathu agus a ndíolann siad leo iad.
Cad iad na freagrachtaí atá ortsa?
Oibreoirí
Cuireann tú adhmad nó táirgí adhmaid ar mhargadh an AE den chéad uair.
Tá d’fhreagracht ort
‘dícheallacht chuí’ a chleachtadh agus adhmad á chur ar mhargadh an AE agat. Is ortsa atá sé na rioscaí a laghdú an oiread agus is féidir go dtagann an t-adhmad as foinsí neamhdhleathacha nó go bhfuil na táirgí déanta as a leithéid d’adhmad. Ciallaíonn sé seo go gcaithfidh tú córas bainistiú riosca a chur i bhfeidhm dá ngairtear ‘córas dícheallachta cuí’ agus atá bunaithe ar:
Eolas: Ní mór don oibreoir teacht a bheith aige ar eolas ina dtugtar cur-síos ar an adhmad agus na táirgí adhmaid, an tír a bhainte (nó, má bhaineann, an réigiún fo-náisiúnta agus an deonaíocht), ar speicis, ar chainníocht, sonraí an tsoláthraí chomh maith le heolas maidir le comhlíonadh na reachtaíochta náisiúnta.
Measúnú riosca:Ba chóir don oibreoir measúnú a dhéanamh ar an riosca go bhfuil adhmad neamhdhleathach sa tslabhra soláthair, de réir an eolais thuas, agus na critéir riosca atá leagtha amach sa Rialachán Adhmaid (EUTR) a thabhairt san áireamh.
Maolú riosca: Más léir ón measúnú nach riosca diomaibhseach é an riosca go bhféadfadh adhmad neamhdhleathach a bheith sa tslabhra soláthair, is féidir an riosca seo a mhaolú trí bhreis bearta a ghlacadh, mar shampla, tuilleadh eolais agus fíorú a lorg ón soláthraí.
Chun tuilleadh eolas a fháil faoi dhícheallacht chuí féach ar ‘ Conas a chuirtear an reachtaíocht i bhfeidhm? ’
Trádálaithe
Bíonn adhmad nó táirgí adhmaid á ndíol nó á gceannach agat atá curtha ar mhargadh an AE cheana féin chun críocha tráchtála.
Tá d’fhreagracht ort
eolas a choinneáil ar do chuid soláthraithe agus custaiméirí chun gur féidir an t-adhmad ina mbíonn tú ag trádáil a rianú siar go héasca.
Ba chóir an t-eolas seo a choinneáil go ceann cúig bliana.
Ní bhíonn an t-eolas seo ag teastáil ach amháin go dtí an pointe díolacháin deiridh idir gnóthais. Ní gá aon eolas a choinneáil maidir le díolachán le tomhaltóirí deiridh.
Conas a chleachtfaidh oibreoirí dícheallacht chuí?
Féadann oibreoirí a gcórais dícheallachta cuí féin a fhorbairt. Is é atá i gceist ná roinnt bearta agus nósanna imeachta a laghdóidh an riosca go héifeachtach. Mar mhalairt air seo féadann siad úsáid a bhaint as córas atá forbartha ag eagraíocht mhonatóireachta. Eagraíochtaí monatóireachta in aice leat.
Tá tuilleadh eolais ar dhícheallacht chuí ar fáil faoi ‘Conas a chuirtear an reachtaíocht i bhfeidhm?’ nó féach ar an Doiciméad treorach
(100 KB)
mionsonraithe.
Nach bhfuil tú cinnte fós an oibreoir nó an trádálaí tú?
Léigh na cásanna seo thíos chun treoir a fháil
Cás 1
Ceannaíonn déantúsóir C páipéar i dtríú tír lasmuigh den AE agus allmhairíonn sé isteach san AE(i dtír ar bith) é, áit a mbaineann sé/sí úsáid as an bpáipéar chun leabhair chleachtaidh a dhéanamh. Díolann sé/sí na leabhair chleachtaidh ansin le miondíoltóir D i mballstát ar bith den AE. Mar seo déantar táirge de na leabhair chleachtaidh atá clúdaithe ag Iarscríbhinn le Rialachán Adhmaid an AE:
- Déantar oibreoir de dhéantúsóir C nuair a allmhairíonn sé /sí an páipéar le haghaidh a úsáide ina g(h)nó féin.
Cás 2
Baineann cuideachta X adhmad ar a talamh féin atá suite san AE agus iompraíonn sí é agus déanann é a phróiseáil ina muileann sáibh féin. Díolann sí bogadhmad gearrtha ansin le cuideachta Y:
- Déantar oibreoir de chuideachta X nuair a bhaineann sí a cuid adhmaid féin chun é a dháileadh trína gnó féin.
Cás 3
Allmhairíonn déantúsóir C atá lonnaithe san AE páipéar ceirde brataithe go díreach ó dhéantúsóir i dtríú tír agus baineann sé úsáid as chun táirgí a phacáistiú a dhíoltar ar mhargadh an AE ansin:
- Déantar oibreoir de dhéantúsóir C nuair a allmhairíonn sé/sí an páipéar ceirde isteach san AE chun é a úsáid i ngnó. (Tabhair do d’aire nach ndéanann sé aon difríochtsa chás seo nach mbaintear úsáid as an bpáipéar ach amháin mar phacáistiú de bharr go n-allmhairítear é mar tháirge ann féin).
Tá tuilleadh cásanna ar fáil sa Doiciméad Treorach
(100 KB)
.
